DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
díriú (mar ghunna) ar mharc; marc a bhualadh; ionsaí; teacht ar rud a bhí á lorg
tor glas deilgneach a dtagann bláth buí air
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
ainmhí (ar nós frog nó rón) a dtig leis maireachtáil ar uisce agus ar talamh
mír cheisteach roimh bhriathar (an dtagann faitíos ort? an ólfaidh sé é? an suífeá síos?)
struchtúr fisiciúil coirp; staidéar ar an struchtúr seo tar éis an corp a ghearradh suas ina chodanna ar leith
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
toiliú, bheith ar aon intinn, teacht nó cur le chéile, réiteach
tar éis bailiú a bheith déanta air; bruite, dóite (de rud)
ceartú, tabhairt chun cruinnis; ceartú thar mar is gá (ná bí i gcónaí ag beachtú orm)
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
rud deas daite a fhásann ar phlanda (agus a dtagann toradh nó pór as); barr áilleachta (bláth na hóige); rathúnas (go gcuire Dia bláth ort)
ball troscáin a bhfuil clár leathan air agus cosa faoi, a úsáidtear le haghaidh béilí nó oibre nó imeartha; bia boird; taobh, imeall (bord na farraige); taobh báid nó loinge (teacht le bord, thar bord); clár loinge, deic (dul ar bord)
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
planda bleibíneach a dtagann cloigíní de bhláthanna cumhra air san earrach
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
aolchloch bhog bhán a úsáidtear chun scríobh ar chlár dubh; cré chailce; marc cailce, teorainn (dul thar cailc le rud)
(t céill in abairtí áirithe) meabhair, réasún, tuiscint don mhaith is don olc (ná caill do chiall); gnáthstaid aigne (ar meisce nó ar a chiall); tuiscint cheart (ó tháinig ciall dó); éirim (ciall do ghreann, don léann); brí (sa chiall atá leis an bhfocal); cúis, réasún (cad is ciall leis sin?)
daoine beo den chineál céanna, a tháinig ón sinsear céanna, ar aon dath craicinn nó tréithe etc., le chéile; muintir, sloinne
clúimhín gorm nó liath a thagann ar bhia stálaithe; caonach liath, snas liath
bioranna oighir ar crochadh tar éis oighear a dhéanamh d'uisce silteach
rinn claímh; féasóg a fhásann ar dhias eorna; buile, fearg (tháinig colg air)
moladh nó cúnamh i bhfocail a thugtar do dhuine nuair nach bhfuil a fhios aige cad is ceart dó a dhéanamh (glac mo chomhairle); treoir, tionchar (fanacht ar chomhairle d'athar); gasra a thagann le chéile chun ceisteanna a phlé agus socruithe a dhéanamh (comhairle baile, comhairle cathrach)
solad atá ciorclach as a bhun agus a thagann go dtí pointe ag a bharr; aon rud ar dhéanamh cóin
fíoch feirge; craos, cíocras (confadh ocrais, confadh chun feola); drochghalar inchinne a thagann ar mhadraí agus ar ainmhithe eile agus a thig leis an duine a thógáil uathu má bhaineann siad greim as
crapadh pianmhar ar na matáin, tar éis straidhn a bheith orthu go mór mór
miotal geal gléigeal nach dtagann smál ná meirg go héasca air
miotal geal gléigeal nach dtagann smál ná meirg go réidh air
meath ar sholas an lae, teacht na hoíche
tomhas fí focal le leideanna chun teacht ar fhocail a luífeadh isteach i spásanna i gcearnóg
gairm ar dhuine chun do thí, chun cruinnithe etc. (tháinig sé gan chuireadh gan iarraidh)
gleann atá ard ar a dhá thaobh; an áit a dtagann dhá shruth uisce le chéile
acht, coinníoll; súil, seans (tháinig mé ar chuntar go mbeifeá istigh; ní rachainn i gcuntar leis)
caitheamh (chuir sé isteach a théarma); lorg (cur isteach ar phost); teacht salach ar (ná bí ag cur isteach orm)
ainmhí (ar nós frog nó crogall) a dtig leis maireachtáil in uisce agus ar talamh
galar fiabhrais lena dtagann cloig thochais ar an aghaidh agus ar an gcorp
faoi choinne, i gcoinne, ag triall ar (tá sé ag teacht faoi mo dhéin)
taobh thiar de (ag siúl i mo dhiaidh); tar éis (i ndiaidh a sé a chlog); ar thóir (tá sé i ndiaidh an airgid orm)
leá, scaipeadh (tháinig díleá orthu); leá bia sa ghoile le go bhféadfadh an corp fuinneamh a bhaint as
leacht géar a thagann as an ae sa chorp agus a chuidíonn le díleá; deoch a mbeadh blas géar uirthi; cantal, cancar
tor deilgneach a dtagann bláth bán roimh an duilliúr air chomh maith le hairní; cuma cholgach; drogall
an ealaín nó an chumhacht a deirtear a thugann torthaí iontacha le cabhair ó fhórsaí an nádúir nó ó neacha neamhshaolta; aon tionchar gan mhíniú as a dtagann torthaí iontacha; aoibhneas, taitneamh (ceol a chuirfeadh draíocht ort); geasa (cibé draíocht a d'imir sí air)
bóthar nó rud mar é thar abhainn nó thar bhóthar eile; stáitse an chaptaein ar long; an chuid chnámhach den tsrón
ceann de na cnámha cuara a thagann ón gcnámh droma thart ar dhá thaobh an bhrollaigh mar chliabh cosanta; ceann de na lataí adhmaid i gcabhail báid
i ndiaidh (tar éis a naoi, tar éis imeacht dó); cé, bíodh, go (tar éis gur crosadh air é)
galar tógálach a thagann ar na scamhóga go háirithe
duine a dhéanann gnó (díol nó ceannach) thar ceann duine eile; ceann de dhá uimhir nó breis a mbíonn toradh áirithe orthu nuair a mhéadaítear faoina chéile iad (Is fachtóirí de 8 na huimhreacha 2 agus 4)
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)