Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: de · di · dice · dide · diet
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh die »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
die1, s. I (pl. dice) Dísle m imeartha. Cast of the die, urchar dísle. The die is cast, tá na díslí caite, tá an crann curtha. To cast the dice, na díslí a chaitheamh. II   die(pl. dies). 1 Arch: Stéchloch f. 2 Minting: Metalw: Dísle m.
die2, v.i. 1 Éagaim, séalaím, faighim bás, básaím, cailltear mé; (of animals and jokingly of pers.) stiúgann. To be dying, bheith ag fáil, ag saothrú, báis. To die of hunger, bás a fháil den ocras. To die a natural death, bás le hadhairt a fháil. He died before his time, fuair sé bás go hóg, ba gearr a mhair sé. He died a martyr to the cause, thug sé a anam ar son na cúise. They died like heroes, thiteadar mar a dhéanfadh laochra. He died by his own hand, thug sé anbhás dó féin. To die by inches, bás a fháil go mall righin. They died hard, throideadar go bás. This superstition will die hard, is fada go gcuirfear cúl ar an bpiseog seo. Never say die! beidh lá eile ag an bPaorach! 2 I nearly died of laughing, bhí mé ag cur m'anama amach ag gáire. I am dying with sleep, táim marbh leis an gcodladh. I nearly died with the fright, is beag nár thit an t-anam asam leis an scanradh. To be dying to do sth., bheith ar bís chun rud a dhéanamh. 3 His fortune dies with him, caillfear a ollmhaitheas nuair a gheobhaidh sé bás. His secret died with him, thug sé an rún san uaigh leis. His heart died within him, rinneadh cnap luaidhe dá chroí.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am afraid he will die, is eagal liom go bhfuil an bás aige.
He died an awful death, is coscrach an bás a fuair sé.
There was once a king whose wife died, bhí rí agus cailleadh a bhean.
I will die before I yield, b'fhearr liom mo bhás ná géilleadh.
He died broken-hearted, fuair sé bás de bhriseadh croí.
The die is cast, tá an crann caite.
He died for his country, fuair sé bás ar son a thíre,
To die a violent death, anbhás a fháil.
That is where he was destined to die, ansin a bhí fód a bháis.
To dice away a fortune, na táinte a chaitheamh le himirt.
The sound died away, chuaigh an torann as, i léig, diaidh ar ndiaidh.
To die in a ditch, bás a fháil cois an chlaí.
In a dying voice, de ghlór an bháis.
The dead and the dying, na mairbh agus na heasláin.
Prayers for the dying, paidreacha ar son na ndaoine atá ag fáil bháis.
To my dying day, go lá mo bháis, go dté mé i dtalamh.
Dying words, briathra deireanacha.
To die early, bás a fháil go hóg, roimh aois.
He exclaimed that he would rather die, dúirt sé de bheoghuth go mb'fhearr leis a bhás.
He died of exposure, cailleadh amuigh é le fuacht.
He died in the faith, fuair sé bás umhal, ola agus aithrí.
To die of famine, bás a fháil den ghorta.
The place where he was fated to die, fód a bháis.
I'd die first, is túisce a mharóinn mé féin, níor mheasa liom mo bhás (ná sin).
They died like flies, fuaireadar bás ina mílte.
But for her I should have died, murach í, bhíos caillte.
To die from hunger, bás a fháil le hocras, den ocras.
To gamble on a throw of dice, cur ar chaitheamh an dísle.
He died game, d'éag sé go misniúil.
She died of grief, fuair sí bás de chumha.
Happily, he did not die, go hádhúil le Dia ní bhfuair sé bás.
To die in harness, bás a fháil ar an stiúir.
He died of a broken heart, briseadh croí a thug a bhás.
To die like a hero, bás laoich a fháil.
They died in hundreds, in hundreds of thousands, fuair siad bás ina gcéadta, ina gcéadta míle.
They died in hundreds, fuair siad bás ina gcéadta.
To die intestate, bás a fháil gan tiomna a dhéanamh.
He died without issue, ní raibh sliocht ar bith air.
To split, die, with laughter, bheith in arraingeacha ag gáire.
I nearly died with laughter, dóbair nár thit an t-anam asam leis an ngáire.
I would liefer have died, b'fhearr liom mo bhás.
A: He is like to die, is cosúil, is dealraitheach, go gcaillfear é.
Loaded dice, díslí calaoiseacha.
It will be a long time before the agitation dies down, is fada go gciúnóidh an racán.
He died long since, long ago, is fadó a fuair sé bás.
If we are marked to die, más é an bás atá daite dúinn; má tá an bás i ndán dúinn.
To die naturally, bás le hadhairt a fháil.
Numbers of people died of it, is iomaí duine a cailleadh leis.
He died in the odour of sanctity, fuair sé bás naofa.
To die of hunger, bás a fháil den ocras.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht