TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
past1 . 1 a. a Caite, thart. Those days are past, tá an t-am sin thart. His day is past, tá a sheal tugtha. In times past, san am a chuaigh thart; san am fadó, b Gram: Past tense, an aimsir chaite. c The past few years, na blianta deireanacha seo. For the past few years, le blianta beaga anuas. For some time past, le tamall anuas; anois le tamall. 2 s. a In the past, san am a chuaigh thart. Honesty is a thing of the past, d'imigh an lá a raibh daoine ionraice ann. b Town with a past, baile stairiúil.
past2 . 1 prep. a Taobh thall de, lastall de. A little past the bridge, giota beag taobh thall den droichead. b Thar; pronominal forms: tharam, tharat, thairis m, thairsti f; tharainn, tharaibh, tharstu. I walked past him, shiúil mé thairis. c Thar, os cionn. He is passed fifty, tá sé thar an leathchéad. A quarter past four, ceathrú i ndiaidh, tar éis, a ceathair. d It is past all understanding, níl tuiscint air; tá sé ó thuiscint. Past endurance, dofhulaingthe. That is past all belief, tá sin dochreidte ar fad. He is past his work, tá a chuid oibre déanta. He is past caring for it, d'imigh an lá a raibh toil aige dó. F: I wouldn't put it past him, ní chuirfinn thairis é. S.a. PRAY 1. 2 adv. To walk, to go, past, siúl thar bráid, imeacht thart.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
At half-past two in the afternoon, leathuair tar éis a dó tráthnóna.
He is past middle age, tá cnagaois aige.
He brushed past me, sciurd sé tharam.
Past definite, an aimsir chaite chinnte.
To dip into the past, taighde a dhéanamh ar an tseanaimsir.
In the distant past, na cianta cairbreacha ó shin.
They filed past the coffin, ghabh siad thar an gcónra ina nduine is ina nduine.
He flashed past, scinn sé thart.
To get away from the past, cúl a thabhairt leis an saol atá thart.
To glide past, éalú thart.
The years glide past, éalaíonn na blianta thart gan aireachtáil.
We won't go back to the past, an saol atá imithe, fágaimis marbh é.
It is half past two, tá sé leathuair i ndiaidh a dó.
It is past all hope, tá sé thar taomadh.
In the past, san am atá caite.
Gram: Past indefinite, aimsir chaite éiginnte.
For a long time past he had been contemplating this step, le fada roimhe sin bhí sé ag cuimhneamh ar an méid sin a dhéanamh.
To look back upon the past, súil a chaitheamh ar an saol atá imithe.
Can you come at six? Make it half-past, an mbeidh tú in ann teacht ag a sé? abair leathuair tar éis a sé.
March past, máirseáil thar bráid.
F: One with a murky past, duine a bhfuil saol amhrastúil caite aige.
He is past praying for, níl slánú i ndán dó.
She is past her prime, tá a bláth curtha aici.
To probe into the past, taighde a dhéanamh ar an seansaol.
A quarter to six, past six, ceathrú go dtí a sé, tar éis a sé.
Beyond (all) question, past question, gan aon agó.
To rake up the past, seanchairteacha a tharraingt anuas.
Decision past recall, breith nach féidir dul siar uirthi.
Legends that recall the past, finscéalta a thugann ar ais an seansaol i do chuimhne.
Past reclaim, beyond reclaim, imithe ó leigheas, ó leasú.
To alter sth. beyond, past, recognition, rud a chur glan ó aithne.
His past record, a stairíocht go dtí seo.
To be past recovery, bheith ó leigheas.
Crime past redemption, coir f nach féidir a leigheas.
Injury beyond redress, past redress, díobháil gan leigheas.
Relics of the past, iarsmaí mpl ón seansaol.
It is past remedy, níl sé inleigheasta, tá sé thar taomadh.
Beyond retrieval, past retrieval, ó leigheas, thar taomadh.
The dog shot past us, scinn an madra tharainn.
He thrust past me, bhrúigh sé tharam.
We haven't seen him for a long time past, is fada anois ó chonaiceamar, nach bhfacamar, é.
For some time past, le tamall anuas.
If I could undo the past, dá mbeadh breith ar m'aithreachas agam.
For a long while past, le tamall maith anuas.
It whisked past, scinn sé thart ar nós na gaoithe.
The bullet whistled past his ear, chuaigh an piléar ag feadaíl amach thar a chluais.
The motor cycle whizzed past us, chuaigh an gluaisrothar tharainn ar nós na gaoithe.
He has wiped out his past, tá leorghníomh déanta ina chionta aige.
(Of car) To zip past, scinneadh thart.