TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
state1, s. 1 a Bail f, riocht m(g. reachta), staid f. In a good state, i riocht maith. In the same state, ar an gcóir chéanna. Here's a nice, a pretty, state of things, anois atá an bhail orainn. It is a sad state of affairs, is bocht an cás é. F: What a state you are in! an bhail atá ort! b In a state of rest, gan chor; faoi chónaí. In his state of health, agus an tsláinte mar tá aige. In a savage state, i bhfiántas. The married state, staid f an phósta. The single state, aontumha f. State of mind, meon m, intinn f. F: In a great state, suaite, trína chéile. 2 a Céim f, gradam m. Befitting his state, ag cur lena chéimíocht. b Galántacht f, poimp f, mustar m. To keep great state, to live in state, do shaol a chaitheamh faoi phoimp agus faoi mhórtas. To travel in state, taisteal go tóstalach. We dined in state, chaitheamar béile go nósúil. (Of body) To lie in state, bheith os cionn cláir (go poiblí). Robes of state, éide m poimp. c State reception, fáilte oifigiúil. 3 Eastát m. Fr.Hist: The States General, na hEastáit Ghinearálta. 4 a (An) Stát m. Church and State, An Eaglais agus an Stát. Affairs of State, gnóthaí Stáit. Secretary of State, rúnaí m Stáit. b Tír f, stát m, náisiún m. Every state was represented, bhí teachtaí as gach aon tír ann. The United States of America, Stáit Aontaithe Mheiriceá.
state2, v.tr. 1 a Luaim, dearbhaím, deirim, cuirim in iúl. This condition was expressly stated, luadh an coinníoll sin go cinnte. Please state below . . ., luaigh thíos le do thoil ... As stated above, mar atá ráite thuas. It should also be stated that . . ., ba chóir a rá freisin go . . . I have stated my opinion, thug mé mo bharúil cheana. He states positively that he heard it, deir sé go cinnte gur chuala sé é. He is stated to have been there, tá ráite go raibh sé ann. I have seen it stated that. . ., léigh mé in áit éigin go . . . b Sonraím. Jur: To state a case, cás a shonrú. By way of case stated, i bhfoirm cháis shonraithe. F: To state the case, an scéal a mhíniú. c Cuirim (ceist). 2 Socraím, ainmním (lá).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: Under the aegis of the State, faoi choimirce f an Stáit.
It's a sad state of affairs, is bocht an scéal é.
An awkward state, dóigh mhíshásta.
The Balkan States, Na Stáit Bhalcánacha.
Buffer state, stát m eadránach.
Captive state, braighdeanas m.
Cares of State, cúramaí mpl Stáit.
To state the case, an cás a shonrú.
F: The country is in a state of chaos, tá an tír ina cíor thuathail, ina bhrachán.
The coffers of State, an ciste poiblí, an státchiste m.
It is in a state of commotion, tá sé ina rachlas, ina chíor thuathail.
He is in a critical state, tá sé idir dhá cheann na meá.
It is in a state of decay, tá sé imithe chun raice.
I am directed by the Minister to state . . ., tá ordú agam ón Aire a rá ...
To divorce Church from State, an Eaglais a scaradh ón Stát.
He turned state evidence, d'iompaigh sé ina fhinné stáit (agus chruthaigh in aghaidh a chomrádaithe).
To be in a state of exhaustion, bheith tugtha, tnáite.
The whole town was in a state of ferment, bhí coipeadh ar mhuintir an bhaile go léir.
The town was in a state of fermentation, bhí muintir an bhaile uile an-chorraithe.
To be in a state of flux, bheith ar féithbhogadh.
State of grace, staid na ngrást.
He received a state grant, fuair sé deontas ón stát.
This state grew out of a few small towns, ní raibh sa stát seo ach roinnt bheag mionbhailte i dtosach.
The state is heading for ruin, tá an stát ar bhealach a aimhleasa.
F: The helm of the state, stiúradh na tíre.
In a state of hopelessness, ó dhóchas, ó leigheas.
At the hour stated, ag an am atá luaite.
The ideal state, an sárstát.
In a state of indecision, idir comhairlí.
To reduce sth. to a liquid state, leacht a dhéanamh de rud.
Mandatory states, stáit faoi shainordú.
These states became merged in the empire, rinneadh cuid den impireacht de na stáit seo.
He is not in a state of mind to do it, (i) ní féidir leis é a dhéanamh anois agus a intinn mar atá; (ii) níl fonn a dhéanta air.
In the natural state, sa staid nádúrtha; mar atá sa nádúr.
To be in a state of nerves, bheith faoi chearthaigh; bheith ar bior, ar tinneall.
Except where otherwise stated . . ., ach an áit a ndeirtear a athrach sin . . .
Parent state (of colonies), máthairthír f.
It is in a state of good preservation, in a good state of preservation, tá bail mhaith, caoi mhaith, air.
Iron: This is a pretty state of affairs! nach deas an chaoi é seo!
I state the fact with regret, agus ní le fonn adeirim é; agus is oth liom a bheith le rá agam.
In the rough state, neamhchóirithe.
Attrib.Satellite state, fostát m, stát m spleách.
Self-governing state, stát a bhfuil a rialú ar a láimh féin.
The state obtained self-government, bhain an stát amach ceart rialtais dó féin.
He returned to a state of soberness, chuir sé an mheisce de.
State socialism, sóisialachas stáit.
On stated days, ar laethanta ainmnithe.
It is subsidized by the state, tá cabhair airgid aige ón stát.
It has been truly stated that..., dúradh, agus is fíor é, go...