TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
stone1, s. 1 Cloch f. a Pebble stone, púróg f, méaróg f. Flat stone, leac f. Standing stone, gallán m. He left no stone unturned to do it, thriail sé dóigh agus andóigh lena dhéanamh. To throw, cast, stones, at s.o., (i) clocha a chaitheamh, a raideadh, le duine; (ii) bheith ag tromaíocht ar dhuine. To throw stones at a bird, éan a chrústáil. Stone's throw, urchar m cloiche. Within a stone's throw, faoi urchar cloiche. b Const: etc: Cloch. Not to leave a stone standing, gan cloch a fhágáil ar mhuin cloiche. c Imposing stone, leac shuite. d Honing stone, rabún m, cloch fhaobhair. 2 Precious stones, clocha luachmhara. 3 (Building material) Cloch f. Broken stone, clocha fpl briste. Stone wall, balla cloiche. 4 Med: Cloch f púróg f (duáin). 5 a Cloch, croí m (silín, etc.). b Hail-stone, cloch shneachta. 6 Meas: Cloch (mheáchain). He weighs twelve stones, tá sé dhá chloch dhéag. 7 Attrib. Stone jug, crúiscín m cruachria.
stone2, v.tr. 1 To stone s.o., clocha a chaitheamh le duine. duine a bhualadh le clocha. To stone s.o. to death, bás a imirt ar dhuine le clocha. 2 To stone fruit, na clocha a bhaint as torthaí. 3 Cuirim éadan cloch ar (theach); pábhálaim (sráid, etc.) le clocha. 4 Cuirim clocha ar (bhóthar).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Archeol: The stone age, an chlochaois.
To aim a stone at s.o., cloch a chaitheamh le duine.
Artificial stone, cloch thacair.
I banged his head on a stone, bhuail mé a chloigeann faoi chloch.
He is six feet in height, twenty years of age, twelve stone weight, tá sé sé throigh ar airde, fiche bliain d'aois, dhá chloch dhéag (meáchain).
Prov: One can't get blood out of a stone, is doiligh olann a bhaint de ghabhar.
Cobble(-stone), duirleog f, cloch dhuirlinge.
Curb(-stone), ciumhais chloiche, ciumhais (cosáin).
He struck, killed, him stone dead, leag sé mín marbh é.
Extraction of a stone from a quarry, baint cloiche as coiréal.
He fell over the stone, leag an chloch é.
She felt her feet to be stone cold, mhothaigh sí a cosa chomh fuar le leac oighir.
The horses' hooves struck fire from the stones, bhain cruite na gcapall tine chreasa as na clocha.
To fire a stone at s.o., cloch a chaitheamh, a radadh, le duine.
To lay the foundation-stone, an chloch bhoinn a chur, a leagan.
House fronted with stone, teach a bhfuil éadan cloiche air.
Stone fruit, toradh cloch.
He gathered all his strength to raise the stone, chuir sé a neart ar fad leis an gcloch á tógáil.
Prov: People who live in glass houses should not throw stones, (i) achasán na hóinsí don amaid; (ii) cibé atá saor caitheadh sé cloch.
To grout (in) stones, leachtmhoirtéal a chur le clocha.
To throw a stone hard, cloch a chaitheamh le teannadh.
He has a heart of stone, tá a chroí siúd chomh crua le cloch ghlas.
To hew a stone, cloch a shnoí, a chóiriú.
Jagged stone, cloch spiacánach.
To kill two birds with one stone, an dá chúram a dhéanamh in éineacht.
Ledger(-stone), leac f uaighe.
Lucky stone, clochín sonais.
Wall of stone, balla m cloiche.
Crústálaim To pelt s.o. with stones, clocha a radadh, a chaitheamh, le duine.
The philosopher's stone, an órchloch.
F: The stone came full pitch at my head, buaileadh an chloch cruinn díreach isteach sa chloigeann orm.
Precious stones, liaga fpl lómhara.
Stone that projects from the wall, cloch atá ag gobadh amach ón mballa.
Pumice(-stone), bláthliag f, slíogart m.
He rides twelve stone, dhá chloch dhéag a mheáchan sa diallait.
A rolling stone gathers no moss, ní bhíonn siúlach sách.
F: He is a rolling stone, ruagaire m reatha é.
Rubble(-stones). Spallaí mpl.
To sculpture a statue out of stone, dealbh a ghearradh as an gcloch.
F: Shower of stones, cith cloch.
To shy a stone at s.o., cloch a chaitheamh le duine.
To shy stones at birds, éin a chrústáil.
Standing stone, gallán m, cloch f seasaimh.
F: A stepping-stone to a better position, cos f i dtaca ar bhealach do leasa.
Stepping stones, clochán m, cora f.
Stone-wall countenance, gnúis dhúnta.
Within a stone's throw, i bhfoisceacht urchar méaróige.
To tilt stones out of a cart, clocha a scaoileadh amach taobh thiar as carr.
The top stones, na clocha cinn.