ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
To make acquaintances, aithne a fháil ar dhaoine.
To gain the advantage over s.o., buntáiste a fháil ar dhuine.
Capital that can be made available, caipiteal is féidir a chur ar fáil.
To get the better of s.o., (i) an ceann is fearr a fháil ar dhuine; (ii) (cheat) cleas a imirt ar dhuine, dul i mbarr ruda ar dhuine.
To break down all opposition, bua a fháil ar gach rud dá bhfuil sa bhealach.
(Of money) It carries interest, tá gaimbín le fáil air.
F: To touch the right chord, an t-áth a fháil ar dhuine; lag a bhaint (as duine).
The money at my command, an t-airgead a bhfuil fáil agam air.
To cope with a difficulty, an ceann is fearr, an lámh in uachtar, a fháil ar dheacracht.
To make a corner in wheat, monaplacht a fháil ar an gcruithneacht.
Prayers for the dying, paidreacha ar son na ndaoine atá ag fáil bháis.
In existence, ann, ar fáil.
John expects help from you, tá Seán ag brath ar chabhair a fháil uait.
Still extant, a mhaireann fós, ar fáil fós.
To find fault with s.o., duine a lochtú, locht a fháil ar dhuine.
On this subject there are already several books in the field, tá a lán leabhar ar an ábhar seo le fáil cheana féin.
I was trying to fight off a cold, bhí mé ag iarraidh gan ligean don slaghdán greim a fháil orm.
He is not to be found, níl aon fháil air.
To find the money for an undertaking, airgead a sholáthar, a chur ar fáil, do ghnó (áirithe).
Abs.To find out about sth., eolas a fháil i dtaobh ruda, eolas a chur ar rud.
To fly at s.o.'s throat, greim m scornaí a fháil ar dhuine; dul sa scornach i nduine de phreab.
He is beginning to feel his feet, tá sé ag fáil aithne air féin.
To be forthcoming, a bheith ar fáil.
I will see what I can get for it, fanfaidh mé go bhfeicfidh mé cad a bheidh le fáil agam air.
To get a fine view of sth., radharc maith a fháil ar rud.
To get a word in, caoi a fháil ar fhocal a rá, focal a chur isteach.
My hat has gone, níl aon fháil ar mo hata.
To get a grip on sth., greim a fháil ar rud.
He grumbles about the food, bíonn sé ag fáil cámais ar an mbia.
Your parcel has come to hand, tá do bheartán ar fáil.
To happen upon sth., teacht ar rud, rud a fháil de thaisme.
To die in harness, bás a fháil ar an stiúir.
There was no work to be had, ní raibh obair ar bith le fáil.
I can't make head or tail of it, níl bun ná barr le fáil agam air.
To regain health, an tsláinte a fháil ar ais.
I must have it here and now, caithfidh mé a fháil ar an bpointe boise.
To gain a firm hold over s.o., an lámh uachtair a fháil ar dhuine.
To get information about sth., eolas a chur ar rud, a fháil faoi rud.
To get an insight into sth., léargas a fháil ar rud.
To get to know sth., eolas a fháil, a chur, ar rud.
To get to know of sth., eolas a fháil, a chur, ar rud.
To get knowledge of sth., eolas a fháil, a chur, ar rud.
To learn sth. about s.o., rud a fháil amach mar gheall ar dhuine.
To take a new lease of a house, léas nua a fháil ar theach.
F: It cannot be had for love or money, níl sé le fáil ar ór ná ar airgead, ar mhámh ná ar dhrámh.
To make an opportunity for s.o. to do sth., caoi a sholáthar, a chur ar fáil, do dhuine le rud a dhéanamh.
To find a market for sth., ceannach a fháil ar rud.
There is no train, so we must needs walk, níl traein ar bith le fáil, mar sin de, níl leigheas air ach é a shiúl.
To find, make, an objection to sth., locht a fháil ar rud.