ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: To bell the cat, dul sa bhearna bhaoil.
To bring s.o. into danger, duine a chur i mbaol.
F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh).
You won't catch me doing that again! beag an baol orm é sin a dhéanamh arís!
He is in danger, tá sé i mbaol.
That rock is a danger to navigation, is baol do loingeas an charraig sin.
Rail: The signal is at danger, tá an comhartha ag fógairt baoil.
F: Nothing doing! baol orm! gread leat!
A drowning man, fear a bheadh á bhá, i mbaol báite.
F: No fear! beag an baol!
F: Never (you) fear! don't you fear!, beag an baol! ná bíodh eagla ort!
It was a formidable array of men, ba thrúig baoil an tionól sin fear.
Courage fortified against dangers, misneach a neartaíodh in aghaidh an bhaoil.
No go! fastaím! baol mór (orm, etc.)!
To guard s.o. from, against, a danger, duine a chaomhnú, a chosaint, ar bhaol.
Out of harm’s way, as baol; ar láimh shábháilte.
I'll take jolly good care not to go, deirimse leatsa nach rachad, ní baol go rachad.
Not if I know it! baol orm! ar ór na cruinne!
Car liable to overturn, gluaisteán ar baol go n-iompóidh sé.
Goods liable to go bad, earraí ar baol go lobhfaidh siad.
Will you be there to-morrow? Not on your life! an mbeidh tú ansin amárach? Ní bheidh ná baol orm! baol mór orm!
F: He saw the red light, chonaic sé an baol ag bagairt.
To make light of dangers, bheith i neamhspéis gach baoil; bheith beag beann ar gach baol.
P: Not likely! ná baol air!
(In hospital) To be on the danger list, bheith i mbaol báis.
The incident did not lose in the telling, murar cuireadh leis an scéal ní baol gur baineadh uaidh.
She is not nearly so old as you, níl sí baol ar chomh sean leatsa.
Intentions of no honourable kind, rún nach bhfuil baol ar a bheith macánta.
Are you going to tell him? -- Not I! an bhfuil tú ag braith ar a insint dó? -- Baol orm!
It was nothing (like) so wonderful as he imagined, ní raibh sé baol ar chomh hiontach agus a shamhlaigh sé.
He is nowhere near as tall as you, níl sé baol ar chomh hard leat; níl sé in aon ghiorracht dá bheith chomh hard leat.
Out of danger, as baol, as contúirt.
In peril of your life, i gcontúirt, i mbaol, d'anama.
To be proof against danger, against disease, bheith slán ar bhaol, ar aicíd.
There is no question of his returning so soon, níl baol ar bith go dtiocfaidh sé ar ais chomh luath sin.
F: To risk one's own skin, do cheann féin a chur i mbaol.
To risk defeat, dul i mbaol do bhuailte.
To be on the safe side, fanacht amach ón mbaol.
Now we can feel secure, níl aon bhaol anois orainn.
In security, sábháilte, ó bhaol.
He is sure to come, níl baol ar bith nach dtiocfaidh sé.
He attacked him in an unguarded moment, fuair sé lom, baol, air.
To give warning of danger to s.o., rabhadh ar bhaol a thabhairt do dhuine.