ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The actual position of affairs, an chaoi atá ar na gnóthaí faoi láthair.
He was quite apologetic about it, is é an chaoi ar ghabh sé leithscéal mar gheall air.
How did you arrive at that? cén chaoi a ndearna tú é sin amach?
How are you? cén chaoi a bhfuil tú?
How is your cold?, cén chaoi a bhfuil tú ón slaghdán?
How could I but laugh? cén chaoi a bhféadfainn gan gáire?
In any case, ar aon chaoi, ar aon chuma.
It comes to this, that..., seo é an chaoi a bhfuil sé, go...
If it comes to that . . ., más sin é an chaoi a mbeidh sé . . .; má théann sé sa dóigh sin de ...
How do you do? conas taoi? cén chaoi a bhfuil tú? cad é mar atá tú?
To entrap s.o. into doing sth., duine a sháinniú sa chaoi go gcaithfeadh sé rud a dhéanamh.
At all events, ar aon tslí, ar chaoi ar bith.
He found himself in a false position, sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin.
How is your family? cén chaoi bhfuil do chúram?
After a fashion, ar chaoi éigin, go cuíosach.
Things are not going well, tá droch-chaoi ar an scéal.
How did the races go off? cén chaoi ar imigh na rásaí?
Look how he holds the bow, féach an dóigh, an chaoi, a mbeireann sé ar an mbogha.
How could you do it? cén chaoi a bhfuair tú ionat féin a dhéanamh!
Insomuch that . . ., sa chaoi go . . ., i gcruth go...
To prove sth. irrefutably, rud a chruthú sa chaoi nach bhféadfaí a bhréagnú.
Badly kept road, bóthar a bhfuil droch-chaoi air.
To lament (for, over) sth., s.o., rud, duine, a chaoineadh, a chaoi.
She is well, badly, left, fágadh caoi ar fónamh, droch-chaoi, uirthi.
I was trying to make myself heard, bhí mé ag iarraidh labhairt sa chaoi go gcloisfí mé.
In such a manner that . . ., sa chaoi go . . .
Pleased to meet you, cén chaoi bhfuil tú?
When the opportunity occurs, offers, nuair a thiocfas an fhaill, an deis, an chaoi.
chun go . . ., sa chruth go . . ., sa chaoi go. . .
How are all your people? cén chaoi bhfuil do mhuintir? cad é an rath atá ar do bhunadh?
The way he poises his head, an chaoi a n-iompraíonn sé a cheann.
Iron: This is a pretty state of affairs! nach deas an chaoi é seo!
How shall we proceed? cén chaoi a rachaimid ina cheann?
How is the business progressing? cén chaoi a bhfuil an gnó ag dul chun cinn?
The proper way to do it, an chaoi cheart lena dhéanamh.
He acted under provocation, is é an chaoi ar baineadh as é.
I don't know how to put it, níl a fhios agam cén chaoi a ndéarfaidh mé é.
The manner in which he reacted to the news, an chaoi a ndeachaigh an scéala i bhfeidhm air.
I don't know how to set about it, níl a fhios agam cén chaoi le dul ina cheann; ní fheadar conas cur chuige.
He stepped aside so that I might enter, dhruid sé i leataobh sa chruth go, i dtreo go, sa chaoi go, bhféadfainn dul isteach.
Things are going badly, tá droch-chaoi ar na gnóthaí.
I got it through her, is é an chaoi ar chabhraigh sise liom lena fháil.
His usage of me, an chaoi ar chaith sé liomsa.
He set his wits to work to escape, chuaigh sé i gceann staidéir féachaint cén chaoi a n-éalódh sé.
In other words, lena rá ar chaoi eile.
He is in a worse way than you, is measa an chaoi atá airsean ná ortsa.
How is it written? cén chaoi a scríobhtar é?