Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cáir · céir · cuirb · cuirc · cuire
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é cuir de: cur »
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is abhorrent to, from, the constitution, níl sé ag cur leis an mbunreacht.
I can't abide him, ní féidir liom a sheasamh, cur suas leis.
He went a long way about, chuir sé timpeall mór air féin.
Nau: Ready about! réidh lena cur thart!
Statement in accordance with truth, caint ag cur leis an bhfírinne.
It makes my head ache, cuireann sé tinneas cinn orm.
He was only acting a part, ní raibh ina ghnóthaí ach cur i gcéill.
F: It is mere acting, níl ann ach cur i gcéill.
He brought the law into action, chuir sé an dlí ar siúl.
He was put out of action, cuireadh ó mhaith é; cuireadh as comhrac é.
He adapted his language to the occasion, chuir sé a chuid cainte leis an ócáid.
Adapted to sth., ag cur le rud, oiriúnach do rud.
Keep on adding to it, bí ag cur ina cheann.
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
I adjure thee, (i) cuirim faoi bhrí na mionn thú; (ii) impím ort.
I adjure thee by the living God, cuirim ort as ucht Dé.
He turned it to advantage, chuir sé chun sochair dó féin é.
He affects to be an artist, cuireann sé i gcéill gur ealaíontóir é.
He affects the high-brow, cuireann sé i gcéill gur duine intleachtach atá ann.
I was very much affected by it, chuir sé as dom go mór.
This rumour set the country aflame, chuir an scéal reatha seo an tír trí thine.
The blow made his ears ring again, chuir an buille gliogar ina chluasa.
The weather is against us, tá an aimsir ag cur orainn.
Aggravating language, caint a chuirfeadh fearg ar dhuine, a chuirfeadh duine thar bharr a chéille.
(Usu. passive)He was aggrieved, cuireadh míshásamh m, buairt f, air.
I set him all agog, chuir mé fuadar faoi; F: chuir mé an tine ar an bpíopa aige.
He gives himself, puts on, airs, bíonn éirí in airde ag cur as dó.
Helm alee! cuir chun na gaoithe í!
He was burned, buried, alive, dódh, cuireadh, beo beathach é.
For all I care, ar scáth a gcuireann sé de bhuaireamh ormsa.
He staked his all, chuir sé a raibh ar an saol aige i ngeall (air).
Alleged reason (for it), an fáth a cuireadh, a tugadh, leis.
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
Allotment of money for a purpose, cur airgid i leataobh le rud a chur i gcrích.
F: Nothing happened to alloy our happiness, níor tharla rud ar bith a chuirfeadh smúit ar ár sonas.
That alters the case, cuireann sin dreach eile ar an scéal; sin scéal eile.
He altered the story, chuir sé cor sa scéal.
I was amused at it, chuir sé fonn gáire orm.
Anchored net, eangach atá curtha.
He answers to that description, tá an chosúlacht sin ag cur leis.
It is raining like anything, tá sé ag cur mar a bheadh an díle ann.
If he has in anywise offended you, má chuir sé fearg ort ar dhóigh ar bith.
He was greeted with applause, tógadh gáir mholta (nuair a tháinig sé), cuireadh na gártha fáilte roimhe.
F: I upset his apple-cart, chuir mé a phlean síos is suas.
From the application of the poultice to the boil, ó chuirtear an ceirín leis an neascóid.
For external application, le cur ar an gcneas.
To make approaches to s.o., cur chun tosaigh ar dhuine.
Words appropriate to the subject, caint atá (a bhí, etc.) ag cur leis an ábhar.
The cat arched its back, chuir an cat cruit air féin.
She took my arm, chuir sí lámh i m'ascaill.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht