ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
A is to B as C is to D, tá an cóimheas céanna idir A agus B agus atá idir C agus D.
I’d never connect them with that sort of work, ní shamhlóinn a leithéid sin d'obair leo go brách.
D'you mind? an miste leat?
I'd die first, is túisce a mharóinn mé féin, níor mheasa liom mo bhás (ná sin).
F: You'd better keep friends with them, is é do leas fanacht istigh leo.
F: Here's a (pretty) how-d'ye-do, anois atá an tine ar an sop; anois atá an scéal ina phraiseach!
For two pins I'd box his ears, is beag a thabharfadh orm cluaisín a thabhairt dó.
I would rather not, I'd rather not, ní hé ab fhearr liom.
You'd better look slick about it, cuir bealadh faoi d'ioscaidí.
I’d stake my life on it, chuirfinn mo cheann i ngeall air.
Who'd have thought it! cé shílfeadh é!
F: How d’ye do? conas tá tú?
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
When I opened the door a man jumped in, nuair a d'oscail mé an doras léim an fear isteach.
He abased himself, d'ísligh sé é féin.
To accede to a request, géilleadh d'iarratas.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
With one accord, d'aon aontú, d'aon gháir f.
In accordance with your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
The walking has made my bones ache, d'fhág an siúl mo chnámha síos liom; tá mé stromptha de bharr an tsiúil.
He acknowledged having done it, d'admhaigh sé go ndearna sé é.
He acknowledged himself beaten, d'admhaigh sé go raibh sé buailte.
Fenc: He acknowledged a hit, d'fhógair sé go bhfuair sé buille.
(Passive use) His debts add up to a thousand pounds, tá míle punt d'fhiacha air idir an t-iomlán.
To admit a claim, a right, géilleadh d'éileamh, do cheart.
It admits of improvement, d'fhéadfaí feabhas a chur air.
He told us all his adventures, d'aithris sé a chuid eachtraíochta dúinn.
Spiritual adviser, anamchara m -d.
He gained her affections, d'éirigh leis gur thug sí grá dó.
What had remained afloat, an méid a d'fhan ar an snámh.
He is twenty years of age, tá sé fiche bliain d'aois.
Aged twenty years, fiche bliain d'aois.
Agreeably to your instructions, de réir mar a d'ordaigh tú.
It was agreed unanimously, socraíodh é, cinneadh air, d'aonghuth.
Are your parents alive? an maireann d'athair is do mháthair?
For all his wealth..., d'ainneoin a chuid saibhris . . .
(With antecedent) Is that all the money you have? an é sin a bhfuil d'airgead agat?
They became allies, chuaigh siad d'aontaobh.
He became anaemic, d'imigh an fhuil as.
He answered that he did not know, d'fhreagair sé is dúirt sé nach raibh a fhios aige.
My prayer has been answered, d'éist Dia le mo ghuí.
Is there any Irishman who could listen to it, an bhfuil aon Éireannach beo a d'éistfeadh leis?
F: Like anything. He ran like anything, d'imigh sé an méid a bhí ina chnámha.
It came apart, d'imigh sé as a chéile, scoith sé as a chéile.
He apologized to me, d'iarr sé a phardún orm, ghabh sé a leithscéal liom.
He appealed to the law, d'éiligh sé ceart dlí.
He appealed to me for help, d'agair sé mé ag iarraidh mo chabhrach.
He ate it with an appetite, d'ith sé go blasta é.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
I worked as hard as I could, d'oibrigh mé chomh dian agus thiocfadh liom.
A is to B as C is to D, tá an cóimheas céanna idir A agus B agus atá idir C agus D.
He asked to be admitted, d'iarr sé a ligean isteach.
He was asking for you, bhí sé do d'fhiafraí.
He asked for the manager, d'iarr sé cead cainte leis an mbainisteoir.
He asked for something to eat, d'iarr sé rud le n-ithe.
He looked askance at me, (i) d'amharc sé orm le heireaball a shúl; (ii) d'amharc sé go hamhrasach orm.
To take, carry, a town by assault, baile a bhaint amach d'ionsaí.
Fenc: Assault of, at, arms, ionsaí d'arm.
He asserted himself, d'éiligh sé a cheart.
He turned away with an assumption of indifference, d'iompaigh sé i leataobh is é ag ligean neamhshuime air féin.
He was successful at the first attempt, d'éirigh leis an chéad uair a d'fhéach sé leis.
He attempted a smile, d'fhéach sé le gáire a dhéanamh.
He stood up automatically, d'éirigh sé ina sheasamh gan smaoineamh air féin, gan fhios dó féin.