ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Jur: Accessory before the fact, cúlpháirtí roimh an ngníomh.
He gave an account of himself, (i) thug sé cuntas ina ghníomhartha, ina chuid oibre; (ii) thug sé tuairisc ar a cháilíocht.
He must account for his conduct, caithfidh sé míniú a thabhairt ar a ghníomhartha.
A just, kind, act, gníomh cóir, cineálta.
The Acts of the Apostles, Gníomhartha na nAspal.
Jur: M.Ins: Act of God, (i) gníomh m Dé; (ii) rud nach raibh neart air.
To act upon advice, comhairle a chur i ngníomh.
Man of action, fear gníomhartha.
To suit the action to the word, an gníomh a chur leis an bhfocal.
Actual grace, grásta m gnímh.
Actual sin, peacadh m gnímh.
To animadvert on s.o.'s action, achasán a thabhairt do dhuine faoina ghníomh; a ghníomh a chasadh le duine.
The last act forms an anticlimax, béim síos atá sa ghníomh deiridh.
Your actions lack consistency, níl do ghníomhartha ag teacht le chéile, de réir a chéile.
Deeds of derring-do, gníomhartha gaile agus gaisce.
There is great difference between doing and saying, ní briathar a dhearbhaíos ach gníomh.
Doughty deeds, gníomhartha m gaisce; éachta mpl.
Action eloquent of a generous nature, gníomh a léireodh an mórchroí.
These plans will soon eventuate, cuirfear na pleananna seo i ngníomh go gairid.
Feat of arms, gníomh gaile agus gaisce.
Such actions are foreign to his nature, ní dual dó a leithéid de ghníomhartha.
That act was fraught with evil consequences, ba thrúig oilc an gníomh sin.
F: Action fruitful of, in, consequences, gníomh a tharraingeodh deasca, a leanfadh deasca, toradh.
Glorious deed, gníomh oirirc; gníomh uasal.
That action goes to show his honesty, fágann an gníomh sin gur fear macánta é.
He went into a lengthy explanation of his conduct, níor fhág sé aon ghníomh dá ghníomhartha gan míniú fada air.
Actual grace, grásta gnímh.
Heroic deed, gníomh gaisce.
To impute an action to s.o., gníomh a leagan ar dhuine, gníomh a chur i leith duine.
His words are inconsistent with his conduct, níl a bhriathra ag cur lena ghníomh.
Joint action, gníomh i gcomhar.
Justifiable action, gníomh a raibh fáth maith leis.
Their action was in keeping, bhí a ngníomh mar ba chuí.
To act a lie, bréag a chur i dtuiscint le gníomh.
Overt act, gníomh oscailte.
Piece of folly, gníomh m amaideach.
To put, carry, a principle into practice, prionsabal a chur i ngníomh.
In theory and in practice, i dteoiric agus i ngníomh.
Action that promises trouble, gníomh a bhfuil tuar achrainn ann.
Action that reflects credit on s.o., gníomh a thugann clú do dhuine.
His action renders it probable that. . ., is cosúil óna ghníomh go . . .
Deserving of reproofs, (rud, gníomh) incháinte.
Jur: To be responsible for s.o.'s actions, bheith freagrach i ngníomhartha duine.
Doings and sayings, gníomhartha agus cainteanna, ráite.
Second scene of Act III, an dara radharc de ghníomh a trí.
Action that had an unfortunate sequel, gníomh a tharraing an mí-ádh.
His practice does not square with his principles, níl a ghníomhartha ag cur, ag luí, lena chuid cainte.
In vindication of his conduct, mar chosaint ar a ghníomhartha.
To weigh (up) the consequences of a deed, torthaí gnímh a mheas.
A well-meant act, gníomh dea-rúin, i bpáirt mhaitheasa.