TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
go into, v.i. 1 a Téim isteach i (dteach). To go into the army, liostáil san arm; dul san arm. b He went into a lengthy explanation of his conduct, níor fhág sé aon ghníomh dá ghníomhartha gan míniú fada air. He went into detail on the subject, phléigh sé an t-ábhar go mion. c To go into mourning, éide bróin a chur ort féin. To go into fits of laughter, dul i dtrithí gáirí. She went into hysterics, tháinig baspairt uirthi. d Aut: To go into second gear, (an carr) a chur sa dara giar. 2 Iniúchaim (ceist). To go closely into a question, ceist a iniúchadh go grinn.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To go into action, dul i gcomhrac.
To go into business, dul le ceannaíocht.
He went into the Church, chuaigh sé ina shagart.
He went crash into the wall, buaileadh faoin mballa de thuairt é.
He has gone into a decline, tá sé ar meathlú sláinte, tá sé á chnaí, á ghoid as.
To go, enter, into all the details, an scéal a phlé go mion.
She went into ecstasies over the gown, chuir an gúna sceitimíní uirthi.
To go into figures, na figiúirí a phlé.
To go further into sth., rud a iniúchadh níos grinne.
To go into the army, dul san arm
Six into twelve goes twice, a dó dhéag ar a sé sin a dó.
Seven into six won't go, a sé ar a seacht ní féidir sin.
To go off into a faint, titim i laige, i bhfanntais.
To go into hiding, imeacht i bhfolach; dul i gcró folaigh.
(Of garment) To wear, go, into holes, poill a dhéanamh.
She went into hysterics, tháinig baspairt uirthi.
To go into a house, dul isteach i dteach, dul faoi theach.
He went into the legal profession, chuaigh sé le dlí.
The company went into liquidation, scaoileadh an comhlacht.
To go into the merits of sth., gach taobh de scéal a mheas.
To go forth into the night, imeacht amach faoin dorchadas, faoin oíche.
Com: To enter, go, into partnership with s.o., dul i gcomhar, i bpáirtíocht, le duine.
To go into politics, dul le polaitíocht.
She went into raptures, chuaigh sí i mbarr a céille le lúcháir.
Aut: To go into reverse, an giar cúlaithe a ghabháil; cúlú.
To go into training, dul ag traenáil.
He went out into the wilds, chuaigh sé amach san fhásach.