Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: have in · have out · haven · heave in · aeon
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Tá iontráil i bhFoclóir Nua Béarla–Gaeilge i dtaobh have on »
TORTHAÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
have on, v.tr. See ON II.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
F: He has a new book on the anvil, tá leabhar nua sna fonsaí tógála, ar na bacáin, aige.
He had her on his arm, bhí sí ar bhacán a láimhe leis.
I have it on good authority, tá urra maith agam leis.
F: She had on her best bib and tucker, bhí sí cóirithe ina culaith Dhomhnaigh.
He has it on the brain, níl ar a intinn ach é, tá sé ag luí ar a intinn.
You have brought it on yourself, tú féin a tharraing ort féin é.
I have some claims on his friendship, tá teanntás éigin agam air; tá sé faoi chomaoin bheag agam.
I have many claims on my time, bím fíorchruógach; is iomaí glaoch a bhíonn orm.
Come on, let's have a game! seoigí, bíodh cluiche againn.
He has been on the cross all his life, is ar chaimiléireacht, ar chneamhaireacht, a mhair sé riamh.
He has a crush on her, tá sé gan splanc ina diaidh.
He has designs on me, tá sé ag brath orm.
We have just enough to do on, níl againn ach tarraingt ár láimhe.
P: He has a down on me, tá bior sa tine aige dom.
Where on earth have you been? cá rabhais in aon chor? cá háit faoin spéir a raibh tú?
To have one's nerves on edge, bheith ar bior.
To have an effect on s.o., toradh a bheith (ag duine, ag rud) ar dhuine.
It had a bad effect on him, is dona a chuaigh sé dó.
Nothing has any effect on it, ní théann aon ní i bhfeidhm air; ní fhágann aon ní rian air.
He has a fixed idea on that point, tá a thuairim féin go daingean aige faoin bpointe sin.
I have been on the go since morning, níor chuireas cos i dtruaill ó mhaidin.
I've got enough to go on with, tá an oiread agam agus a dhéanfaidh mo ghnó an turas seo.
This has gone on for years, tá an rud seo ar siúl le blianta.
He has been retired on the ground of his infirmities, tugadh air éirí as a phost ar chuntas a shláinte, ar shéala na drochshláinte.
I have a lot of work on hand, tá go leor oibre idir lámha agam; tá go leor ar m'aire.
Hang on to what you have, coinnigh a bhfuil agat.
I have it on good authority that . . ., tá urra maith agam leis go . . .
He has a good head on his shoulders, his head is screwed on the right way, tá cloigeann maith air, tá intinn mhaith chúil aige.
F: I have a bad head, a head on me, tá tinneas cinn orm.
They had a head-on collision, greadadh díreach in éadan a chéile iad.
He has set his heart on doing it, níl faoi ná thairis ach a dhéanamh.
I have set all my hopes on him, is ann atá mo mhuinín go hiomlán.
(Of thg.) To have an influence on sth., dul i gcion ar rud.
I've only got just enough to live on, níl agam ach ón láimh go dtí an béal; níl ach tarraingt mo láimhe ar éigean agam.
He has said the last word on the matter, tá deireadh ráite faoin scéal lena chuid caintesean.
I had the laugh on my side, mise a rinne an gáire; agamsa a bhí an gáire.
I have been on my legs all day, ní raibh suí suaimhnis feadh an lae agam.
He has a load on his mind, tá rud éigin ag déanamh buartha dhó; tá ualach ar a chroí.
The Lord have mercy on him, grásta ó Dhia air; go ndéana Dia trócaire air.
I have made up my mind on it, tá sé socair i m'intinn agam; tá mé meáite air.
He has set his mind on it, níl faoi ná thairis ach é.
She has something on her mind, tá rud éigin ar a hintinn.
F: You've hit the nail on the head, leag tú do mhéar air.
No one has observed on this matter, níor chaintigh aon duine ar an scéal seo; ní dhearna aon duine tagairt don ní seo.
He had no shoes on his feet, ní raibh aon bhróg ar a chois.
Have you any money on you? an bhfuil aon phingin airgid ar iompar agat?
I have it on good authority, tá urra mhaith agam leis.
Have pity on him, bíodh trua agat dó.
He had his boots on, bhí a bhróga air.
What had he got on? cén t-éadach a bhí air?
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht