Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: léas · cleas · eas · las · lea
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é leas de: lea »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To turn, put, a thing to account, leas m, tairbhe f, buntáiste f, a bhaint as rud.
To take advantage of sth., leas a bhaint as rud.
He gave me good, bad, advice, thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom.
An expert alone could advise us, ní thiocfadh le aon duine ach le heolaí comhairle ár leasa a thabhairt dúinn.
Matter that bears on the welfare of the country, rud a bhaineas le leas na tíre.
v.i.To benefit by sth., leas, tairbhe, sochar, a bhaint as rud.
He is blind to his own interests, ní léir dó a leas féin.
He knows on which side his bread is buttered, is léir dó cad é atá lena leas.
He called into play all his powers, bhain sé leas as a chuid éirime ar fad.
He is making capital out of it, tá sé á chur chun a leasa féin; tá sé ag iarraidh teacht i dtír air.
He was looking, having an eye, to the main chance, bhí sé ag coinneáil súil ar a leas.
The common good, leas m an phobail.
He consulted his own interests, is ar a leas féin a bhí sé ag cuimhneamh.
To contribute to the success of sth., oibriú ar mhaithe le rud, chun leasa do rud, ar son ruda.
Flash of understanding, leas m tuisceana.
F: You'd better keep friends with them, is é do leas fanacht istigh leo.
He made a good thing out of it, bhain sé leas as; bhí rud dá bharr aige.
To labour for the common good, oibriú ar son leas an phobail.
My fate is in your hands, tá mo leas agus m'aimhleas ag brath ort.
He has your welfare at heart, ar mhaithe leat, chun do leasa, atá sé.
He knows how to help himself, is maith is eol dó a leas.
He is on the highway to success, tá sé ar bhealach geal a leasa.
To improve the occasion, the shining hour, leas a bhaint as an bhfaill; an deis a thapú.
Inimical to the welfare of the country, in aghaidh leas na tíre.
To promote s.o.'s interest, cuidiú le leas duine.
The interested parties, na daoine a bhfuil a leas i dtreis ann.
He looks after his own interests, féachann sé amach dá leas féin.
To make or mar s.o., duine a thógáil nó a bhriseadh, a chur ar a leas nó ar a aimhleas.
One man's meat is another man's poison, leas Mhurchaidh agus aimhleas Mhánais.
He is neglectful of his interests, níl aird aige ar a leas féin.
To profit by sth., tairbhe, leas, a bhaint as rud.
Public welfare, leas an phobail.
To put sth. to good use, leas maith a bhaint as rud; rud a chur chun sochair.
He is on the right road, tá sé ar bhealach a leasa.
It runs against my interests, tá sé in aghaidh mo leasa.
For his soul's sake, do leas a anama.
Selfless person, duine nach ní leis a leas féin.
F: A stepping-stone to a better position, cos f i dtaca ar bhealach do leasa.
To think of the public good, cúram a dhéanamh de leas an phobail.
Children thrive on milk, déanann an bainne leas na bpáistí.
To give a favourable turn to a business, an gnó a chur ar a leas.
Unmindful of one's own interests, gan do leas féin a bheith ar d'aire.
To be unpatriotic, bheith beag beann ar leas do thír dhúchais.
To make good use of sth., leas a bhaint as rud; rud a chur chun tairbhe, chun sochair.
To put advice to use, leas a bhaint as comhairle.
For weal or (for) woe, le leas nó le haimhleas.
The general weal, leas an phobail.
Public welfare, leas an phobail.
Welfare state, stát m leasa shóisialaigh.
You would do well to keep quiet, b'fhearr dhuit, ba é do leas é, bheith i do thost.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht