ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Such another, ceann eile den chineál céanna, a leithéid eile.
Would anyone dare to say so? an leomhfadh aon duine a leithéid a rá?
Beasts (such) as the lion or tiger, ainmhithe leithéid an leoin nó an tíogair.
What awful weather! a leithéid d'aimsir mhillteanach!
F: What a bear!, a leithéid de amhlóir!
What a beast!, a leithéid de bhrúid!
What beastly weather! a leithéid d'aimsir ghránna!
I come on behalf of Mr. X, óna leithéid seo a tháinig mé.
Such amusements do not belong to his age, níl a leithéidí sin do chaitheamh aimsire ag cur lena aois.
P: (Intensive) What a blessed nuisance! a leithéid de chrá croí!
You have no call to do so, níl aon chall duit a leithéid a dhéanamh.
How could you? céard a tháinig ort is a leithéid a rá, a dhéanamh?
F: Such carryings on! a leithéid de mhí-iompar! a leithéid d'ealaín!
Should the case occur, dá dtarlaíodh a leithéid.
F: Catch me (doing such a thing)! baol orm (a leithéid sin a dhéanamh).
What cheek! a leithéid d'éadan, de shotal!
I’d never connect them with that sort of work, ní shamhlóinn a leithéid sin d'obair leo go brách.
You will catch your death, if you go out in this weather, gheobhfaidh tú galar do bháis, má ghabhann tú amach a leithéid seo d'aimsir.
People of that description, a leithéidí sin de dhaoine.
I shall do nothing of the sort, no such thing, ní dhéanfad a leithéid.
Never did I spend such a night, riamh sa saol níor chaitheas a leithéid d'oíche.
I shouldn't dream of doing it, ní smaoineoinn ar a leithéid a dhéanamh.
I received a telegram to the same effect, fuair mé féin sreangscéal ina raibh a leithéid chéanna de scéal.
F: Have you ever seen such an effusion? an bhfaca tú riamh a leithéid de rabharta?
"What a misfortune!" he ejaculated, "a leithéid de thubaist!" ar seisean d'uaill.
It is not etiquette to do that kind of thing, tá sé in aghaidh béasa a leithéid sin a dhéanamh.
Beyond, without, example, nach raibh a leithéid eile riamh ann.
What a figure of fun! a leithéid de staicín áiféise!
Such actions are foreign to his nature, ní dual dó a leithéid de ghníomhartha.
That is easily forgotten, ní fada a mhaireann cuimhne ar a leithéid.
It is generations since anybody did such a thing, ní dhearnadh a leithéid leis na cianta.
At a given time, ag a leithéid seo d’am.
That won't go down with me, ní ghlacfaidh mise lena leithéid sin; ní mheallfar mise leis an saghas san.
What a god-forsaken place!, a leithéid d'áit chaillte!
What a guy! nach í (é) an feic í (é)! a leithéid d'fheic!
I never heard of such a thing! ar chuala aon duine riamh a leithéid!
How she has changed! a leithéid d'athrú a tháinig uirthi!
F: I shan't do it again in a hurry, is fada arís go ndéanfaidh mé a leithéid.
F: What an idea! cuimhnigh ar a leithéid!
In such and such a place, ina leithéid seo d'áit.
It is not done in our circle, ní dhéantar a leithéid sin inár meascna.
He said nothing of the kind, ní dúirt sé a leithéid.
On this and like matters, ar an gcúrsa seo agus ar a leithéidí eile; air seo agus ar chúrsaí eile.
I want to find one like it, tá a mhacasamhail, a leithéid eile, uaim.
Pej: (Fellows) like you, bhur leithéidí.
I never saw anything like it, ní fhaca mé riamh a leithéid.
It's just like him to do that!, é féin, a leithéid, a dhéanfadh é! ní dhlífinn a mhalairt de!
Don't talk like that, ná labhair ar an gcuma sin; ná habair a leithéid.
I never heard the like (of it), níor chuala mé riamh a leithéid.