TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
opinion, s. a Tuairim f, barúil f. In my opinion, de mo dhóighse, do réir mo bharúlasa, dar liomsa. In the opinion of experts, dar leis na heolaithe. I am of the opinion that . . ., is é mo thuairim go . . ., tá má barúlach go . . . l am entirely of your opinion, tigim leat go hiomlán; táim ar aon intinn ar fad leat. It is a matter of opinion, níl ann ach do bharúil; cúrsaí tuairime é. He gave his opinion, d'inis sé a thuairim. I asked him for his opinion, d'fhiafraíos de cad ba dhóigh leis. To form an opinion on sth., tuairim a bhaint as rud. What is your opinion of him? céard é do mheas air? cad é do bharúil de? To have, hold, a high opinion of s.o., ardmheas a bheith agat ar dhuine. To have no opinion of sth., drochmheas a bheith agat ar rud. Public opinion, aigne f an phobail. b Comhairle f (dochtúra, etc.). Jur: To seek counsel's opinion, comhairle consailéara a iarraidh.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Accredited opinion, tuairim na ndaoine i gcoitinne, tuairim údarásach.
It is under the ban of public opinion, tá breith an phobail ina aghaidh.
To battle against public opinion, dul thar bhéal na ndaoine.
To cling to an opinion, cloí le barúil; barúil a chothú.
The common opinion, tuairim choitianta an phobail.
Considered opinion, barúil mheasta.
He maintained, contrary to accepted opinion, that..., d'áitigh sé. in aghaidh bharúil choitianta na ndaoine, go...,
He delivered himself of an opinion, nocht sé tuairim, thug sé tuairim uaidh.
They differ in opinion, táid ar mhalairt tuairime.
To fall in with s.o.'s opinion, géilleadh do thuairim duine.
He framed the opinion, rinne sé amach an tuairim.
They have no great opinion of him, níl aon an-mheas acu air.
I have a high opinion of him, tá ardmheas agam air.
He still holds to, by, his opinion, tá sé den bharúil chéanna i gcónaí.
Tell us your honest opinion, inis do bharúil go hionraic dúinn.
In my humble opinion, de réir mo bharúla, ach nach saoi mé.
In my opinion, de réir, ar feadh, mo bharúla.
Inconsiderate opinion, tuairim thobann, gan mhachnamh.
F: To infect s.o. with an opinion, tuairim a chur i gceann duine.
Everything leads to the opinion that . . ., tá gach dealramh ar an tuairim go . . .
In maintenance of this opinion . . ., mar thacaíocht leis an tuairim seo; ag seasamh leis an tuairim seo ...
He had no mean opinion of himself, níor dhuine beag ná suarach é ina shúile féin.
Mistaken opinion, barúil f éigeart, iomrallach.
To offer an opinion, do bharúil a thabhairt.
To act in opposition to public opinion, dul i gcoinne tuairime an phobail.
To get an outside opinion, comhairle ó dhuine neamhspleách a fháil.
To persist in one's opinion, bheith tuineanta faoi do thuairim.
He has a poor opinion of her, níl mórán measa aige uirthi.
In my poor opinion, de réir mo bharúlsa ach gur beag m'eolas.
Prevailing opinion, an tuairim choitianta.
In my private opinion, de réir mo bharúla féin.
To recede from an opinion, a promise, dul siar ar thuairim, ar ghealltanas.
To respect s.o.'s opinion, aird a thabhairt ar thuairim duine.
Reversal of opinion, malartú m tuairime.
He was right in his opinion, bhí an tuairim cheart aige.
Opinion is setting that way, táthar ag teacht ar an tuairim sin.
To shape the course of public opinion, treoir a thabhairt do dhearcadh an phobail.
To share s.o.'s opinion, bheith ar aon bharúil le duine.
His speech shows his opinion, is léir a thuairim óna chaint.
I have stated my opinion, thug mé mo bharúil cheana.
All such as are of my opinion, gach duine a aontaíos liom.
F: Sudden swing of public opinion, athrú tobann ar thuairim an phobail.
Your opinion is not tenable, níl do thuairim ag luí le réasún.
He is tenacious of his own opinion, tá sé ceanntréan as a thuairim féin.
That is my opinion, sin é mo bharúil.
Unconsidered opinion, tuairim gan dearcadh.
Undivided opinion, barúil f d'aon intinn.
To venture an opinion, tuairim a chaitheamh, barúil a thabhairt.
To venture on an opinion, tuairim a chaitheamh.
To be wedded to an opinion, tuairim a bheith neadaithe i d'intinn.