ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
To go along a street, dul síos (suas, etc.) sráid.
He went below, chuaigh sé síos ar íochtar.
To go up country, dul síos amach; dul amach faoin tír.
He dashed down the street, chuaigh sé de rúid síos an tsráid.
To go down the street, down a hill, dul síos an tsráid, síos an cnoc.
Ind: To down tools, uirlisí a chaitheamh síos, dul ar stailc.
To go downstairs, dul síos an staighre.
Going downwards, ag dul síos.
Estate that extends to the sea, eastát atá ag dul síos go farraige.
In the first place, i dtosach báire, ar an gcéad dul síos.
First and foremost, i dtosach báire, ar an gcéad dul síos.
He is going down the hill, (i) tá sé ag dul an cnoc síos; (ii)F: tá sé ag meath, ag titim.
In the first instance, sa chéad chás, ar an gcéad dul síos.
To pass along the street, dul síos (suas, siar, etc.) an tsráid.
He raced down the street, chuaigh sé síos an tsráid de ruathar.
To rush down. teacht anuas, dul síos, de rás.
(Of ship) She sank stern foremost, chuaigh sí síos ar lorg a deiridh.
He went underneath, chuaigh sé síos.
To go up north, dul síos go dtí an tuaisceart.
I'll go down when I am ready, rachaidh mé síos ach go mbeidh mé réidh.