ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
No longer ago than last week I saw him, níl sé ach an tseachtain seo a chuaigh thart féin ó chonaic mé é.
He is going from bad to worse, tá sé ag dul ó ghiolla na sliogán go giolla na mbairneach.
It baffled all the doctors, chuaigh sé ó scil, ó thuiscint, ar na dochtúirí ar fad.
I am losing count of them, tá siad ag dul ó chomhaireamh orm.
Man is the creature of circumstances, níl dul ag an duine ó chora an tsaoil.
It is getting dark, tá sé ag dorchú, tá sé ag dul ó sholas.
The day is drawing in, tá sé ag dul ó sholas.
Nothing escapes him, níl rud ar bith ag dul uaidh.
To go from one extreme to the other, dul ó mhaol go mullach.
Daylight is failing, tá sé ag dul ó sholas.
To go far, dul i bhfad (ó bhaile).
F: To jump out of the frying-pan into the fire, dul ó theach an diabhail go teach an deamhain.
To change hands (of thing), dul ó dhuine go duine.
To get out of hand, dul ó smacht.
With impunity, agus dul saor (ó phionós), gan spleáchas d'aon duine.
To go the length of the street, dul ó cheann ceann na sráide, fad na sráide.
I lost sight of him, (i) chuaigh sé ó radharc orm; (ii) ní bhfuaireas tásc ná tuairisc air (uaidh sin amach).
I am mystified by that, tá sin ag dul ó scil ar fad orm.
Going northwards, ag dul ó thuaidh.
It passes my comprehension, tá sin ag dul ó thuiscint orm.
That is beyond my reach, téann sin ó scil orm.
A whisper ran through the crowd, chuaigh an cogar ó dhuine go duine.
To seclude oneself from society, dul ar an uaigneas, fanacht amach ó chomhluadar daoine.
To shelter from a shower, dul ar foscadh ó chith, faoin bhfothain ó chith.
I lost sight of him, chuaigh sé as mo radharc, ó radharc orm.
To sink into insignificance, dul ó aird.
F: He spares nobody, ní théann aon duine saor uaidh.
To break step, dul ó chéim.
Her voice trailed off in the distance, chuaigh a glór ó chlos i bhfad uaim (uait, etc.).
He passed from our view, chuaigh sé ó radharc orainn.
Everything went wrong, chuaigh gach aon rud ó rath.