ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He found his own account in it, chuaigh sé ar sochar dó.
I gained little advantage from it, is beag a chuaigh sé ar sochar dom.
You might with advantage apply to . . ., b'fhéidir go mb'fhiú duit dul chuig . . .
(Of event) It turned out to his advantage, is é rud a chuaigh sé ar sochar dó.
The alleged thief, an té ar cuireadh an ghadaíocht síos dó, ina leith.
To come to s.o.'s assistance, dul i gcabhair ar dhuine, teacht a chúnamh do dhuine.
It turned his brain, chuaigh sé ina cheann dó, d'éirigh sé sa chloigeann aige.
What is your complaint? céard atá ort? céard atá ag dul duit?
He took the credit for it, chuir sé i gcéill gur dó féin a bhí an chreidiúint ag dul.
He was destined for the church, bhí sé ceaptha dó dul le sagartóireacht.
The climate disagreed with him, ghoill an aeráid air, chuaigh an aeráid go dona dó.
Balance due to us, an fuílleach atá ag dul dúinn.
It had a bad effect on him, is dona a chuaigh sé dó.
She is entitled to it, tá sé ag dul di.
He found himself in a false position, sáinníodh é sa chaoi go mb'éigean dó dul in aghaidh a choinsiasa féin.
The drink went to my head, chuaigh an t-ól i mo cheann dom.
You guessed wrong! chuaigh do thomhas amú!
It did me harm, chuaigh sé go dona dom.
If you have finished your work, you may go out, má tá do chuid oibre críochnaithe agat, féadfaidh tú dul amach.
That will not help you, ní rachaidh sin ar sochar duit.
To hoist s.o. on to a horse, cos i dteannta a thabhairt do dhuine agus é ag dul ar mhuin capaill.
It went ill with them, is olc a chuaigh sé dóibh.
He became intoxicated with the praise which he received, chuaigh an moladh a fuair sé ina cheann dó.
I wish you joy of it, go dté sé ar biseach duit; go maire tú é.
I was only just saved from drowning, chuaigh mé faoi aon do mo bhá; dóbair go mbáifí mé.
I was late (in) going to bed, bhí sé mall ag dul a luí dom.
These plants don't like damp, ní théann an fliuchras go maith do na plandaí seo.
He married beneath him, chuaigh sé i gcleamhnas le dream nár dhual dó.
To go out of one's mind, dul as do chiall; do chiall a chailleadh.
Ecc: To go about one's ministrations, dul i gcionn do dhualgais eaglasta.
All the more reason why you should meet him, sin mar is cora duit dul chun cainte leis.
Its effect on him, mar a chuaigh sé dó.
To overdo oneself, F: to overdo it, dul thar d'fhulaingt, thar do riocht.
To make overtures to s.o., a thairiscint do dhuine dul i ndáil chomhairle.
To go to paradise, dul do na flaithis, ar neamh.
The organ played them out, bhí an t-orgán á chasadh dóibh agus iad ag dul amach.
To take up one's post, dul i gceann do phoist.
He profited by her advice, chuaigh a comhairle ar sochar dó; rinne a comhairle leas dó.
To progress with one's studies, dul ar aghaidh go maith le do chuid léinn.
His prospects are brilliant, tá an-dul chun cinn roimhe, á thuar dó.
To engage in scientific pursuits, dul do chúrsaí eolaíochta.
To fly into a rage, dul as do chranna cumhachta.
His reactions to the news, mar a chuaigh an scéala dó.
To be out in one's reckoning, dul amú i do thuairim a bheith ort; mearú cuntais a bheith ort.
He was reduced to begging, b'éigean dó dul ar an déirc; fágadh i muinín na déirce é.
To take refuge, dul ar do chaomhnú.
To remount one's horse, dul ar mhuin do chapaill arís.
To risk defeat, dul i mbaol do bhuailte.
To roll over and over, dul thar do chorp arís agus arís.
To run to meet one's troubles, dul in airicis do thubaiste.