Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: téigh de · téigh ó · taighde · téigh · déigh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
réamhfhocal in ionad do, de (doras a dhúnadh, bainne a ól, chuaigh sé a chodladh); (a chois na tine; a seacht a chlog)
i mbeith (tá an saol ann); beo (nuair a bhí m'athair ann); ar fáil (tá an t-earrach ann); sa láthair (bhíomar ann in am); san áireamh (bhíomar triúr ann); inmhe (nuair a tháinig ann dó); in áit nó go háit áirithe (bhí mé ann roimhe, tá mé ag dul ann)
bóthar nó slí; cúrsa le leanúint (bealach aeir, ar bhealach do leasa); áit le dul tríd (bealach isteach); treo (tar an bealach seo); fad slí (i rith an bhealaigh); dóigh, modh (tá a bhealach féin leis)
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
codanna beaga a dhéanamh de (adhmad a bhriseadh); díobháil a dhéanamh de (do shláinte a bhriseadh); sárú (dlí a bhriseadh); cur as feidhm (duine a bhriseadh as a phost); ceansú, míniú (capall a bhriseadh); sóinseáil (airgead a bhriseadh); dul in olcas (an aimsir ag briseadh); cosc (balla ag briseadh na gaoithe); brúchtadh (bhris an gol uirthi); athrú go hinmheánach (bainne ag briseadh); cloí (briseadh na Bóinne); breacadh (briseadh an lae)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
rud a thochras thart ar rud eile (rópa a chasadh); lúbadh (do mhurnán a chasadh); dul thart nó cur thart (roth a chasadh); filleadh ar ais (casadh abhaile); seinm, canadh (amhrán, port, a chasadh); bualadh le (castar na daoine ar a chéile); cur i leith (ní á chasadh leat é); lúb, cor (bóthar lán de chastaí); rince (rud a chur ar casadh)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
rud atá dlite nó ag dul do dhuine; táille (dleacht údair, dleacht cumadóra); (leis an gcopail) dlite (is dleacht dom é)
ag dul duit nó uait (an rud atá dlite do dhuine)
chuig, go, go dtí (ag dul don Spáinn); chun cóngaracht nó gaol a léiriú (gar don áit, is mac dom é); ar láimh, i leith (tabhair, taispeáin, dó é; bheith dílis, go maith, do dhuine); le briathra géillte (d'umhlaigh sé, bheannaigh sé, dó; ná géill dó); gan bhriathar (bia don ocrach, Nollaig faoi mhaise daoibh); le haidiachtaí (is breá duit é; b'fhíor dó é; is cuma duit); gan an chopail (duitse é seo); le linn (ag teacht abhaile dom; sa chomhrá dúinn) do + a4 , a5 = dá2 ,3 ; do + an = don; do + ar = dar3 ; do + ár2 = dár1 ; do + ar3 = dár2
dul no cur trí thine; loscadh (dó gréine, neantóige, seaca)
foinse dóchais, marc; duine ar féidir é a thrust nó dul dian air (ní dóithín réidh duit mise)
sealbhú, aimsiú (faigh do chóta agus bí liom); gnóthú (gheobhaidh sé an lámh uachtair ort); soláthar (fuair mé an dochtúir dó); dul trí, fulaingt (má fhaighim scanradh; fuair sí bás; náire a fháil); teacht ar (fuair sí airgead caillte); éirí (bhí an oíche ag fáil dorcha); teacht ar fhios nó ar eolas (fuair mé amach nach é a rinne é); bheith ábalta (ní bhfaighinn a leithéid a rá leat); soláthar, sroicheadh (níl fáil ar a leithéid; níl sé ar fáil, le fáil, go héasca)
eolas, léann (duine a bhfuil foghlaim air); fios ruda nó fios conas rud a dhéanamh a fháil (ag foghlaim léitheoireachta, snámha); múineadh (rud a fhoghlaim do dhuine); dul trí rud (ag foghlaim an bháis)
dul chun sochair nó chun maitheasa, tairbhiú do dhuine (ní fhónann sé dom); maitheas, tairbhe (fónamh a dhéanamh do dhuine)
duine nó rud a thugann cosaint; aire, faire (dul ar garda, garda a sheasamh); gotha cosanta (dul ar do gharda); duine nó buíon ar diúité cosanta (garda saighdiúirí, garda síochána); fearas cosanta (garda tine)
d'fhocal a thabhairt (gheall mé dó go rachainn ann); deimhniú, móidiú (déanfar é, geallaim duit; tá an bheirt acu geallta); cur in áirithe mar chinniúint, ordú (an rud a gheall Dia dúinn); fonn, fuadar (tá gealladh maith faoi)
(sa ghramadach) den mhodh a ghuíonn beannacht, mallacht etc., ar aon dul i bhfoirm leis an bhfoshuiteach (go dtaga do ríocht; nár lige Dia sin, mar shampla)
glór duine (chuala mé do ghuth); fuaim cheoil a théann le hamhrán (tá guth maith aici); fuaim cosúil le glór (guth na cuaiche); barúil a chuirtear in iúl (guth an phobail); cáineadh ó bhéal (ní bhfaighidh tú guth ná náire as); vóta (do ghuth a thabhairt)
cineál de chodladh ina labhraíonn nó a ngníomhaíonn an té atá curtha faoi mar a ordaíonn an hiopnóisí dó
a bhaineann leis an tír gan dul taobh amuigh di
bail an té nó an ruda atá iomarcach, nó a chaitear as obair toisc gan obair a bheith ann dó
feabhsú, athrú chun feabhais (do bheatha a leasú); sailleadh, caomhnú le salann nó le triomú etc.; aoileach nó ábhar ar bith a théann chun leasa talún; é sin a chur ar thalamh
smaoineamh domhain (dul ar do mharana)
ainneoin (dá neamhthoil a chuaigh sé ann); col, gráin (neamhthoil a thabhairt do rud)
rud a chur á dhéanamh (d'ordaigh sé dóibh dul abhaile); leagan amach nó síos (ní hé sin a d'ordaigh an dochtúir dom); ceapadh (mar a d'ordaigh Dia dúinn); moladh (ní ordóinn duit a leithéid); aithne, ceangal (rud a dhéanamh ar ordú duine, le hordú ó dhuine); staid, bail (tá an t-eallach in ordú maith)
stopallán do pholl; feiste agus bioranna air a théann isteach i soicéad leictreach; píosa tobac
foirm (i riocht aingeal); bail, cuma, cás (i riocht pléascadh, i riocht báis); acmhainn, lán (tá mo riocht ite agam; ná téigh thar do riocht leis)
ordú scríofa ar fhoirm chlóbhuailte a threoraíonn do bhanc suim áirithe airgid (as cuntas an scríbhneora) a íoc leis an té atá ainmnithe san fhoirm
an té is sine (sinsear na clainne, an teaghlaigh); do dhaoine féin romhat (ár sinsir romhainn)
fáisceán fada dúnta d'éadaí, do mhálaí etc., ina dtéann dhá shraith fiacla i ngreim ina chéile nuair a tharraingítear sleamhnán eatarthu
leas, brabach; buntáiste, maitheas (chuaigh an bia ar sochar, chun sochair, dom); toradh (sochar na bó)
rith beag ar do shuaimhneas; (le hainmhí) rith gan dul sna cosa in airde
bail an té atá spleách nó ag brath ar dhuine eile (gan spleáchas leat, duit); bladar, plámás
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
rith as láthair, éalú, cúlú go tapa; (teitheadh ó chontúirt; dul ar do theitheadh; teitheadh ó obair)
taisteal, turas (cá bhfuil do thriall?; ag triall ar Éirinn); lorg (dul ag triall ar chabhair)
brí a bhaint as (teanga a thuiscint; tuigfidh tú as); aithint (tuigim do chás; tuigim duit; thuig mé go raibh deifir ort); glacadh le (ná tuig gurb aon amadán é); ciall a bheith agat dó (an té nach dtuigeann ceol); samhlú (tuigeadh dom gurbh é a dúirt é); fáil le fios (ní hé sin a thuig mé uaidh); eolas (aois na tuisceana; lucht na tuisceana); bá, nádúr (is beag tuiscint atá ann)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht