Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: anamhain · anmhain · domhain · éadomhain · adhain
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
oscailt nó poll an-domhain sa talamh, duibheagán
éan mór fadsciathánach as farraigí an domhain theas
daoine uile an domhain
stiall leathair nó éadaigh etc. a chaitear thart faoin gcoim, beilt; ceann de chúig limistéar mhóra an domhain atá rianaithe de réir teochta
an-fhada síos nó isteach (domhain i bhfarraige, sa sliabh); isteach go maith (dul go domhain i scéal); go bunrúta (staidéar, eolas, domhain); siar nó mall (domhain san oíche); deacair a léamh nó a dhéanamh amach (is domhain an duine é)
áit dhomhain (snámh ar an domhain)
an talamh seo uile agus a bhfuil ann agus san aer os a chionn; an chruinne; an saol; cuid den domhan (an domhan thoir, thiar); a lán, an-chuid (rinne sé an domhan oibre; bhí an domhan daoine ann; áthas an domhain)
a bhaineann leis an domhan, ar fud an domhain
fad áite laisteas nó lastuaidh de mheánchiorcal an domhain
ceann de na mílte meall beag a thaistealaíonn sa spás ar luas millteach (Feictear iad mar réaltaí reatha nó mar chaora tintrí toisc go lasann siad suas leis an bhfrithchuimilt nuair a shroicheann siad atmaisféar an domhain)
poll nó scoilt an-domhain; domhain farraige nó talún; áit etc. i bhfad thiar nó thíos (i nduibheagán na hoíche, an éadóchais)
gluaiseacht a bhaineann le cothú aontais i dteagasc agus i gcleachtas idir na heaglaisí Críostaí ar fud an domhain
ciorcal samhailteach a ghabhann tríd an Mol Thuaidh agus an Mol Theas agus trí aon bhall eile is maith leat ar dhroim an domhain (Gabhann an príomhcheann acu trí Ghreenwich Shasana)
an réimse mór sáile a chlúdaíonn formhór an domhain; muir; sáile
duibheagán, an chuid is doimhne (i bhfodhomhain na farraige, na hintinne)
tumadóir a chuirfeadh frog i gcuimhne duit leis an bhfeisteas a bhíonn air agus é in ann snámh thart gan dua in uisce domhain
an corpán spéire (satailít an domhain) a thugann solas dúinn san oíche
eolas ar screamh an domhain agus ar na hathruithe a tháinig uirthi ó chianaimsir
ceann de ranna móra talún an domhain (Meiriceá, an Astráil, an Eoraip, etc.)
fórsa na tarraingthe i dtreo an domhain, nó idir chorpáin eile na spéire, a bhraitheann ar an achar atá siad ó chéile
rud gan choinne; oscailt súl, rud iontach nó suntasach (seacht n-iontais an domhain)
leath an domhain nó de chruinneog an domhain
ciorcal samhailteach timpeall an domhain leath slí idir an Mol Thuaidh agus an Mol Theas
lár rotha as a dtagann na spócaí agus a bhfuil an t-aiseal sáite ann; fearsaid, seafta (mol muilinn); barr cruinn (mol uibhe); an ceann thuaidh nó theas d'ais rothlaithe an domhain (an Mol Thuaidh, an Mol Theas)
ceann de na ranna móra de thalamh an domhain (An Eoraip, an Áise, an Afraic etc.)
síolta gráin a fhásann i dtíortha teo agus a itear mar bhia ar fud an domhain
pláinéad a ghluaiseann timpeall ar phláinéad níos mó (mar a dhéanann an ghealach leis an domhan); aon chorpán a theilgtear amach sa spás agus a chuirtear ar diathair timpeall an domhain
na farraigí arda, an domhain
feidhm a bhaint as an intinn (ag smaoineamh go domhain; rinne mé smaoineamh i m'intinn); tuairim, cuimhneamh (is maith an smaoineamh é; le smaoineamh nó le briathar; ag smaoineamh ar é a dhéanamh)
sraith nó limistéar uachtarach den atmaisféar, roinnt mílte os cionn an domhain
an domhan (neamh agus talamh); uachtar crua an domhain os cionn uisce nó faoi uisce (titim ar an talamh; chuaigh an long i dtalamh; poll faoi thalamh); ithir, cré (talamh méith; an talamh a leasú); críoch, tír (talamh na hÉireann, ar thalamh an domhain); maoin talún (tiarna talún; tá teach is talamh aige); ball, spota (talún); bonn, bunús (ar thalamh slán)
crios ar gach taobh, thuaidh agus theas, de mheánchiorcal an domhain agus leath slí idir an Mol Thuaidh agus an Mol Theas
an eolaíocht a bhaineann le dreach agus le gnéithe fisiceacha an domhain nó tíre nó áite
(leis an ngrian) dorchú an tsolais uaithi nuair a thagann an ghealach idir í agus an domhan; (leis an ngealach) dorchú an tsolais uaithi nuair a thiteann scáth an domhain uirthi; maolú ar fhuaimeanna tosaigh focal i gcásanna áirithe (mar shampla, an bhfuil? ar an gclaí, ar an mballa; toil na ndaoine; i dteagmháil leis)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht