SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
an oscailt sa cheann trína nglactar isteach bia agus deoch agus trína ndéantar glórtha; oscailt nó bealach isteach (béal mála, béal uaimhe, béal gleanna); caolas farraige (béal Árann); imeall nó faobhar (béal cupa, béal scine); duine a dhéanfadh caint de shórt áirithe (is tú béal na céille)
marc (comhartha cluaise, comhartha ceiste); nod a thugann rud le fios (rinne sé comhartha dom); tuar a léiríonn rud atá le teacht (comhartha fearthainne); rian, cosúlacht (comhartha scine; ní bhfuair sé ach comhartha); aird, ceann (ná tóg aon chomhartha de); fógra, méar eolais (comharthaí bóthair); rian aitheantais (comharthaí aithne, comharthaí sóirt)
(cois in abairtí áirithe) ceann de na géaga a úsáidtear chun siúil; aon ní cosúil leis seo (cos boird, cos pota); clúdach coise (cos treabhsair); lámh, feac, sáfach (cos spáide, cos scine, cos casúir, cos fuipe); an chuid íochtarach (cos leapa)
duine a dhéanann nó a dhíolann sceana etc.
sceana agus foirc agus spúnóga; gnó cuitléara
ropadh, sá (cuireadh i bpríosún é; scian a chuir i nduine); tabhairt ar staid áirithe (duine a chur i gcruachás; chuir sé ina thost é); léiriú (rud a chur in iúl, a chur i nGaeilge); líonadh le (chuir sé neart ionainn); dul i (cur sa siúl; cur in aghaidh nó i gcoinne ruda)
clúid nó truaill do lann claímh nó scine
béal géar (scine nó airm eile); fuadar (faobhar cainte a bheith ort); ciumhais, scéimh (faobhar aille); arm géar (bás le faobhar)
speic (caipín, hata); maig; frainse; cos (scine, miodóige)
faobhrach, biorach (scian ghéar, biorán géar); uilleach, rite (coradh géar, aill ghéar); pianmhar (buille géar); tréan (solas géar); goilliúnach (focal géar); searbh (blas géar); aibí, grinn (súil ghéar, intinn ghéar); gasta (siúl géar); díocasach (coimhlint ghéar); an-ghar do (dul géar ar an gcúinne); cleasach (ceannaí géar)
uirlis faobhair a tharraingt ar rud (do lámh a ghearradh le scian); codanna a dhéanamh de rud le huirlis faobhair (adhmad a ghearradh le sábh); scoitheadh le faobhar (géag a ghearradh de chrann); múnlú, greanadh le faobhar (litreacha a ghearradh ar thuama); sciolladh, goin le teanga, leibhéal (ag gearradh na gcomharsan; caint a bhfuil gearradh inti); coilleadh (gamhain a ghearradh); giorrú (do shaol a ghearradh); laghdú (fiacha a ghearradh); leagan (cáin a ghearradh ar dhuine); cíos, sraith; luas (gearradh siúil)
ar dhath an fhéir nó an duilliúir ag fás; óg, neamhaibí (adhmad glas); gan taithí (tá an fear bocht glas air); neamhoilte (saighdiúirí glasa); lag i mbrí (deoch ghlas); dorcha liath (flainín glas); liathghorm (súile glasa); lonrach mar chruach (sceana glasa); fuar, gruama (aimsir ghlas); gan substaint (iasc glas)
pláta, painéal (lanna óir); gainne éisc; bléid scine, claímh etc.
macasamhail, comard, rud cosúil le (ná habair a leithéid; leithéid na scine seo)
cúis le rud a dhéanamh nó gan a dhéanamh; pardún (gabh mo leithscéal); sampla bocht (de rud)(an leithscéal scine seo)
snoí, géarú, faobhrú (tua, scian, a líomhadh); snasú; mínmheilt (roth, cloch, líofa); creimeadh, scrios
gan ghruaig (fear maol); gan fás (paiste maol); gan chumhdach, gan chosaint (cuireata maol); gan adharca (bó mhaol); bearrtha (imill mhaola); gan díon (teach maol); gan faobhar (scian mhaol); leacaithe (áirse mhaol); íseal (torann maol); gan géire intinne (is maol atá do cheann ort); déanach (maol sa lá); (mar fhocal treisithe) (bhí sé maol tarnocht)
oscailt le scian ar an gcorp le biseach a chur air
bior, pointe; barr, mullach (ó rinn go sáil); ceann tíre; bior claímh nó scine
sá (rop de scian); seáp, sciuird (rop siúil)
brú chun cinn (sáigh chun cinn ansin; bád a shá amach); polladh le bior, scian etc. (duine a shá le miodóg); sacadh, ropadh (sháigh sé síos ina phóca é)
iarthar throigh na coise; an chuid de choisbheart a chlúdaíonn nó a thacaíonn le sáil na coise (sáil stoca, bróige); iarthar rudaí eile (sáil scine, cairte)
gearradh suas nó sá le scian
sceana, foirc agus spúnóga
cúis, ócáid (siocair pheaca; cad é is siocair leis?); leithscéal (níl uaidh ach an tsiocair; an tsiocair scine seo)
cumhdach do lann claímh no scine; clúid, cás