SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
ionsaí (amas ar namhaid); oscailt nó caoi ionsaithe (dá bhfaighinn amas air); aimsiú ar mharc (tóg amas air); iarracht (thug siad amas ar na hairm); tuairim, barúil
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
fanacht mar a bhfuil, socrú síos (cá bhfuil tú ag baint fút?); ciúnú, ceansú (thug mé iarraidh baint faoi); tochailt faoi (tá an abhainn ag baint faoin mbruach)
rud nó focail a deirtear; labhairt; guth (d'aithin mé a chaint); abairt, rá (tá cainteanna deasa aige); comhrá (dul chun cainte le duine); aitheasc; óráid (cé a thug an chaint aréir?); ráiteas (is é do chaint féin é); ráfla, iomrá (níl ann ach caint; caint san aer)
an taobh thiar de rud (cúl do chinn, cúl an tí); droim (cúl a thabhairt do rud; thug sé cúl lena mhuintir); deireadh (cúl an ghluaisteáin; an féar cúil); siar, taobh thiar (dul ar gcúl; clog a chur ar gcúl; marcaíocht ar cúla); taca, taisce (cúl airgid; cúl taca; an dream atá ar a chúl); iargúltacht (coillte cúil); folt gruaige; (le cluichí) (i) cosantóir (ii) báire
= do3 + a4 (thug sé dá mhac é; rinne sí dá máthair é; gheall siad dá gclann é) de + a4 (duine dá chairde; bean dá gaolta; cuid dá dtailte)
feiceáil; mothú (thug sé faoi deara go raibh sé ann)
gealladh (gealltanas pósta; thug sé gealltanas dom)
corraí (ní raibh hob ná hé as); iarracht (thug sé hob ar éirí)
lorg, éileamh (d'iarr sé punt orm, níl iarraidh ar an leabhar seo); iarracht a dhéanamh (ag iarraidh éirí); fogha, amas (thug sé iarraidh bhuailte orm); uair, babhta, iarracht (an iarraidh seo)
tabhairt faoi dhuine nó faoi áit go tobann; bruíon a thosú; iarracht (thug sé ionsaí ar imeacht)
ionramháil leis na lámha (claíomh a láimhsiú); mí-úsáid (thug sé iarraidh mé a láimhsiú)
imeacht ar muin capaill nó ar rothar; síob (thug sé marcaíocht dom)
pointe ama, am áirithe; cás nó teagmhas áirithe (rugadh air san ócáid); cúis, leithscéal (ócáid scannail); gnó, cúram (an ócáid a thug ann mé); feidhm, críoch (níl aon ócáid agam leis; rud a chur ó ócáid)
ailp, plaic, greim; snap (bhain sé sclamh asam, thug sé sclamh orm)
scríob, sciolladh; stráice (scrabha den chraiceann); sceo, scríobáil (cuir scrabha ime ar an arán); iarracht, ráib (thug sé scrabha faoin obair); cith fearthainne
greim tobann béil, mant (thug sé snap ar, bhain sé snap as, an úll); gabháil, ceapadh (tá snap maith aige); seal gearr (snap codlata); freanga, stangadh (bhain mé snap as mo dhroim); sclamh (thug sé snap orm)
banda nó líne chaol atá difriúil i ndath, i ndéanamh etc., lena thimpeallacht, straidhp; stróic, líne (stríoc phinn); scoilt (i ngruaig); smacht, ceannas (thug sé faoi stríoc é)
aird, aire (thug mé suntas dó; cuid suntais é)
bua, lámh uachtair (thug sé an svae leis)
bronnadh, soláthar (thug sé le fonn é; seilbh, teideal, a thabhairt; comhairle, breith, a thabhairt); scaoileadh amach (móid a thabhairt; cárta, cábla, a thabhairt); fás, borradh (talamh a bhfuil tabhairt ann); caitheamh (léim a thabhairt; thug sé a shaol ann); géilleadh, stríocadh, teip (má thugann an balla sin); tógáil, iompar, crochadh leat (tabhair abhaile é; thug sé leis é; tabhair i leith iad); ionsaí, iarraidh (thug sé fúm, faoi é a dhéanamh); scaradh le (eolas a thabhairt uait; dóchas a thabhairt suas)
cúl taca, teannta (thug sé tacaíocht dom, rinne sé tacaíocht liom)
ó bhonn, amach is amach (amadán ó thalamh; thug sé dó ó thalamh é); dul chun cinn (gan mórán talaimh a dhéanamh)
mian, fonn, dúil (toil Dé; más é do thoil é; níl a toil leis); cion, gean (thug mé toil don bhia, don cheol)
duine d'fhoghlaithe mara Chríoch Lochlann anallód a thug ruathair faoi iarthar na hEorpa
feidhm (rud a chur in úsáid, chun úsáide; tá mo lámh as úsáid); caitheamh (bia a úsáid); íde, cóireáil (is olc an úsáid a thug siad don leanbh)