Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: · emo · M · ma ·
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
REVERSE SEARCH IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
PHRASES IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
What about my book? cad mar gheall ar mo leabhar?
In accordance with my wish, in aice le mo thoil.
My bank account, mo chuntas sa bhanc.
F: I am all aches and pains, níl aon bhall i mo chorp nach bhfuil pian ann.
My head aches, tá pian i mo cheann.
The walking has made my bones ache, d'fhág an siúl mo chnámha síos liom; tá mé stromptha de bharr an tsiúil.
It makes my heart ache, tá mo chroí dóite aige.
He acknowledged my assistance, chúitigh sé mo chuidiú liom.
I deliver this as my act and deed, faoi mo láimh.
That does not come within my activities, ní de mo chuid oibre é sin; ní bhaineann sin le mo ghnóthaí.
F: I don't know from Adam . . ., níl a fhios agam ón spéir anuas, ach oiread le cúl mo chinn....
To add to my work, mar aguisín le mo chuid oibre.
To add to my distress, mar bharr ar mo bhuaireamh.
The land adjoining mine, an talamh atá sínte le mo chuidse.
My adopted country, tír mo dhídine.
He gave me good, bad, advice, thug sé comhairle mo leasa, m'aimhleasa, dom.
I strongly advise you, mo chomhairle duit.
That is my affair, sin mo ghnósa.
I did it against my will, in éadan mo thola a rinne mé é.
Against my advice, thar mo chomhairle.
My rights (as) against the Government, mo cheartsa os coinne an rialtais.
He put on airs with me, rinne sé duine mór de féin os mo choinne; bhí sé ag cur gothaí air féin liom.
My all, mo chuid den saol.
Not alone did he steal my money, ní hé amháin gur ghoid sé mo chuid airgid.
I count him amongst my friends, duine de mo chuid cairde é.
My ancestors, mo shinsear m.
I am in anguish, tá mo chroí á shníomh, á chrá.
My prayer has been answered, d'éist Dia le mo ghuí.
He appealed to me for help, d'agair sé mé ag iarraidh mo chabhrach.
This applies to my case, tá feidhm aige seo i mo chás-sa.
I fully appreciate all you have done, is mór mo mheas ar a ndearna tú.
The approaching car, an carr (atá, a bhí, etc.) ag teacht i mo (do, etc.) choinne.
One day as I was sitting ..., lá amháin agus mé in mo shuí . . .
My foot is asleep, tá codladh gliúragáin, codladh grifín, i mo chois.
I assume that he will come, is é mo bharúil go dtiocfaidh sé.
I paid no attention to the remarks, scaoileas an chaint thar mo chluasa.
That lies outside my attributions, tá sin taobh thall de mo chumhacht.
I was awake, bhí mé múscailte, i mo dhúiseacht.
He did it behind my back, rinne sé ar chúl mo chinn é.
He balked my plans, chuir sé mo phleananna síos is suas.
F: Bare as the back of my hand, chomh lom le mo bhois.
I lay bare, nochtaim (rún, mo chroí).
I cannot bear to see it, ní ligfeadh mo chroí dom amharc air.
F: It's off my beat altogether, tá sé lasmuigh de mo raonsa ar fad.
My heart beats with joy, tá mo chroí ag preabarnach le lúcháir.
Before my (very) eyes, os coinne mo dhá shúl.
I will die before I yield, b'fhearr liom mo bhás ná géilleadh.
I beg your pardon! gabh mo leathscéal!
He walked, followed, behind me, bhí sé ag teacht i mo dhiaidh.
With all my being, le mo chroí go hiomlán.
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News