PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Acceptance test, trial, triail f (ar earra roimh a cheannach).
Jur: Accessory before the fact, cúlpháirtí roimh an ngníomh.
He was accorded a welcome, fearadh fáilte roimhe.
I actually found the door open! an é do bharúil nach raibh an doras oscailte romham!
To arrive in advance of the others, teacht roimh an gcuid eile.
To pay in advance, íoc roimh ré.
To book a seat in advance, suíochán a chur in áirithe roimh ré.
Nau: Afore the mast, roimh an gcrann.
To be ahead, bheith roimh (long).
The ship was right ahead of us, bhí an long díreach romhainn.
To draw ahead of s.o., of ship, dul roimh dhuine, roimh long.
(You) go on ahead (of us), ar aghaidh leat romhainn.
Ahead of s.o., roimh dhuine.
You should look ahead, ba chóir duit féachaint romhat.
What are you aiming at? cad é an cuspóir atá romhat (féin) agat?
He was walking along, bhí sé ag siúl roimhe.
Reading as he went along, é ag léamh roimhe.
He lay in ambush (to attack them), rinne sé luíochán (rompu).
That would not come amiss, ní bheadh doicheall ar bith roimhe sin.
Another was there before me, bhí duine eile ansin romham.
To anticipate a result, toradh a dhéanamh amach roimh ré.
To anticipate s.o., teacht roimh dhuine, an tosach a bhaint de dhuine.
Com: Thanking you in anticipation, ag gabháil buíochais leat roimh ré.
Was there anyone to meet you there? an raibh duine ar bith romhat ann?
He was greeted with applause, tógadh gáir mholta (nuair a tháinig sé), cuireadh na gártha fáilte roimhe.
He had already been apprised of it, bhí a fhios aige roimh ré.
Athwart our bows, trasna romhainn.
He is not averse to a glass of beer, ní bheadh doicheall ar bith roimh ghloine leanna air.
s.To to-be, an t-am atá romhainn, an t-am atá le teacht.
This page and the one before, an leathanach seo agus an ceann roimhe.
(In time) The day, the year, before, an lá, an bhliain, roimhe sin.
The year before, an bhliain roimhe sin.
(Time) Before Christ, roimh Chríost.
Before long, roimh i bhfad, go gairid.
We were there before our time, bhíomar ann roimh ré.
The day before the battle, an lá roimh an gcath.
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
Fin: Redemption before due date, fuascailt roimh an dáta,
You ought to have told me beforehand, ba chóir duit a insint dom roimh ré.
He is beforehand with the rent, (i) tá an cíos íoctha roimh an am aige; (ii) tá an cíos (atá iníoctha faoi láthair) aige.
To bid s.o. welcome, fáilte a chur roimh dhuine.
Premature birth, breith roimh an am, breith anabaí.
He was blundering his way along, bhí sé ag smúracht roimhe.
On the bow, roimh an tosach.
To cross the bows of a ship, dul trasna roimh long.
Breakers ahead!, bristeacha romhainn.
He will be here by three o'clock, beidh sé anseo roimh a trí a chlog.
F: She set her cap at him, chuir sí roimpi é a mhealladh.
The coming year, an bhliain seo chugainn, seo amach romhainn.
It was a foregone conclusion, bhí sé soiléir roimh ré.