PHRASES
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He was conspicuous by his absence, thabharfadh an saol mór faoi deara nach raibh sé ann.
To attack a task, dul i gceann oibre, tabhairt faoi obair.
He was brought to book for it, tugadh air cuntas a thabhairt ann.
He was brought before the judge, tugadh i láthair an bhreithimh é. S.a. WORD1
We got a buffeting in Galway Bay, tugadh an-tuairteáil dúinn i gCuan na Gaillimhe.
What business brought you there? cén ócáid a thug ann thú?
His strong constitution carried him through (his illness), an teacht aniar a bhí ann a thug slán é (ón tinneas).
How come you to be there? céard a thug ann thú?
He decided against me, thug sé breith i m'aghaidh.
He went for a drive, thug sé geábh i gcarr.
He earns his living by writing, tuilleann sé a bheatha, tugann sé a bheatha i dtír, le scríbhneoireacht.
In the event of his refusing, i gcás gur diúltú a thabharfadh sé.
Judgment went for the plaintiff, tugadh an bhreith i leith an ghearánaí.
He gives orders over my head, tugann sé orduithe uaidh gan a gcur i mo chead.
If its there, take it, if not . . ., má bhíonn sé ann tabhair leat é, mura mbeidh...
Bring a light, tabhair i leith solas.
There comes to my mind a curious story, tugann sin i mo cheann scéal aisteach.
He is always observant of his duty, tugann sé aire mhaith i gcónaí dá dhualgas.
P: I fetched him I landed him, one on the jaw, thug mé aon dorn amháin i mbun na cluaise dó.
F: His life would not be worth an hour's purchase, ní thabharfainn saol phráta i mbéal muice dó.
The book reads like a translation, thabharfadh an leabhar aistriú i do cheann.
Legends that recall the past, finscéalta a thugann ar ais an seansaol i do chuimhne.
That reminds me of . . ., tugann sin i mo cheann . . .
P: He treated me something shocking, thug sé ainíde i gceart orm.
His nose and ears suggested a rabbit, thabharfadh a shrón agus a chluasa coinín i do cheann.
I was sure I had left it behind, thabharfainn an leabhar go raibh sé fágtha i mo dhiaidh agam.
I swear it, tugaim an leabhar ann.
He took away with him all that I had left there, thug sé leis (gach) ar fhágas ann.
To venture to do sth., a bheith de dhánacht ionat tabhairt faoi rud a dhéanamh.
What else could bring me there? céard eile céard a thabharfadh ann mé? S.a. ELSE
Land that yields no return, talamh nach bhfuil aon tabhairt ann.