Home New English–Irish Dictionary » NEID »
Search for a word in Irish or English.
Similar words: tar do · tar le · tare · tirade · trade
Start A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
DEFINITIONS AND PHRASES IN AN FOCLÓIR BEAG
an uair ar an gclog; pointe ama áirithe, ócáid (an t-am seo inné); uair nó aimsir speisialta (am dinnéir); tráth ceart (bheith in am do rud); séasúr (an t-am seo de bhliain); ré, aimsir (an t-am fadó); tráth den saol (tháinig an t-am dó ciall a bheith aige); fad saoil (ár n-am ar an saol seo)
teacht tríd an gcuid is dainséaraí de ghalar
tar éis bailiú a bheith déanta air; bruite, dóite (de rud)
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
planda bleibíneach a dtagann cloigíní de bhláthanna cumhra air san earrach
buillí a thabhairt do dhuine nó do rud; an gráinne a bhaint de thuí le hinneall buailte; uibheacha no uachtar a ghreadadh go dtagann cúr orthu; preabadh go rialta (croí ag bualadh); múnlú (airgead a bhualadh); seinm (port a bhualadh); leagan (buaileadh breoite é); sroicheadh ar do chúrsa (gur bhuail siad cuan; buail isteach chugainn); troid (bhí bualadh mór ann); bua a fháil (bhuaileamar sa chluiche iad)
de réir caighdeáin, ag teacht le caighdeán
gréasán atá lán de chosáin agus de phasáistí agus é deacair teacht as
de réir cirt, ag teacht le ceart; fírinneach, fíor; gan locht
an chuid de chos an arbhair a fhanann sa talamh tar éis a bhainte; cos arbhair nó féir; feadán caol déanta as páipéar nó plaisteach trína ndiúltar deoch
cineál de phéist bheag a thagann i bhfeoil nó i gcáis a bheadh ag lobhadh
taobh thiar de (ag siúl i mo dhiaidh); tar éis (i ndiaidh a sé a chlog); ar thóir (tá sé i ndiaidh an airgid orm)
de réir dlí, ag teacht le dlí; ceart, cóir; bailí
tar éis a dhó, loiscthe; seargtha, críon (seanduine dóite); dian, géar (is dóite an scéal é); tuirseach, bailithe (bheith dóite de rud)
thar; taobh thiar de
ceann de na cnámha cuara a thagann ón gcnámh droma thart ar dhá thaobh an bhrollaigh mar chliabh cosanta; ceann de na lataí adhmaid i gcabhail báid
duine a dhéanann gnó (díol nó ceannach) thar ceann duine eile; ceann de dhá uimhir nó breis a mbíonn toradh áirithe orthu nuair a mhéadaítear faoina chéile iad (Is fachtóirí de 8 na huimhreacha 2 agus 4)
teacht ar rud nua de bharr taighde, taiscéalaíochta, etc.; ceapadh amach as an gceann
toghchán i ndáilcheantar amháin a thagann de thoradh teachta a fháil bháis, a éirí as oifig etc.
cheal, in éagmais, in easnamh, de dhíth (gan airgead, gan chosaint, gan déanamh, gan an t-am agam, gan mo chead, gan focal as); i dtaobh le (gan agam ach iad); (leis an diúltach) (dúirt sé liom gan teacht)
duine de do mhuintir féin; cóngas, ceangal idir dhaoine a tháinig ón aon sinsear
cineál de mhála istigh sa chorp ina gcoinnítear an bia tar éis a ite go dtí go ndíleáitear é; fonn nó acmhainn ite (goile a bheith agat do rud; tá a ngoile acu)
tógáil anuas (brat, fuinneog, a ísliú); teacht anuas (ísliú de chapall); titim (ísliú luacha, céime, gutha); dul i laige (tine ag ísliú; fearg ag ísliú)
cruimh nó feithid tar éis di an ubh a fhágáil agus í fós gan a bheith fásta (larbha féileacáin)
clár fada a bhfuil taca faoina lár agus a dtig le beirt pháistí suí ar gach ceann de agus a bheith síos suas leis ar a seal
de réir nádúir, ag teacht le nádúr
chomh láidir is atá rud, láidreacht; fórsa, cumhacht (neart na tola, na gaoithe; de neart reatha); go leor, dóthain duine (tá neart ama againn); leigheas (dá mbeadh neart agam air); cumas (níl neart agam teacht as)
ag tosú ag (ó thús go deireadh; ón taobh eile anall); a thagann as (duine ó Thrá Lí); de (d'fhógair sé ón altóir é); idir (míle ó chéile, i bhfad ón áit); ag teacht as (teas ón tine; cabhair ó Dhia); foinse (ó chroí nó ó bhéal; ná creid uaidh é); fáth, cúis (sáraithe ón lá, buí ó theas na gréine); díth (airím uaim é); gá (cad tá uait); leanúnachas (ó lá go lá, ó cheann ceann na tíre); ón uair a (ó bhí tú anseo cheana); mar gheall ar (ó tharla gur mar sin atá; ós agat atá an ceart) ó + an = ón; ó + a4 = óna; ó + is = ós; ó + ar3 = ónar; ó + ár2 = ónár
gléas de níolón mín a osclaíonn ar nós scáth fearthainne le go dtig le duine nó rud tuirlingt go sábháilte ó eitleán
fíon láidir neartaithe, agus é dorcha dearg de ghnáth, a thagann ón bPortaingéil, pórtfhíon
rith, reáchtáil (riar cirt, gnóthaí); soláthar (ag riar don chléir); cur thart, roinnt (bia a riar ar dhaoine); díol freastail (tá riar a gcáis acu); cion, cuid (tar le do riar de)
uaim, áit a dtagann dhá phíosa nó níos mó de rud le chéile (siúntaí loinge); scoilt, méirscre
cuaille miotail a léimeann ar ais ina áit tar éis an brú a bhaint de, tuailm
galar tromchúiseach (glas fiacla) a chuireann glas ar mhatáin an ghéill, agus a thagann de bharr frídín a theacht isteach sa sruth fola trí chneá
trasna (thar muir; léim sé thar claí; dul thar (an) abhainn); os cionn, de dhroim (bhí uisce thar glúine air; chuaigh an roth thar a chos; bhí sé ag cur thar maoil); níos faide ná (ghabh sé thar am; ná tar thar an doras; tá mé thar m'eolas); níos mó ná (níl sé thar leathmhíle, thar na ceithre fichid); seachas (ní aithním thar a chéile iad; an lá seo thar laethanta na bliana)
meas, barr (toradh crainn, toradh talún); rud a thagann as rud eile (toradh a broinne; toradh na hoibre; de thoradh na hiarrachta); aird, beann, aire (ná tabhair aon toradh air, níl aon toradh aige orm)
éisteacht, stad de chaint (thost an comhrá; bí i do thost); ciúnú, ciúnas (thost an ghaoth; tháinig tost ar an oíche)
éirí tirim nó a dhéanamh tirim; éirí crua sa bholg; (le duine) stopadh de bheith ag caint; (le bád) tarraingt aníos ar thalamh tirim; (le hiasc) teacht i dtír
plimp, pleist, pléasc (tháinig sé orm de thuairt; tuairt bháistí)
ísliú, teacht anuas ar an talamh; teacht anuas de rud
leacht glan glé de chumasc hidrigine agus ocsaigine, gan bhlas gan bholadh ar é a bheith glan; deora (bhí uisce lena shúile); báisteach, fearthainn; sáile (uisce na farraige; dul thar uisce)
About this website | How to use this website | Feedback | Accessibility | Plugins and widgets | Website App | Grammar Wizard | News