TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
king, s. 1 Rí m. a King James, (an) Rí Séamas, Séamas Rí. B: The three Kings, na trí Ríthe. Meal fit for a king, díol rí de bhéile. He wouldn't call the king his cousin, tá sé ar bhuaic réime. b F: Boc m (mór), ridire m. One of the oil kings, duine de ridirí na hola. 2 (At chess, cards, draughts) Rí m.
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Niall was acclaimed king, gaireadh rí de Niall le hollghairdeas.
He was acknowledged as king, glacadh leis ina rí.
He was anointed king, rinneadh a choisreacan mar rí.
By special appointment to the King, ceaptha go speisialta (mar tháilliúir, etc.) don rí.
They arrayed themselves against the King, chuaigh siad d'aonleith in aghaidh an rí.
There was once a king, bhí rí ann tráth.
There was once a king whose wife died, bhí rí agus cailleadh a bhean.
He became a king, a priest, rinneadh rí, sagart, de.
Chess: To castle the king, abs. to castle, caisliú.
A cat may look at a king, faigheann an cat cead amharc ar an rí is ní fhaigheann an rí cead é a chaitheamh.
To give check to the king, an rí a sháinniú.
Pred.To choose s.o. (for a) king, duine a thoghadh ina rí.
To crown s.o. king, duine a chorónú ina rí.
To declare s.o. king, duine a ghairm ina rí.
The King's English, an Béarla ceart.
(Intensive) He was every inch a king, rí ó thalamh, ó bhonn go baithis, ab ea é.
F: The King's evil, easpa f brád, cait mpl brád.
He found favour with the king, gained the king's favour, thug sé an rí ar a thaobh,
He was in favour with the king, bhí lé ag an rí leis, bhí an rí fabhrach dó.
It is a horse fit for a king, díol rí de chapall í.
The French king, rí na Fraince.
Enjoying the friendship of kings, ag cairdeasaíocht le ríthe.
King's pawn's gambit, fiontar cheithearnach an rí.
To hail s.o. (as) king, rí a ghairm do dhuine.
The King's Highway, bóthar an rí.
(iii) It was no less a person than the King, níorbh aon duine eile ach an rí féin a bhí ann.
There once lived a king, bhí rí ann fadó.
Long live the king! go maire an rí!
Long live the king! gura fada buan é an rí! go maire an rí!
After the manner of the kings, de réir ghnás na ríthe.
In the name of the king, in ainm an rí.
He is a king in name only, níl ann ach go bhfuil ainm rí air.
Name the kings of Ireland, ainmnigh ríthe Éireann.
King or no king, he has no right to be here, más rí féin é, níl aon cheart anseo aige.
It was none other than the king, cé a bheadh ann ach an rí!
The now reigning king, an rí atá anois, faoi láthair, i gcoróin.
The son of a king, mac rí.
Once (upon a time) there was a king, (i) bhí rí ann fadó i (ii) bhí rí ann aon uair amháin.
By order of the king, ar ordú an rí.
To receive the King's pardon, pardún a fháil ón rí.
The king and his people, an rí agus a ghéillsinigh.
During the King's pleasure, fad agus is toil leis an rí é.
They proclaimed him king, ghair siad rí de.
To recognize s.o. as king, glacadh le duine mar rí.
The supreme authority resides in the King, ag an rí atá an t-ardcheannas.
To restore the king (to the throne), an rí a chur ar ais i gcoróin.
To salute s.o. king, gairm rí a thabhairt do dhuine.
God save the king, Dia; leis an rí.
A: To wear the King's scarlet, bheith sna saighdiúirí dearga.