TORTHAÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
send1, v.tr. 1 Cuirim. a To send a child to school, páiste a chur ar scoil, chun scoile. To send s.o. home, duine a chur abhaile. To send s.o. for s.o., sth., duine a chur faoi choinne, ag iarraidh, duine, ruda. b Cuirim (litir, etc.) chun siúil, chun bealaigh. To send word to s.o., scéala a chur chuig duine. To send clothes to the wash, éadaí a chur á níochán. 2 (Drive, compel) Gluaisim, spreagaim. Fear sent him out through the streets, ghluais an eagla amach faoi na sráideanna é. It sent a shiver down my spine, chuir sé drithlíní le mo dhroim. The blow sent him sprawling, rinne an buille crústa de. It sent him mad, chuir sé thar bharr a chéille é. 3 God send that he may get better, go dtuga Dia dó biseach a fháil. (God) send him victorious, go dtuga Dia an bua dó. God send he may not die, nár lige Dia go bhfaighe sé bás. 4 If you don't send I shall not come, mura gcuirfidh tú fios orm ní thiocfad. To send for s.o., sth., fios a chur ar dhuine, ar rud. I shall send for it, cuirfead duine éigin ag triall air. The doctor was sent for, cuireadh faoi choinne an dochtúra, cuireadh fios ar an dochtúir.
send2, v.i. Tumann (long).
ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To send a person about his business, an bóthar a thabhairt do dhuine.
To send, give, sth. back again, rud a chur, a thabhairt, ar ais.
To send a ship to the bottom, soitheach a chur go tóin (poill).
F: To send s.o. about his business, an doras a thabhairt do dhuine. S.a. MIND2 2
To send a message in clear, teachtaireacht a chur chun bealaigh sa ngnáthlitriú.
To drive, to send, s.o. crazy, duine a chur thar bharr a chéille.
He was sent away with a flea in his ear, cuireadh chun bealaigh é go maolchluasach.
Goods sent in error, earraí a seachadadh trí dhearmad.
He was sent there under escort, cuireadh ann é agus garda air.
F: Send him to me and I'll put him through his facings, cuir chugam é agus cuirfead ar fud a phionsa é.
F: To send s.o. flying, duine a chur in aer, a bhaint dá bhoinn.
To send a plate flying, pláta a scaoileadh tríd an aer.
To send the enemy flying, ruaig a chur ar an namhaid.
Catalogue sent free on request, clár in aisce ach é a iarraidh.
To send s.o. on in front, duine a chur chun cinn, chun tosaigh, ar (shlua); amach roimh (shlua).
To send greetings to s.o., beannacht a chur chun duine.
To send a letter by hand, litir a chur le teachtaire.
To send, pass, the hat round on s.o.'s behalf, déirc a iarraidh do dhuine.
I am sending you herewith . . ., táim ag cur . . . chugat leis seo.
F: To send s.o. to Jericho, bata agus bóthar a thabhairt do dhuine.
To send s.o. to kingdom-come, duine a chur chun an tsaoil úd eile.
To fly, send up, a kite, (i) eitleog a chur in airde, (ii) F: bheith ag fóideoireacht, ag braiteoireacht
I'll send him to you the minute he arrives, cuirfidh mé chugat é chomh luath agus a thiocfas sé.
To send s.o. on a mission, duine a chur ar mhisean.
He sent in his name, (i) chuir sé síos a ainm (do chomórtas, etc.) (ii) thug sé a ainm le hinsint (do sheirbhíseach).
What need is there to send for him? cad is gá fios a chur air?
F: To send s.o. packing, an bóthar a thabhairt do dhuine.
(Of officer) To send in one's papers, do leabhar a chur isteach; éirí as.
Sent per carrier, curtha chun bealaigh le teachtaire.
To send sth. by post, rud a chur ar an bpost,
To send s.o. to prison, to put s.o. in prison, príosún a ghearradh ar dhuine; príosúnacht a chur ar dhuine.
To send s.o. one's kind regards, do dhea-mhéin a chur chuig duine.
F: To send s.o. to the right-about, an bóthar a thabhairt do dhuine.
To send sth. as a sample, rud a chur mar shampla.
To send on a letter, an order, litir, ordú, a chur chun cinn.
Send it up to me, cuir aníos chugam é.
To send up a balloon, scaoilim, ligim, balún san aer.
W.Tel: Sending station, stáisiún m astaíochta.
F: He got a great send-off, bhí comóradh mór leis ag imeacht dó.
The play has been given a good send-off, fáiltíodh go mór roimh an (gcéad léiriú den) dráma.
It sent cold shivers down my back, chuir sé creatha fuachta orm.
Blow that sent him spinning, buille a chuir ag rince é.
I sent him sprawling, rinne mé crúbadán de.
I will send you such as I have, cuirfidh mé chugat an cineál atá agam.
(Of bees) To send out a swarm, saithe f a chaitheamh.
To make, put in, send in, a tender for sth., tairiscint a chur isteach ar rud.
The letters that you sent to me, na litreacha a chuir tú chugam.
The man that I sent it to, an fear ar chuireas chuige é.
He returns every letter that I send to him, cuireann sé ar ais gach aon litir dá gcuirim chuige.
To send sth. through the post, rud a chur ar an bpost.