ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The climate is affecting his health, tá an aeráid ag goilleadh ar a shláinte.
Her face was aglow with health, bhí luisne na sláinte ina haghaidh.
I am anxious for his health, tá imní orm faoina shláinte.
To ask after s.o., after s.o.'s health, tuairisc duine, tuairisc faoi shláinte duine, a chur.
His health broke down, mheath a shláinte.
Break-down in health, meath m sláinte.
He breathes health, tá dreach na sláinte thuas air.
He is broken in health, tá an tsláinte caillte aige.
He is bursting with health, tá sláinte an bhradáin aige.
Take care of your health, tabhair aire do do shláinte.
My compliments to . . ., beatha agus sláinte uaim chun . . .
I am concerned for his health, tá a shláinte ag déanamh imní, buartha, dom.
He has gone into a decline, tá sé ar meathlú sláinte, tá sé á chnaí, á ghoid as.
To drink to s.o.'s health, sláinte duine a ól.
He enjoys good health, tá an tsláinte aige.
To be (bodily) fit, (i) Med: bheith i mbláth na sláinte; (ii) Sp: bheith inlúith.
He is as fit as a fiddle, tá sé chomh folláin le breac, tá sláinte an bhradáin aige.
He is in the full flush of health, tá sé i mbláth na sláinte.
My health forbids my coming, ní ligeann mo shláinte dhom teacht.
To give a toast, sláinte a ghlaoch, a thabhairt.
I give you the lady, ólaimis sláinte na mná uaisle.
The glow of health, luisne f na sláinte.
Glowing with health, faoi luisne na sláinte.
For the good of his health, ar mhaithe lena shláinte.
He has been retired on the ground of his infirmities, tugadh air éirí as a phost ar chuntas a shláinte, ar shéala na drochshláinte.
The weather has played old Harry with his health, rinne an aimsir an diabhal ar a shláinte.
To regain health, an tsláinte a fháil ar ais.
He is in good health, tá sé ina shláinte.
Public health, sláinte na ndaoine.
The Department of Health, an Roinn Sláinte.
Health insurance, árachas ar shláinte.
Health certificate, teastas m sláinte.
To drink (to) the health of s.o., sláinte duine a ól.
Here's to you! bheirim do shláinte!
Here's to the ladies! seo sláinte na mban!
That injured his health, chuaigh sin faoina shláinte.
Injurious to the health, olc ag an tsláinte.
There is nothing like health, is fearr an tsláinte ná na táinte.
To drink the loyal toast, sláinte an rí a ól.
Medical officer of health, dochtúir oifigiúil na sláinte.
F: To mine one's constitution, do sláinte a mhilleadh.
The Ministry of Health, Aireacht na Sláinte.
He is in the pink of health, tá sláinte an bhradáin aige.
To propose the health of s.o., sláinte duine a ghairm, a ghlaoch.
To propose a toast, sláinte a fhógairt.
To recruit one's health, abs.to recruit, biseach, feabhas, a chur ar do shláinte.
To re-establish one's health, teacht ar ais i do shláinte.
Health resort, áit chun sláinte.
To restore s.o. to health, a shláinte a thabhairt ar ais do dhuine.
Rude health, sláinte f rúpach; sláinte an bhradáin.