Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: again · asainn · agrann · álainn · argain
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
Seans gur foirm é againn de: ag »
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
It is time for us to act, tá sé in am againn beart a dhéanamh.
We all love him, tá grá againn uile air.
pl.We know his antecedents, tá stair an fhir againn.
We had an anxious time, bhí saol míshuaimhneach againn.
Our at-home day is Thursday, Déardaoin lá na gcuairteoirí againn.
F: We are all in the same boat, is ionann cás don iomlán againn, is é an dála céanna againn ar fad é.
We break up on the fourth, beidh scíth againn ón gceathrú lá.
(Smart) He was too clever for us, bhí sé róghlic againne.
All the tales that have come down to us, na seanscéalta go léir a fágadh d'oidhreacht againn.
Come on, let's have a game! seoigí, bíodh cluiche againn.
Circumstances beyond our control, cúrsaí nach bhfuil aon neart againn orthu.
We have just enough to do on, níl againn ach tarraingt ár láimhe.
We do not know, níl a fhios againn.
Balance due to us (from Mr. O'Connor), an fuílleach atá againn ar Mhac Uí Chonchúir.
Money due to us, to the firm, airgead atá amuigh againn, ag an gcomhlacht.
Each one of us, gach duine againn, gach aon duine againn.
Each of us, gach aon duine againn.
We had an early dinner, bhí dinnéar luath againn.
We had a most enjoyable evening, bhí tráthnóna an-suairc againn.
Every one of us, gach aon duine againn; gach uile dhuine againn.
We lost everything we had, chaill muid a raibh againn.
We fared well, bhí cóir mhaith againn.
Our days are few, níl ach roinnt bheag laethanta againn.
There are very few of us, níl ach scata beag againn ann.
We have our fill of it, tá ár ndóthain, ár sá, againn de.
We had a fine time, bhí an-saol againn.
How are we fixed for money?, cén t-airgead atá againn?
He is free of our house, tá fáilte roimhe i gcónaí chun an tí againn.
We got talking about the war, thosaigh an chaint ar an gcogadh againn.
We had a glorious time, bhí an-saol againn.
We've got to go through with it, níl dul as againn ach leanúint go deireadh na scríbe.
We are on sure, firm, ground in this much, tá talamh slán againn sa mhéid sin.
Com: Goods left on our hands, earraí a fágadh againn (gan díol).
Let's have a hand of twenty-five, bíodh cluiche cúig fichead againn.
We don't handle these goods, ní bhíonn na hearraí sin againn; ní dhéanaimid trácht sna hearraí sin.
Let us have a game, bíodh cluiche againn.
Com: Hoping to hear from you, agus súil againn scéala a fháil uait.
We had a hectic night, bhí oíche rua againn.
Things we cannot help (happening), rudaí nach bhfuil neart againn orthu.
Christmas is here! tá an Nollaig againn!
At, in, our house, sa teach s'againne.
It is imperative for us all to . . ., ní mór don uile dhuine againn . . ., caithfidh gach duine againn. . .
Until we are better informed, go mbeidh a thuilleadh eolais againn.
Instead of our having profited by it..., in áit sochar ar bith a bheith againn as ...
It does not come within our jurisdiction, níl aon údarás againn air.
They are neighbours of ours but we do not know them, tá siad sa chomharsanacht againn ach ní bhíonn aon chaidreamh againn orthu.
That leads us to believe that. . ., tugann sin orainn a chreidiúint go . . ., tá le creidiúint againn uaidh sin go . . .
If we were one less there would have been room, dá mbeimis fear níos lú (ann) bheadh slí againn.
We live on hope, níl againn ach ár ndóchas.
We live a happy life, tá saol sona againn; mairimid go sásta.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht