ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
If he comes at all, má thagann sé ar chor ar bith.
As often as I possibly can, chomh minic agus a fhéadfas mé ar chor ar bith é.
What can it be? céard é féin ar chor ar bith?
John? what can he want? Seán? céard a bheadh uaidh ar chor ar bith?
F: What are things coming to? céard atá i ndán dúinn chor ar bith?
Does he ever come here? an dtagann sé anseo aon uair? an dtagann sé anseo ar chor ar bith?
I was landed with a book I did not want, buaileadh leabhar orm nár theastaigh uaim in aon chor.
(i) The house is no more, níl an teach ann anois ar chor ar bith.
I can't understand it -- No more can I, ní thuigim ar chor ar bith é -- Ná mise ach an oiread (leat).
I never go there, ní théim ann ar chor ar bith, in aon chor.
I never expected him to come, ní raibh mé ag súil ar chor ar bith, ní raibh aon súil riamh agam, go dtiocfadh sé.
It is no distance, níl sé i bhfad ar chor ar bith, in aon chor.
No, no, you are mistaken, ní hamhlaidh ar chor ar bith, ní hea in aon chor, tá tú san earráid.
His position is none too secure, níl sé suite ródhaingean ar chor ar bith.
Are you ill? -- Not at all, an bhfuil tú tinn? -- Níl ar chor ar bith, in aon chor.
Take any old hat, tarraing ort aon hata in aon chor.
It is not my part to speak about it, ní liomsa labhairt ar chor ar bith air.
Within the range, the bounds, of possibility, má tá i ndán ar chor ar bith gur féidir.
What possible connection can he have with it? cén bhaint ar chor ar bith a d'fhéadfadh a bheith aigesean leis?
I cannot possibly do it, ní fhéadfaidh mé é a dhéanamh ar chor ar bith.
F: He is a prisoner to his room, ní fhágann sé a sheomra ar chor ar bith.
Do it properly or not at all, má dhéanann tú ar chor ar bith é déan ceart é.
Your friend is a real puzzle to me, ní thuigim do chara ar chor ar bith.
Full statement of the position, faisnéis iomlán ar chor na ngnóthaí.
No such thing! ní hamhlaidh ar chor ar bith! a mhalairt ar fad! S.a. ANOTHER
I am amazed that you go there at all, tá ionadh orm go dtéann tú ann, tú a dhul ann, in aon chor.
What am I thinking about? céard atá ar mo chloigeann ar chor ar bith?
I never touch whiskey, ní bhlaisim den uisce beatha ar chor ar bith; ní bhíonn roinn, plé, ar bith leis an uisce beatha agam.
Uncoloured account of sth., cuntas lom, gan chor, ar rud.
I am at a loss to understand it, ní thuigim ar chor ar bith é.
It is not at all unlikely that he will come, ní rud dochreidte é ar chor ar bith go dtiocfaidh sé.
He never speaks of what he has suffered, ní labhraíonn sé ar chor ar bith ar ar fhulaing sé.
Has he any chance whatever? bhfuil seans ar bith, aon seans in aon chor, aige?