ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is a total abstainer (from alcohol), ní bhaineann sé don ól; ní ólann sé aon deoir.
That does not affect the matter, ní bhaineann sin leis an scéal.
The child amuses itself with the toy, baineann an páiste sult as an mbréagán.
That does not bear on the question, ní bhaineann sin leis an scéal, le hábhar.
That is beside the point, ní bhaineann sin leis an scéal.
Terrier bitch, brocaire m baineann.
Carline thistle, feochadán mín, baineann.
That does not concern me, ní bhaineann an scéal sin liomsa, domsa.
I am not directly concerned, ní bhaineann sin go díreach liomsa.
It deals exclusively with . . ., ní bhaineann sé ach le ... amháin.
It is extraneous to the matter in hand, níl aon bhaint aige leis an ngnó atá idir lámha, ní bhaineann sé le hábhar.
All is fish that comes to his net, baineann sé a ghaisneas as gach uile shórt.
It is good form, baineann sé le dea-bhéasa.
She-fox, sionnach baineann.
It is part of my functions to ..., baineann sé le m'fheidhmeannas ...; is de mo dhualgas ...
The gentle(r) sex, an cineál baineann.
What's that got to do with it? conas a bhaineann sin leis (an scéal)?
He enjoys a good grouse, baineann sé an-sásamh as greas cnáimhseála.
Hen-lobster, gliomach m baineann.
I fail to see how that affects you, ní thuigim conas a bhaineann sin leat.
It is irrelevant to the matter, ní bhaineann sé leis an scéal, le hábhar.
It seems likely, baineann sé le dealramh.
A little makes us laugh, is beag an rud a bhaineann gáire asainn.
F: That's beside the mark, ní bhaineann sin leis an scéal.
It matters a good deal to me, baineann sé go mór liomsa, is mór agamsa é.
It is in the nature of things that..., baineann sé le nádúr go . . .
None of this concerns me, ní bhaineann a dhath de seo liomsa.
That is nothing to do with you, ní bhaineann sin duitse; ní haon chuid de do ghnósa é sin.
It is no business of yours, ní bhaineann sé dhuit.
That's outside the question, ní bhaineann sin leis an scéal.
Your remark is not to the point, ní bhaineann do chuid cainte leis an scéal dubh ná dath.
It is not to the purpose, ní bhaineann sé le hábhar.
Doe rabbit, coinín baineann.
That does not regard me, ní bhaineann sin liomsa.
As for, as regards, you, i dtaca leatsa, chomh fada agus a bhaineann an scéal leatsa.
Agreement relating to . . ., socrú a bhaineann le ...
Information relating to a matter, eolas a bhaineann le rud, i dtaobh ruda.
That has no relation to the present situation, nil baint ar bith aige sin, ní bhaineann sin, leis an scéal mar atá sé.
The relevant documents, na cáipéisí a bhaineann leis an scéal.
All relevant information, gach eolas a bhaineann le hábhar.
It does not fall within the scope of this book, ní bhaineann sé le cúram an leabhair seo.
Attrib.She-lion, leon baineann.
Dress that makes one look small, culaith a bhaineann ó airde duine.
If it takes so many men so long to do so much work, má bhaineann sé an oiread seo ama as an oiread seo fear an oiread seo oibre a dhéanamh.
Once he starts talking..., ó bhaineann sé amach sa chaint . . .
Slowly but surely does it, baineann an mhoill an barr léi, is fearr mall cinnte ná luath lochtach.
He makes a penny go a long way, baineann sé fad as an bpingin.