Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cnáimh · cnámhú · cnúmh · caomh · clamh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
The walking has made my bones ache, d'fhág an siúl mo chnámha síos liom; tá mé stromptha de bharr an tsiúil.
The bone became anchylosed, tháthaigh an chnámh.
F: Like anything. He ran like anything, d'imigh sé an méid a bhí ina chnámha.
His back was broken, briseadh cnámh an droma, an droim, aige.
He has no backbone, níl aon chnámh droma ann.
You must make the best of what you have, sin cnámh agat agus cuir féin feoil air.
Bone black, dubh m cnámh.
He ran like blazes, rith sé an méid a bhí ina chnámha.
He is (nothing but) a bag of bones, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
Prov: What is bred in the bone comes out in the flesh, an rud a bheirtear sa chnámh is doiligh a bhaint as an bhfeoil.
The broad facts, cnámha an scéil.
To tread on s.o.'s corns, teacht i ndeas don chnámh le duine.
When it came to the crucial test, nuair a chuaigh an chúis go cnámh na huillinne.
The matter in dispute, an chnámh spairne, an t-údar sáraíochta.
To doss down, na cnámha a shíneadh.
Two dogs fighting over a bone, dhá mhadra i gcochall a chéile mar gheall ar chnámh.
To set a fracture, briseadh a dheisiú, cnámh a shnaidhmeadh.
Anat: Frontal bone, cnámh f an éadain, tulchnámh f.
In the full glare of publicity, os comhair cnámh súl an phobail.
This cold goes right through me, tá an fuacht seo ag dul go cnámh ionam.
Herring-bone pattern, patrún cnámh scadáin.
(Of allusion, etc.) To hit home, focal a chur i gcion, go cnámh.
He is inherently lazy, tá an leisce sa chnámh ann.
They ran all they knew, rith siad an méid a bhí ina gcnámha.
That's getting rather near the knuckle, tá sin ag gabháil rud beag thar cailc, i ngaireacht don chnámh.
To pick, pull, s.o. to pieces, duine a liobairt, a fheannadh, go dtí an chnámh.
When it comes to the push, nuair théann an chúis go cnámh na huillinne.
To put out (of joint), (cnámh) a chur as áit, as alt.
To discover human remains, teacht ar chnámha daoine.
It was the last resort..., nuair a chuaigh an chúis go cnámh na huillinne ...
To come to the rub, teacht go cnámh na huillinne.
When it comes to the scratch, nuair rachas sé go cnámh na huillinne.
To scratch up a bone, cnámh a thochailt as an talamh. v.i.
To set a bone, cnámh a chur ina háit, a dheisiú.
If it comes to a show-down, má théann an chúis go cnámh na huillinne.
He is reduced to a skeleton, níl ann ach na cnámha.
He is nothing but skin and bone, níl ann ach na cnámha agus an craiceann.
F: To give a sop to Cerberus, cnámh a thabhairt don mhadra.
To splint a bone, cléithíní a chur le cnámh.
Synopsis of chemistry, cnámha fpl na ceimice.
When it comes to the test, nuair a rachaidh an scéal go cnámh na huillinne.
He had a fishbone in his throat, sheas cnámh éisc ina scornach.
He was thrown back on manual labour, b'éigean dó taca a bhaint as, dul i muinín, a cheithre cnámha.
The question touches you nearly, tá an scéal i ngar don chnámh agat féin; baineann an scéal go dlúth leat féin.
The gardener turned up some human bones, thochail an garraíodóir roinnt cnámha daonna aníos.
He was unsparing of his strength, thug sé a raibh ina chnámha.
If the worst comes to the worst, má théann an scéal, an chúis, go cnámh na huillinne.
F: He ran for all he was worth, rith sé leis an méid a bhí ina chnámha.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht