ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To make advances to s.o., a chur chun tosaigh ar dhuine; dul chun cainte le duine (faoi chúis, etc.).
He turned it to advantage, chuir sé chun sochair dó féin é.
To set a ship afloat, long a chur chun na farraige; a chur ar an uisce.
Helm alee! cuir chun na gaoithe í!
To alter sth. for the worse, athrú chun olcais a chur ar rud.
To make approaches to s.o., cur chun tosaigh ar dhuine.
He bettered himself, chuir sé é féin chun cinn, chun tosaigh.
F: God blessed them with children, chuir Dia clann chucu.
To call his bluff, (i) (at poker) iarraidh air a chuid cártaí a chur chun cláir; (ii) tabhairt ar dhuine cur lena chuid cainte.
He braced himself (up) to do it, chuir sé cuil air féin chun a dhéanta.
To burn s.o. out, duine a chur chun siúil le tine.
To put a call through, glaoch m a chur chun cinn.
To call to arms, gairm chun slógaidh, gairm slua, a chur amach.
He is making capital out of it, tá sé á chur chun a leasa féin; tá sé ag iarraidh teacht i dtír air.
To set up a claim, éileamh a chur chun cinn.
To send a message in clear, teachtaireacht a chur chun bealaigh sa ngnáthlitriú.
He got into communication with her, chuir sé scéala chuici.
To contest s.o.'s right to do sth., cur i gcoinne ceart duine chun rud a dhéanamh.
Com: To credit a sum to s.o., to credit s.o. with a sum, suim a chur chun sochair do dhuine, i leith duine.
To put s.o. to death, duine a chur chun báis.
To cater sth. to the debit (-side) of an account, suim a chur chun dochair an chuntais.
The executioner soon dispatched the prisoners, ba ghairid an mhoill ar an mbásaitheoir na príosúnaigh a chur chun báis.
I incurred his displeasure, chuir mé míshástacht air, tháinig míghnaoi air chugam.
To drop s.o. a line, a card, cúpla focal, cárta, a chur chun duine.
To ensure s.o. enough to live on, a dhóthain chun maireachtála a chur in áirithe do dhuine.
F: Send him to me and I'll put him through his facings, cuir chugam é agus cuirfead ar fud a phionsa é.
To get, grow, fat, titim chun feola, feoil a chur suas.
Mec.E: To feed the tool to the work, an uirlis a chur chun oibre.
He thrusts, pushes, himself forward, bíonn sé á bhrú féin chun cinn, á chur féin in iúl.
To send s.o. on in front, duine a chur chun cinn, chun tosaigh, ar (shlua); amach roimh (shlua).
To remand a case for further enquiry, cúis a chur ar athló chun tuilleadh fiosrúcháin a dhéanamh.
For the furtherance of, in furtherance of sth., ar mhaithe le rud, le rud a chur chun cinn.
He gathered himself together for the spring, chuir sé fuinneamh ann féin chun na léime.
To get on with the job, an gnó a chur chun cinn.
He must go, caithfear a chur chun siúil, caithfear bata agus bóthar a thabhairt dó.
To send greetings to s.o., beannacht a chur chun duine.
To put grit in the bearings, na gnóthaí a chur chun siobarnaí.
Let me have the money to-morrow, cuir an t-airgead amárach chugam.
Let me have an early reply, cuir freagra chugam go luath.
Up (with the) helm! cuir chun na gaoithe í!.
I am sending you herewith . . ., táim ag cur . . . chugat leis seo.
Jur: To issue a warrant for the arrest of s.o., barántas a chur amach chun duine a ghabháil.
He set out on his journey, chuir sé chun bóthair.
He did justice to his talent, chuir sé a bhua chun sochair.
Com: Kindly remit by cheque, cuir seic chugainn le do thoil.
To send s.o. to kingdom-come, duine a chur chun an tsaoil úd eile.
Please let us know, cuir scéala chugainn le do thoil.
Let me know when he comes, cuir scéala chugam nuair a thiocfaidh sé.
F: To give s.o. his marching orders, duine a chur chun bealaigh; an bóthar a thabhairt do dhuine.
I must have notice, caithfear scéala a chur chugam roimh ré.