Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: gobach · goblach · gorach · grách · bograch
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Never again, go brách arís.
For (ever and) aye, go brách na breithe, go deo na ndeor.
He will never come to much, ní dhéanfaidh sé aon mhaith go brách.
I’d never connect them with that sort of work, ní shamhlóinn a leithéid sin d'obair leo go brách.
Never darken my door again! ná dall mo dhoras go brách arís!
I shall always be in your debt, beidh mé faoi chomaoin agat go brách.
He was destined never to see her again, ní raibh sé i ndán dó í a fheiceáil go brách arís.
We shall never hear the end of the matter, ní bheidh deireadh go brách leis an scéal seo.
For ever, go deo, brách; choíche.
Gone for ever, imithe (gan filleadh) go brách.
For ever and ever, go deo deo, go deo na ndeor, go brách na breithe.
Their name liveth for evermore, mairfidh a n-ainm go brách na breithe.
It is graven on my memory, ní scarfaidh sé go brách le mo chuimhne.
Better late than never, is fearr go mall ná go brách; is fearr déanaí ná ródhéanaí.
We shall never look upon his like again, ní fheicfimid a mhacasamhail go brách arís; ní bheidh a leithéid arís ann.
He'll never live it down, beidh sé á chasadh leis go brách.
I can never look him in the face again, ní bheidh tógáil mo chinn agam leis go brách arís.
If I see him any more, má fheicim arís go brách é.
(Future) I will never go there again, ní rachad ann go brách arís, go deo arís, choíche arís.
Never, never, shall I forget it, ní dhéanfad dearmad de go deo, go brách na breithe, go deo na ndeor.
Better late than never, is fearr go deireanach ná go brách.
Such an idea would never have occurred to me, ní chuimhneoinn go brách ar a leithéid.
In, to, for, perpetuity, choíche, go deo, go brách.
He's all right for the rest of his life, ní bheidh lá anró go brách arís air.
You can't think what he looks like, ní shamhlófá go brách an chosúlacht atá air.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht