ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He is not any better to-day, níl feabhas ar bith inniu air, níl sé pioc níos fearr inniu.
Books attuned to modern life, leabhair atá ag freagairt do shaol an lae inniu.
(Ill, diseased) She is very bad to-day, tá sí go han-dona inniu.
This day week, (i) (future) seachtain ó inniu; (ii) (past) seachtain is an lá inniu.
At, to, this (very) day, go dtí an lá atá inniu ann.
She is on edge to-day, tá sceideal inniu uirthi.
There was a flare-up at the fair to-day, chuaigh an lasóg sa bharrach inniu ar an aonach.
This day fortnight, coicís ó inniu.
A fortnight ago to-day, coicís is an lá inniu.
The foundations of modern society, bunús córas maireachtála an lae inniu.
I am going out to dinner to-day, íosfaidh mé mo dhinnéar amuigh inniu.
Mrs. X. is not at home to-day, (i) níl Bean X. sa bhaile inniu; (ii) ní lá cuairteoirí ag Bean X. é seo.
The factory is idle to-day, tá an mhonarcha ina stad inniu.
It is Monday, inniu an Luan.
This day last week, seachtain is an lá inniu.
Modern times, an saol atá inniu ann.
The ancients and the moderns, lucht an tseansaoil agus lucht an lae inniu.
This day month, mí ó inniu.
No news today? -- None, bhfuil scéal nua ar bith inniu? Scéal ar bith; an diabhal scéal.
In three days from now, faoi cheann trí lá ó inniu.
On a warm day like this, lá te mar atá inniu ann.
I was on to him on the phone this morning, bhí mé ag caint leis ar an nguthán maidin inniu.
The present order of things, saol an lae inniu.
Other days, other ways, is mór idir inné agus inniu.
I am (all) on my own to-day, tá mé liom féin inniu; tá mé i m'aonar inniu.
Power has revolutionised modern industry, tá athrú réabhlóideach ar thionscail an lae inniu ag na hinnill.
What is the programme for to-day? céard atá leagtha amach don lá inniu?
Your letter reached me to-day, fuair mé do litir inniu.
Abs.She is not receiving to-day, ní lá cuairteoirí aici inniu é.
Abs.Reckoning from to-day, ag áireamh ó inniu amach.
They are running an extra train to-day, tá traein bhreise inniu acu.
I ran into him to-day, casadh orm inniu é.
The rush of modern life, fuadar an tsaoil inniu.
I am not (quite) myself to-day, níl mé istigh liom féin inniu.
I feel shaky to-day, tá mé crólag inniu.
This day last year, bliain is an lá inniu.
To this day, go dtí an lá atá inniu ann.
Today week, (i) (fut.) seachtain ó inniu; (ii) (past) seachtain is an lá inniu.
Eleven years today, aon bhliain déag cothrom an lae inniu.
Today's paper, páipéar an lae inniu.
He is here today and gone tomorrow, tá sé anseo inniu agus ansiúd amárach.
I didn't touch food to-day, ní dheachaigh blas bia i mo bhéal inniu.
This day twelvemonth, (i) (in fut) bliain ó inniu; (ii) (in past) bliain ó shin, is an lá inniu.
Unto this day, go dtí an lá inniu.
Up to this day, go dtí an lá atá inniu ann.
A year ago to the very day, bliain is an lá inniu go díreach.
To this very day, go dtí an lá atá inniu ann.
A week from now, this day week, today week, seachtain ó inniu.
A week ago, this day week, today week, seachtain is an lá inniu.