ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
Art: A fine canvas, pictiúr breá.
Art: To compose the figures in a picture, na fíoracha a shuíomh i bpictiúr.
Art: Conversation piece, pictiúr caidrimh.
To do a town, a picture-gallery, cuairt a thabhairt ar bhaile, ar áiléar pictiúr.
To draw a picture of s.o., pictiúr duine a tharraingt.
She was gazing ecstatically at the picture, bhí sí faoi dhraíocht ag féachaint ar an bpictiúr.
Effective picture, pictiúr cumasach.
A flattering portrait, pictiúr rósciamhach.
P: (=flickers) The flicks, na pictiúir.
He gaped at the picture, chuir sé clab air féin ag stánadh ar an bpictiúr; leath a shúile agus a bhéal air ag féachaint dó ar an bpictiúr.
Gloomy picture, pictiúr gruama.
The greens of a picture, uainí fpl pictiúir.
That picture grows on me, tá an pictiúr sin ag dul i gcion orm.
Picture hanging on the wall, pictiúr ar crochadh ar an mballa.
Historical painting, pictiúr staire.
Illustrated paper, páipéar pictiúr.
He is the living image of his father, is é pictiúr a athar é.
The picture is a good likeness (of him), tá sé mar a bheadh sé ina bheatha sa phictiúr.
Art: An old master, (pictiúr le) ard-dathadóir den seanreacht.
To paint a picture in oils, pictiúr a dhéanamh le dathanna ola.
Pen and ink drawing, pictiúr pinn.
The pictures, na pictiúir (reatha).
His pictures fetch huge prices, faigheann sé an-airgead ar a chuid pictiúr.
To project a picture on the screen, pictiúr m a chaitheamh ar scáileán.
Projector lantern, picture-projector, teilgeoir (pictiúr).
This picture represents nothing, ní léiríonn an pictiúr seo dada,
A reputed Rembrandt, pictiúr a chuirtear ar Rembrandt.
The reverse side of a picture, cúl m pictiúir.
Museum rich in paintings, músaem a bhfuil neart pictiúr ann.
His eyes roved over the pictures, thug sé spléachadh ar na pictiúir ó cheann ceann.
That brings the scene before you, tugann sin an pictiúr os comhair na súl agat.
To scratch a figure on ivory, pictiúr a ghreanadh ar eabhar.
To show a picture on the screen, pictiúr a chur ar an scáileán.
As shown in the picture. mar a fheictear sa phictiúr.
The other side of the picture, cúl an phictiúir.
F: A speaking likeness, pictiúr beo.
To take down a picture, pictiúr a bhaint anuas,
Picture theatre, teach m pictiúr.
To throw a picture on the screen, pictiúr a chaitheamh ar an scáileán.
Low-toned picture, pictiúr dathmhaol, dathchiúin.
To add a few touches to a picture, deismínteacht bheag bhreise a dhéanamh ar phictiúr.
Transfer(-picture), pictiúr inaistrithe, aistreog f.