ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
I abide by what I said, seasaim leis an méid a dúras,
He said in broken accents..., dúirt sé agus tocht ina ghlór ...
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
After all (is said and done), tar éis an tsaoil; i ndiaidh gach ní.
Time after time, I said it to him, dúirt mé leis é arís agus arís eile.
When all is said and done, tar éis an tsaoil.
He said it as an aside, dúirt sé faoina fhiacail é.
He just said a bare 'Thank you' to me, ar éigean a thug sé buíochas dom.
It was not you who said it, ní thusa a dúirt é.
It is said that . . ., deirtear go . . .
That bears out what I have said, tá sin ag cur leis an rud a dúirt mé.
If I said so it was because it had to be said, má dúirt mé sin féin is ar an ábhar go mb'éigean a rá.
He said so before me, dúirt sé sin i m'fhianaise. S.a. WIND1
Before going away, he said . . ., roimh imeacht dó, sular imigh sé, dúirt sé ...
He said it bluntly, dúirt sé é plinc pleanc, gan fiacail a chur ann.
He said under, below, his breath, dúirt sé faoina anáil, i gcogar, faoina fhiacail.
I did not catch what you said, níor chuala mé i gceart céard a dúirt tú.
It must be said to his credit that..., caithfear a rá ar a thaobh go . . .
In his defence, it may be said that. . ., ar a shon, ar a thaobh, is féidir a rá go . . .
He said, in a detached manner..., dúirt sé, go neamhthuairimeach...
He said so, did he? Dúirt sé sin, an ndúirt?
He said he would go and he did go, and go he did, dúirt sé go n-imeodh sé agus d'imigh, agus is é d'imigh.
Easier said than done, is fusa a rá ná a dhéanamh.
That is what he said or words to that effect, murab é sin é a dúirt sé, sin é éirim a chuid cainte.
Enough said! ní beag a bhfuil ráite; is leor sin.
By way of excuse he said that . . ., mar leithscéal dúirt sé . . .
He said first one thing and then another, bhí gach re scéal aige; bhí malairt scéil gach uile phointe aige.
They said good-bye to one another, d'fhágadar slán ag a chéile; ghlacadar cead lena chéile.
He could hardly have said it, ní móide go ndúirt sé é.
He said it, eisean a dúirt é.
To hear sth. said to s.o., rud a chloisteáil á rá le duine.
I have heard it said, F: I have heard tell that..., chuala mé iomrá go...
It was said in my hearing, in éisteacht mo chluas a canadh é; mo dhá chluais a chuala é.
In the heat of the moment he said it, dúirt sé é nuair a bhí sé tógtha.
Be it said incidentally, dála an scéil.
'But . . ..,' said my interlocutor, ‘ach . . .,' arsa an té a bhí ag caint liom.
It is said that . . ., deirtear, deir siad, tá sé ráite, go . . .
He said nothing of the kind, ní dúirt sé a leithéid.
He has said the last word on the matter, tá deireadh ráite faoin scéal lena chuid caintesean.
Prov: (The) least said (the) soonest mended, is binn béal ina thost.
Prov: Least said soonest mended, níor bhris béal iata fiacail riamh.
I said it merely as a joke, ní raibh mé ach ar son grinn nuair a dúirt mé é.
Be it said with all due modesty, agus ní ag déanamh mórtais atá mé.
He never said a word about it, ní dúirt sé oiread is focal mar gheall air.
I said nothing, ní dúras focal.
There is nothing more to be said, níl níos mó, a thuilleadh, le rá.
The greater number said they would go, dúirt an mhórchuid go rachaidís.
He took offence at what I said, chuir mo chuid cainte stuaic air.
That's just the opposite of what he said, a mhalairt sin a dúirt sé.