Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: téigh de · téigle · feighle · téigh · tighe
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
To accede to a party, dul isteach i bpáirtí, gabháil le páirtí.
I obtained access to him, d'éirigh liom dul chomh fada leis, chun cainte leis.
He is very accessible, tá sé an-fhurasta dul chun cainte leis.
To address oneself to s.o., dul chun cainte le duine.
v.i. & pr.To adventure (oneself) (up)on an undertaking, dul i bhfiontar le gnó.
It might be advisable to consult him, b'fhéidir gur chóir dul i gcomhairle leis.
To affiliate (oneself) to, with, a society, comhcheangal le cumann, dul isteach mar bhall i gcumann.
In agreement with, ar aon dul le.
To enter into an alliance with s.o., dul i gcomhar, i bpáirt, le duine.
To run amuck, dul ar mire le craos fola.
I cannot go any further, ní thig liom dul níos faide.
He is a man easy of approach, is furasta dul chun cainte leis, dul ina láthair.
To approach s.o. on the subject of . . ., dul chun cainte le duine faoi . . .
They took up arms against the government, chuaigh siad i ndeabhaidh lainne leis an rialtas.
To associate with s.o. in doing sth., dul i bpáirt le duine i gceann ruda.
To join battle with s.o., dul i ndeabhadh le duine.
F: He blazed with anger, chuaigh sé as a chranna cumhachta le fearg.
He blazed up at the mention of it, chuaigh sé le buile chomh luath agus tráchtadh air.
They came to blows, chuaigh siad sna lámha le chéile.
He was bubbling over with joy, bhí sé ag dul as a chraiceann le lúcháir.
To go into business, dul le ceannaíocht.
He took up politics as a career, chuaigh sé leis an bpolaitíocht mar shlí bheatha.
To carry sth. to excess, dul thar fóir le rud.
He cast in his lot with them, chuaigh sé i bpáirt leo.
To club together, dul i bpáirt le chéile; airgead a chur i bpáirt le chéile.
To enter into combination with . . ., dul i gcomhar le ...
F: To come it strong, dul thar fulaingt leis.
He does not come up to my waist, níl sé ag dul go básta liom.
To come up against s.o., dul chun achrainn, chun spairne, le duine.
To compete with s.o., coimhlint a dhéanamh le duine, dul in iomaíocht le duine.
To compete for a prize, dul san iomaíocht le haghaidh duaise; cur isteach ar dhuais.
F: To try conclusions with s.o., dul chun coimhlinte, in iomaíocht, le duine.
To come into conflict with s.o., dul i dtreis le duine; teacht salach ar dhuine.
To act in consort with s.o., dul i gcomhar le duine; oibriú as láimh duine.
To conspire to do sth., dul i gcomhar, i gconradh ceilge, le rud a dhéanamh.
To consult together, dul i gcomhairle le chéile.
To contend with s.o. for sth., dul chun coimhlinte, chun iomaíochta, le duine faoi rud.
I shall make it convenient to go there, féachfad le bheith i riocht dul ann.
The two windows do not correspond, níl an dá fhuinneog ar aon dul le chéile.
I had a crawly felling, chuaigh drithlíní liom (le fuacht, faitíos).
He got his dander up, chuaigh sé le cuthach.
To go (in) off the deep end, dul le báiní; dul ar seachrán céille.
He was destined for the church, bhí sé ceaptha dó dul le sagartóireacht.
He was finding it difficult to do, bhí sé ag dul rite leis é a dhéanamh.
To show s.o. to the door, dul go doras le duine.
adv.To go downhill, (of road, cart) dul le fána; F: (of pers.) bheith ag meath.
He effected an entrance, d'éirigh leis dul isteach.
To engage the enemy, dul i ngleic leis an namhaid.
To engage in conversation with s.o., dul chun comhrá le duine.
To engage in politics, dul le polaitíocht.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht