Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: tuaifisc · tairis · tuairisciú · paitrisc · Tuircis
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
By all accounts, de réir gach scéil, gach tuairisce.
To ask s.o. about sth., tuairisc a chur le duine faoi rud; ceist a chur ar dhuine faoi rud.
To ask after s.o., after s.o.'s health, tuairisc duine, tuairisc faoi shláinte duine, a chur.
He is not as black as he is painted, níl sé chomh dona lena thuairisc.
(Cross-)checks (on information), modhanna tástála, seiceála (ar thuairisc).
I check (up) information, cinntím tuairisc.
My report is not yet complete, níl mo thuairisc críochnaithe fós agam.
He enquired with concern about the matter, chuir sé tuairisc an scéil go himníoch.
The report concludes as follows, críochnaíonn an tuairisc mar leanas.
The facts corroborate his statements, tá fírinne an scéil ag luí lena thuairisc air.
To give credit to a report, tuairisc a chreidiúint.
I gave the report no credit, ní raibh cion na fírinne agam ar an tuairisc.
Crude statement of the facts, tuairisc thor ar na cúrsaí.
He was mentioned in dispatches, luadh é sna tuairiscí oifigiúla.
Jur: Fair and accurate report, tuairisc chothrom chruinn.
False report, tuairisc bhréagach.
Financial statement, tuairisc f airgeadais.
The findings of an official report, cinneadh tuairisce oifigiúla.
Broadcast commentary on the football final from Croke Park, tuairisc chraolta ar an gcluiche ceannais peile ó Pháirc an Chrócaigh.
To go to see s.o., to go and see s.o., dul ar thuairisc duine.
They were never heard of again, ní bhfuarthas lá tuairisce orthu riamh ní ba mhó.
To inquire after s.o., tuairisc duine a chur.
To make inquires, faisnéis, tuairisc, a chur.
To make inquiries after s.o., tuairisc duine a chur; duine a fhiafraí; faisnéis a chur faoi dhuine.
He looked about for a post, chuir sé tuairiscí cá bhfaigheadh sé obair.
F: To look s.o. up, dul ar thuairisc duine; cuairt a thabhairt ar dhuine.
The minutest particulars, gach mionphointe, gach tuairisc dá laghad.
To go in quest of s.o., dul ar lorg, ar thuairisc (duine).
To make a record of sth., tuairisc a bhreacadh ar rud.
'To take up s.o.'s reference, tuairisc cáilíochta duine a chur.
Policeman's report, tuairisc garda.
Jur: Law reports, tuairiscí dlí.
To report a speech, tuairisc a dhéanamh ar óráid.
To report progress, tuairisc ar staid an ghnó a thabhairt.
Parl: To move to report progress, a thairiscint go dtabharfaí tuairisc ar ar dearnadh.
To report an accident to the police, tuairisc ar thimpiste a thabhairt do na gardaí.
To report (up)on sth., tuairisc a thabhairt ar rud.
It was exactly as represented, bhí sé díreach mar a thuairisc.
Quarterly return, tuairisc ráithiúil.
School report, tuairisc f scoile.
To go and see s.o., dul ar thuairisc duine.
There was no sign of him, ní raibh tásc ná tuairisc air.
To find a trace of s.o., tuairisc éigin a fháil ar dhuine.
No trace of him is to be found, níl tásc ná tuairisc air, níl lá tuairisce le fáil air.
I cannot trace any reference to the battle, tá sé ag cinneadh orm teacht ar aon tuairisc ar an gcath.
She kept track of him, níor chaill sí tuairisc air.
His account of what transpired, a thuairisc ar ar tharla.
To take sth. on trust, glacadh le rud ar a thuairisc.
Verbatim report of the proceedings, tuairisc focal ar fhocal ar na himeachtaí.
Not a vestige of sth., gan rian de rud, gan tásc ná tuairisc ar rud.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht