Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: cól · dól · mól · ól · ról
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
TORTHAÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
ól fir1 deoch mheisciúil (is daor an t-ól é); claontacht chun óil, ólachán (imithe ar an ól; teach óil); deoch ar bith a shlogadh nó a ligean siar (ól braon tae; ag ól go trom); caitheamh (ag ól tobac)
TORTHAÍ GAOLMHARA SAN FHOCLÓIR BEAG
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ SAN FHOCLÓIR BEAG
réamhfhocal in ionad do, de (doras a dhúnadh, bainne a ól, chuaigh sé a chodladh); (a chois na tine; a seacht a chlog)
mír choibhneasta dhíreach (an té a chuireann an síol; an cat a d'ól an bainne; an síol a cuireadh san earrach); mír choibhneasta indíreach (an gort a gcuirtear an síol ann; an té a n-óltar a shláinte)
ceann den dá rud chrua cosúil le cnámh a fhásann ar cheann ainmhithe áirithe (ar nós eallach, fianna etc.); cuach óil; gob (diallaite, ancaire, etc.); gléas ceoil gaoithe (a bhíodh déanta as adharc uair amháin, ach gur gléas miotail atá inniu ann); gléas rabhaidh (i bhfeithicil)
mír cheisteach roimh bhriathar (an dtagann faitíos ort? an ólfaidh sé é? an suífeá síos?)
leacht a thálann ainmhithe baineanna ar a rudaí óga; an leacht seo ó bhó nó ó ghabhar a ólann daoine agus a úsáidtear i ndéanamh earraí déiríochta; sú bán ar bith atá cosúil le bainne
blaiseadh de rud gan fonn mórán de a ithe nó a ól
an fios a thugann an teanga agus uachtar an bhéil faoi rud a bheith milis nó searbh nó maith le hithe nó le hól; tuin gutha, an tslí a labhraíonn duine (blas cainte); faic, dada
deas le hithe nó le hól; ráite go deas (caint bhlasta); ag obair go deas (tá an speal ag baint go blasta)
lán béil de dheoch; braon beag le hól
slogadh, ól, ithe
go leor le tart nó ocras a shásamh (do choisceadh a ól)
adharc (corn óil); cupa ornáideach a úsáidtear mar dhuais
dealramh (tá cosúlacht na sláinte air; tá cosúlacht báistí air); macasamhail, pictiúr (tá a chosúlacht anseo agam); go leor (d'ól siad cosúlacht)
babhla; corn (óil)
árthach beag óil agus cluas air, cupán; corn
díbirt as nó cosc ó (cuireadh den pháirc iad; chuir sin den ól é); fáil réidh le (chuir sí an slaghdán di); stad de (cuir díot an gol); imeacht (cuir díot!)
leacht le hól (uaireanta deochanna meisciúla seachas deochanna boga ar nós líomanáid); leacht níocháin nó datha
braon le hól
ól go bun
duine atá tugtha don ól; súmaire, stocaire
mír bhriathartha a léiríonn an aimsir chaite (d'ith sé agus d'ól sé a dhóthain)
scamhadh fiacla chun duine mar olc air; scaimh; druidim, teagmháil, baint (ná drann leis; níl sé ag drannadh leis an ól)
an méid a fhanann gan ól de dheoch nó gan ithe de bhia, fuíoll nó deasca; aon rud gan mhaith, an chuid is measa de rud
duine atá róthugtha don ól, meisceoir
ceann ar cheann; i ndiaidh a chéile go tapa; le chéile (ag ól as éadan, maraíodh iad as éadan)
féasta (óil nó ceoil)
feadóg ghiolcaí; píobán, sciúch; coinlín óil
bia a chaitheamh; greim bia (tá ithe agus ól ann); cogaint (ag ithe a chuid ingne); creimeadh (an fharraige ag ithe an chósta); feannadh, sciolladh (íosfaidh siad a chéile); slogadh (bhí sé ag ithe na cainte); marú, céasadh (ite ag an tochas, ag an éad); (le farraige) imeacht ina briotaí, oibriú go sceanúil
lúfar, bríomhar, anamúil; tugtha, luite (ligthe ar an ól, le staidéar)
marc nó rian ruda (lorg coise, lorg an óil; lorg ainmhí a leanúint); iarraidh, éileamh (ní mór an lorg atá air; lorg sé orm é); sliocht (duine gan lorg); cuardach, tóraíocht (ag lorg oibre, trioblóide; ag lorg sna coillte; gadhar loirg)
síneadh siar; dul chun leapa (dul a luí); dul faoi (luí gréine, gealaí); brú (tá an bhróg ag luí orm); cromadh ar rud nó tabhairt faoi (luigh sé isteach ar an obair, luigh sé leis an ól); leagan (luí na tíre); meáchan (faoi luí na bhfód; chuir sé ina luí air é)
luí (luíochán a bheith agat le hól); suí faire nó fionraí
drochachainí, eascaine (mo mhallacht ar an ól); mí-ádh (tá mallacht ar an áit seo)
duine ar meisce; duine atá róthugtha don ól
nach gcuirfeadh duine ar meisce; gan a bheith tugtha don ól
tugtha don ól; ar meisce; súiteach
iomarca óil nó ithe
meisceoir, fear óil
léim, geit; brí, anam (i ndeireadh na preibe; ag cur preab san ól); fód, scaob, misneach (fear a bhfuil preab ann)
caint mhearbhlach mar a dhéanfadh duine i bhfiabhras; speabhraídí (rámhaille óil, chodlata)
duine nach n-ólann deoch mheisciúil, staonaire
cur ó chéile, imeacht ó chéile, deighilt, dealú (lánúin a scaradh; do chosa a scaradh); leathadh (féar, móin, a scaradh); éirí as nó teacht as (scaradh leis an ól; is maith a scar tú leis)
go dtí an aird thiar (siar go Gaillimh); i leith an chúil (druid siar ón tine; lig sé siar a chluasa; chuaigh sé siar ar a fhocal); i leith an droma (luí, suí, siar); isteach, síos (ól siar é, níos faide siar sa pholl); go dtí am níos luaithe (clog a chur siar; i bhfad siar); iargúlta (baile i bhfad siar); ar athlá (cuireadh siar an cruinniú); gearr (tá na ba siar sa bhainne)
fuisce neamhdhleathach; teach óil gan cheadúnas
ithe nó ól amplach, alpadh; sú siar nó síos; glacadh go fonnmhar le (ná bí ag slogadh a chuid cainte); ithe (ag slogadh na bhfocal)
ól (deoch a shnáthadh); braon, bolgam (snáthadh bainne)
furasta a ól, deas le hól
stopadh, scor (staonadh ón ól, den obair); cur suas (de), cúbadh, cúlú (ó)
duine nach n-ólann, réadóir
scaird, sconna, braon maith mór (steall tae; tá steall mhaith ólta aige); sruth, caise (steall chainte, mhagaidh)
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht