TORTHAÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
caitheamh fir1 bheith gléasta i (éadach, bróga, a chaitheamh); ithe, slogadh (bia, deoch, cógas, a chaitheamh); úsáid (snaois, tobac, a chaitheamh); diomailt, ídiú (ag caitheamh airgid, na haimsire); teilgean, radadh (cloch, dorú, a chaitheamh); scoitheadh, gearradh (léim a chaitheamh, cúinne a chaitheamh); druidim (ag caitheamh ó thuaidh); iallach (cé a chuirfidh an caitheamh orm?); briathar cúnta, á úsáid le briathra eile le riachtanas nó dualgas a léiriú (caithfimid a bheith sa bhaile faoin oíche; caithfear an t-airgead a fháil ar ais) ► i gcaitheamh i rith, le linn ► caitheamh aimsire cluiche, obair, etc. a chuidíonn le duine an aimsir a mheilt nó a chur thart ► caitheamh aníos urlacan ► caitheamh ar cur (isteach) ar ► caitheamh le cóir a chur ar ► caitheamh siar slogadh, ól, ithe ► caitheamh suas tabhairt suas
SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
duine atá i ndaorghreim ag drochnós (ar nós caitheamh drugaí, etc.)
= an2 san aimsir chaite agus sa choinníollach (ar bhris sí é? ar mhaith leat é?)
(le hearra ar bith) caite cheana, gan a bheith nua
caitheamh liathróide os cionn láimhe nó á rolladh ar an talamh chun na sprice
cúlchaint, caitheamh anuas ar dhaoine; ábhar imní
caitheamh déanta ar (éadach, airgead, caite); snoite, lom (críon caite); gafa thart, imithe (an tseachtain seo caite)
an craiceann crua ar chíste, screamh; brat crua (crústa seaca); caitheamh, buille (crústa de chloch, de dhorn)
síneadh amach, nochtadh (do theanga a chur amach); díbirt (cuir amach as an teach iad); lainseáil (bád a chur amach); fógairt (ná cuir amach an scéal sin orm); doirteadh amach (cuir amach an tae); tomhas, freagairt (cuir amach seo dom); aiseag, caitheamh amach
caitheamh (chuir sé isteach a théarma); lorg (cur isteach ar phost); teacht salach ar (ná bí ag cur isteach orm)
caitheamh, teilgean, scaoileadh (ar nós piléar nó saighead)
fáil réidh le rud, caitheamh síos; earraí spártha a chaitheamh ar mhargaí iasachta faoi bhun a luacha
a úsáidtear le briathra i gcaint indíreach (gur ina ionad san aimsir chaite)(deir sé go bhfuil ocras air, fan go bhfeicfidh mé, b'fhada liom go mbeadh sé déanta agam)
bileoga etc., phlanda cnáibe na hIndia a chuirfeadh meisce ort ar iad a chogaint nó a chaitheamh
éigean, caitheamh (a chuirtear ar dhuine rud a dhéanamh)
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
an bonn a bhaint ó rud (duine, crann, a leagan); caitheamh, iomrascáil; ísliú (seol a leagan); cur síos, cur in áit (cloch bhoinn a leagan; leag do lámh air); gearradh (leagadh cáin throm air); cur (leag ansin í, go leaga Dia an t-ádh ort); claonadh, lé (leagan a bheith agat le rud, leagan ó dheas)
ligean tí, siopa etc., ar cíos ar feadh roinnt blianta (talamh ar léas); téarma (tá a léas caite)
ar bhlas an tsiúcra nó na meala; blasta, so-chaite
gealltanas nó dualgas; comaoin (an ndéanfá oibleagáid dom?); ceangal, caitheamh (tá sé d'oibleagáid orm é a dhéanamh)
deoch mheisciúil (is daor an t-ól é); claontacht chun óil, ólachán (imithe ar an ól; teach óil); deoch ar bith a shlogadh nó a ligean siar (ól braon tae; ag ól go trom); caitheamh (ag ól tobac)
feadán miotail, plaistigh nó cré trína ritheann uisce, gás etc.; cos agus ceann amuigh uirthi chun tobac a chaitheamh
díol, fógairt earraí le díol; craoladh, fógairt go poiblí (dán a reic); brath, sceitheadh ar (an tIúdás a reic iad); cur amú, caitheamh, diomailt (ag reic a maoine)
cur sna cosa ar luas; (le huisce) imeacht go faíoch; síneadh (rinn ag rith amach san fharraige); scaoileadh (rith an tsnaidhm); ídiú, caitheamh (tá a théarma rite); cur ag rás (capall a rith); cur ar siúl, reáchtáil (gnó, rince, a rith); achtaí, reachtú (rún a rith); déanamh (poitín a rith); críochnú (tá sé rite ina dhochtúir); imeacht gann ar fad i (rite as bia, as airgead); gabháil le, baint le (tá an tréith sin ag rith leis); éirí le (má ritheann liom); ráchairt, éileamh (rith ar earraí); taom (rith tinnis, rití fuachta); scaoilteacht, buinneach (chuir an bia úd rith air); scoth (an chéad rith den phlúr)
(le héadaí etc.) caite amach ar fad; ársa, seanaimseartha, as dáta
caite nó athraithe ar chuma éigin ag an saol is ag an aimsir
cuntas ar an saol atá caite (stair na hÉireann); scéal, tuairisc, cur síos (ag tabhairt startha ar dhaoine); cáil, clú
lom, caite, snoite; tarraingt déanta air
os do chionn, in uachtar, in áit níos airde (thuas an staighre; thuas sa spéir); in áit níos faide suas (an seomra thuas); sa deisceart (thuas i gCúige Mumhan); curtha suas (tá an díon thuas acu); á chaitheamh (ní raibh luid éadaigh thuas air); chun cinn, ar barr (an té atá thuas óltar deoch air)
ornáid ar dhéanamh corónach le caitheamh ar an gceann
duilleoga tobac rollta go fáiscthe ar a chéile le caitheamh mar ghal
miosúr; tógáil miosúir (teach, talamh, a thomhas); caitheamh tuairime (tomhais cé atá anseo); ceist le réiteach (tomhas a chur ar dhuine); bagairt (thomhais sé a dhorn liom); meá, meas (caint thomhaiste)