SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
uirlis chuaille le brící etc. a iompar
beart de rudaí á iompar ar bhacán na láimhe
bád iompair agus tóin leibhéalta uirthi a úsáidtear ar chanáil nó ar abhainn
amaidí, iompar nó caint atá amaideach nó místuama
gléas iompair le roth amháin a sháitear leis na lámha
rud a dhéanann duine go minic, cleachtadh, nós; iompar, múineadh
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
árthach agus lámh air chun uisce nó leacht eile a iompar ann
ainmhí mór agus muineál fada cuartha agus cruit nó dhá chruit air, a úsáidtear san fhásach mar ainmhí iompair nó marcaíochta
cineál cóiste chun daoine a iompar; cóiste traenach
cineál de bhosca chun rudaí a choinneáil nó a iompar ann (cás seod, veidhlín); fráma; áit a gcoinnítear éan nó ainmhí mar pheata
iompar stáidiúil nó sollúnta; céim nó gradam ard
prionsabal daingean (dlí an nádúir, dlí Dé); cód rialacha le tír a rialú (cuid acu ón bparlaimint agus cuid eile bunaithe ar chleachtas); caingean, cúis (dul chun dlí le duine); prionsabal eolaíochta (dlíthe na ceimice); gnáthnós imeachta nó iompair (dlí an mhargaidh)
fuadar, fústar, deifir; iompar neirbhíseach, tútachas
ar bheagán meáchain, furasta a thógáil nó a iompar; lag (bia nó deoch éadrom); aerach (éadrom sa cheann)
cúrsaí moráltachta agus dea-iompair
iompar anonn agus anall thar caladh ar bhád nó eitleán
staidéar ar a bhfuil d'eolas ceart ann faoi phrionsabail iompair an duine agus na cruinne agus bhundlíthe na cruinne; fíor-réasúnaíocht faoi nádúr agus thairbhe rudaí
gléas iompair a imíonn ar rothaí
tairbhe; seirbhís úsáideach (ar nós córas iompair, córas uisce)
pian nó mairg a bheith ort; cur suas le pian le misneach agus le foighne; iompar, foighneamh, cur suas le (duine a fhulaingt; fulaingt a bheith agat ar fhuacht)
síol arbhair; arbhar go ginearálta (gort gráin; grán agus glasraí); millíní luaidhe le scaoileadh as cartús i ngunna (púdar agus grán); liathróidí beaga ar a n-iompaíonn seafta i meaisín (grán iompair)
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
timpeallacht agus an tionchar atá aige ar chúrsaí maireachtála, ar nós tithíocht, córas iompair etc.
faradh, iompar i mbád nó i long thar uisce
(le bó) lao ar iompar aici
strapa le rud a iompar ar an droim leis; stráice éadaigh thart ar an ngualainn chun lámh ghortaithe a cheangal suas
cás beag gloine chun an solas a iompar ann
long atá ceaptha le lasta a iompar
breoite; ag iompar clainne
mótar láidir béaloscailte chun ualaí troma a iompar
aon mharc fada caol; sreang, corda nó rópa; sraith daoine nó rudaí (líne saighdiúirí, seasamh i líne); sraith focal trasna leathanaigh (líne filíochta, cúpla líne a léamh); seirbhís iompair (líne loingis, busanna); ginealach, cine, fine; glúin (an líne atá suas inniu); éillín
ládáil; iompar luchta (bád luchtóireachta)
áilleacht, breáthacht; iompar (b'olc an mhaise dó gan beannú dúinn)
nádúr, aigne (tá dea-mhéin acu dúinn); iompar (méin mhaorga)
droch- (mí-ádh, míbhéas, míchuma, míghníomh, mí-iompar, mí-úsáid); cearr, contráilte (mílitriú, míthuairisc); neamh- (míchothrom, mídhílis, mífholláin)
bealach nó dóigh le rud a dhéanamh (modh oibre); iompar ceart (modh agus múineadh); urraim (modh don aois); measarthacht (dul thar modh le rud) (sa ghramadach) gné den bhriathar a léiríonn cé acu ráiteas, ordú, guí, etc. atá i gceist (modh táscach, ordaitheach)
dea-iompar, múinteacht; ceansacht, séimhe, náire
a bhaineann le carachtar agus le dea-iompar; fíréanta
iompar cosúil le muc, ceanndánacht