SAINMHÍNITHE AGUS ABAIRTÍ
SAN FHOCLÓIR BEAG
na gáis atá san atmaisféar thart orainn agus a thugann anáil dúinn; anáil bheag ghaoithe; spéir; aeráid
feoil atá bán thart ar chréacht atá ag cneasú
ag an Mol Theas nó thart air
ag an Mol Thuaidh nó thart air
an t-aer atá thart ar an domhan
struchtúr cloch nó brící nó ábhair eile ar nós éadan tí nó taobh seomra nó fál thart ar gharraí
píosa éadaigh a chastar thart ar ghortú nó ar chneá
gléas le saighead a scaoileadh; gléas le veidhlín a sheinm; fáinne thart ar an ngrian nó ar an ngealach
an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál
trácht, an pháirt de chos nó de bhróg a chuirtear ar an talamh; greim coise ar an talamh (bonn a ghabháil); an pháirt is íochtaraí de rud (bonn colúin, bonn triantáin); fáinne rubair thart ar roth; rian, lorg (ainmhí)
caitheamh déanta ar (éadach, airgead, caite); snoite, lom (críon caite); gafa thart, imithe (an tseachtain seo caite)
rud a thochras thart ar rud eile (rópa a chasadh); lúbadh (do mhurnán a chasadh); dul thart nó cur thart (roth a chasadh); filleadh ar ais (casadh abhaile); seinm, canadh (amhrán, port, a chasadh); bualadh le (castar na daoine ar a chéile); cur i leith (ní á chasadh leat é); lúb, cor (bóthar lán de chastaí); rince (rud a chur ar casadh)
tomhas méachain cothrom le 1000 gram (thart ar 21 5 punt)
ciorcal nó fáinne a dhéanamh thart ar rud
balla cré nó cloch thart ar ghort
stocaire ar cóisir etc. agus é faoi bhréagriocht le tuí; ball d'fhoireann d'aisteoirí fáin a théadh thart faoi Nollaig ag léiriú drámaí traidisiúnta
spás a bhfuil foirgnimh nó fál thart air
folach; clúid a chuirtear thart ar rud nó anuas air (clúdach leapa, clúdach litreach); clúid a chur ar rud (clúdaigh do cheann; clúdaithe le caonach)
cás síodúil a shníomhann cuid mhaith cruimheanna feithidí thart orthu féin go mbíonn siad aibí
rud a chaitear thart ar an muineál; an chuid de bhall éadaigh a théann thart ar an muineál, bóna
an dá thráth den bhliain nuair is comhfhad lá agus oíche (thart ar Mhárta 21 agus Meán Fómhair 23)
reiptíl mhór chontúirteach atá le fáil thart ar aibhneacha ina lán tíortha teo
fithis, an cúrsa a ghabhann árthach spáis thart ar an domhan, ar an ngealach etc.
fáinní ceangail a chuirtear thart ar rostaí príosúnaigh chun nach n-éalódh sé
ceann de na cnámha cuara a thagann ón gcnámh droma thart ar dhá thaobh an bhrollaigh mar chliabh cosanta; ceann de na lataí adhmaid i gcabhail báid
balla cloch no sceach thart ar gharraí nó ar pháirc; gort, garraí
spaisteoireacht, siúl thart ar do shuaimhneas
feisteas strapaí a chuirtear thart ar phus ainmhí chun nach mbéarfadh sé ar dhaoine, pusachán
casadh, teacht ar ais (filleadh abhaile, filleadh ar d'áit féin); cur ar ais (bó a fhilleadh); dúbailt éadaigh, páipéir etc.; trusáil (muinchillí a fhilleadh suas); cur thart (ar)(páipéar a fhilleadh ar rud)
ciumhais nó struchtúr thart ar rud (fráma pictiúir, fráma fuinneoige); creatlach nó cnámharlach (fráma rothair, fráma coirp)
stráice ornáideach thart ar bharr ballaí i seomra
tumadóir a chuirfeadh frog i gcuimhne duit leis an bhfeisteas a bhíonn air agus é in ann snámh thart gan dua in uisce domhain
píosa talún agus fál thart air; páirc churaíochta; barr
an uair den bhliain is faide an lá (grianstad an tsamhraidh thart ar Mheitheamh 21) nó is faide an oíche (grianstad an gheimhridh thart ar Nollaig 21)
faoileáil, foluain thart; corrthónacht, guairneán; éan beag fiáin farraige agus sciatháin fhada air
clúdach éadaigh thart ar an gceann (mar chuid de chóta go minic), cochall; aon rud atá cosúil i ndealramh le húda
an balla thart ar an tine, bac
áit a fhágáil (d'imigh sé abhaile); éileamh (bhí an-imeacht ar eallach ann); cúrsa, trácht, gabháil thart (le himeacht aimsire, in imeacht míosa); siúl, ráta siúil (iad araon ar aon imeacht le chéile); géata, iompar (capall agus imeacht breá faoi)
strapa le rud a iompar ar an droim leis; stráice éadaigh thart ar an ngualainn chun lámh ghortaithe a cheangal suas
solas agus gloine chosanta thart air
talamh, urlár (titim ar lár); leath slí idir an dá thaobh nó an dá cheann (lár líne; lár na páirce, lár an chiorcail); croí (trí lár mo chléibh, i mo lár); coim, básta (crios thart faoina lár)
cois, in aice (a dhroim le balla; druid anall liom); buailte ar (dá mbeadh ceirín leis; bhí srian lena theanga); i dtreo (bhí a aghaidh linn, ina luí le gréin; tá súil aige léi); ar feadh (thit sé le haill; thart le bun na gcnoc, ag imeacht le sruth); in éineacht (bhí mé ar scoil leo; ná caith an hata sin leis); i bhfabhar (bhí an t-ádh leis; ar mhaithe liomsa); in aghaidh, chuig (ná bí liom; chuir sé an gadhar leo); ar feadh tréimhse áirithe (le trí lá anois; tá sé anseo le fada); i gcomparáid (chomh buí le hór; i gcomórtas le Seán); de chuid (ní liomsa é; cara liom é sin); ag, i seilbh (an bhfuil do chóta leat?; bhí siúl géar linn); ar aghaidh (abair leat; d'imigh sé leis; isteach libh); le cabhair (daoradh le feall é; léirigh le sampla é); ag leanúint (tá costas, deifir, leis); de thoradh (ar crith le heagla, plódaithe le daoine; tá an donas air le bréaga); chun (le greann a dúirt sé é); i dtuairim (ní dóigh liom é; is beag leis é); chun, le haghaidh (tá siad le pósadh, cad a bhí le rá agam; tá obair le déanamh) le + a4 = lena; le + ar3 = lenar; le + ár2 = lenár
cothrom, ar leibhéal, ar aon airde thart timpeall
tomhas toillte (1 lítear = thart ar 13 4 pionta)
fás láidir cosúil le snáthaidí thart ar áiteanna fliucha, feagacha, geatairí beaga
lúb bheag; ceann de dhá mharc a úsáidtear i gcló thart ar fhocail nó ar litreacha nó ar fhigiúirí – ( ) [ ]
mothú go bhfuil do cheann ag teacht thart is thart; speabhraídí (tá mearbhall dí air); buairt aigne (cad tá ag déanamh mearbhaill duit?); botún, dearmad (mura bhfuil mearbhall orm)
thart gach taobh (teacht mórthimpeall orthu; mórthimpeall na háite)
tachtadh (múchta ag teas, ag slaghdán); cur as, cur amach (mhúch sé an tine); cosc (múchfaidh sé sin do thart); cosc anála de cheal aeir (bá is múchadh ort!); suncáil (múchta i bhfiacha); maolú (glór múchta); coinneáil siar (deora a mhúchadh); asma (tá an múchadh ag cur air)