DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
ainmhí (ar nós frog nó rón) a dtig leis maireachtáil ar uisce agus ar talamh
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
ón áit thíos; ó íochtar tíre; ó áit íseal sa saol; tagtha ar barr talún (tá an geamhar aníos)
clár leathan talún ar ard
caitheamh liathróide os cionn láimhe nó á rolladh ar an talamh chun na sprice
crúca, baclainn; píosa adhmaid nó miotail sáite i mballa nó sa talamh le rudaí a chrochadh air nó a cheangal de
ar dhath an tsneachta nó an bhainne; fionn (gruaig bhán); báiteach (bán san aghaidh); folamh (tá an áit bán); díomhaoin, fiáin (ag imeacht bán); gan aon bharr ag fás air ach féar (talamh bán)
gob, pointe (barr méire, barr pinn); an pointe is airde, mullach (barr crainn, barr cnoic); an pháirt uachtarach (barr tí, barr leathanaigh); uachtar (ar bharr talún, ar bharr an uisce); rud a fhásann ar bharr talún (barr coirce, barr prátaí); toradh (de bharr mo shaothair); breis (barr ar mhíle); bua (barr a bhreith ar dhuine); deireadh (tá mé i mbarr mo chéille acu)
trácht, an pháirt de chos nó de bhróg a chuirtear ar an talamh; greim coise ar an talamh (bonn a ghabháil); an pháirt is íochtaraí de rud (bonn colúin, bonn triantáin); fáinne rubair thart ar roth; rian, lorg (ainmhí)
teileagram a sheoltar trí chábla faoi thalamh nó ar thóin na farraige
bealach uisce gearrtha sa talamh mar chúrsa taistil do bháid nó mar áis uiscithe don talamh ar gach taobh de
duine nó rud caoch; ainmhí beag faoi thalamh a bhfuil súile beaga agus fionnadh mín air
scamall anuas ar an talamh; aon chineál scamaill (ceo deannaigh)
sórt, saghas (an cineál cainte a bhíonn air); dúchas, mianach (tá cineál an cheoil ann; talamh a thabhairt chun cineáil); (le bia, deoch) sócamas, cóir speisialta; clann (Cineál Eoghain)
cosán déanta ar thalamh bog; abláil, praiseach
fráma lataí nó tuigí; fráma adhmaid ar chúrsa ráis le léim ag reathaithe; paiste dearnála ar stoca; fráma agus spící miotail ann chun talamh treafa a bhriseadh agus a réiteach agus síolta a chlúdach, bráca fuirste
talamh scóir, talamh a ligtear ar cíos ar feadh séasúir
leibhéal, ré (siúl ar an gcothrom, ar chothrom na talún); cóimhéid, comard (níl a chothrom den bhia aige); cóir, ceart (tabhair cothrom na Féinne dó); lámh uachtair (tá sé deacair cothrom a bhaint de)
seithe, screamh chlúdaigh ar chorp; scannán clúdaigh ar thoradh nó ar ghlasra (craiceann úill, craiceann oráiste); dromchla (craiceann uisce, craiceann talún); snas, bailchríoch (craiceann a chur ar obair; tá craiceann na fírinne air)
bonn iarainn faoi chapall agus é tairneáilte faoina chrúb mar chosaint ón talamh uirthi
bíoma ceangail idir capaill agus céachta; rud ar dhéanamh bíoma ceangail (cuing céachta, cuing meá); banna, ceangal (cuing an phósta; faoi chuing rúin); scrogall talún idir dhá loch
cur ar íochtar (cuir béal an chiseáin faoi); cur ar an talamh (chuir sé a chosa faoi); fágáil ar staid áirithe (ná cuir scaoll fúthu, cuireadh faoi smacht iad); socrú síos, cónaí (cur fút in áit)
ar dhath na fola; (le tine) ar lasadh; (le cneá) oscailte; (le talamh) treafa nó iompaithe; fuilteach (bhí sé ina chogadh dearg); amach is amach (bhí an t-ádh dearg air)
ainmhí (ar nós frog nó crogall) a dtig leis maireachtáil in uisce agus ar talamh
déileáil i mbainne le huachtarlann; tógáil talaimh is eallaigh ar cíos (talamh déiríochta)
uisce a thiteann ina bhraonta ar an talamh le fuarthan na hoíche
titim i dtalamh nó i mbóthar, ísleán; dronn (ar dhuine, ainmhí)
thíos, laistíos de, ar leibhéal níos ísle (ná) (istigh faoin mbord; faoi uisce, faoi thalamh); ag bun, i bhfothain (suí faoi charraig, ar ancaire faoin oileán); clúdaithe le (faoi bhrat sneachta; faoina chulaith Dhomhnaigh; crann faoi bhláth); le tréithe áirithe (faoi ainm bréige; faoi ghné aráin); gabháil trí (dul faoi scrúdú, faoi obráid); (le léiriú staide) (faoi mheas, faoi smacht, faoi shíocháin, faoi adhall); (le fás, borradh) (an luas a bhí faoi; tá fuadar fút); i dtaobh le (tá an teach fúinn féin; fág faoi é); oiriúnach (ach an lá a bheith faoi dúinn); ar intinn (níl fúinn é a dhéanamh); maidir le, mar gheall ar (ag caint faoi); níos lú ná (faoi scór, díoladh faoina luach é); (mar théarma méadaithe) (faoi dhó; a sé faoi a seacht); (mar chodán) (deich bpingine faoin bpunt); timpeall, thart ar (faoi do mhuineál; amuigh faoin tuath); ar an taobh seo de (faoi mhaidin, faoi cheann bliana); ag, um (faoi láthair, faoi dheireadh); in aghaidh (bualadh faoi dhuine); ar (ola a chur faoi); (mar dob ) (an ghrian ag dul faoi)
réimse talún a úsáidtear chun barra a shaothrú agus chun eallach a thógáil air
an córas sa Mheánaois faoina raibh ar thionóntaí troid dá dtiarnaí talún nuair ba ghá é
planda a dhreapann suas nó a fhásann ar feadh na talún (go mór mór an cineál a bhfásann fíonchaora air); fíonghort
uachtar na talún agus féar air; scraith den uachtar sin (mar a bhaintear le spád); lán sleáin de mhóin; ball (ar an bhfód seo, an fód a sheasamh); doimhneacht (duine gan fód)
fadú le fód; clúdach le fód; bunú (fódaithe sa talamh); leagan ar an talamh
ainmhí beag gan eireaball a mhaireann gach re seal ar talamh agus in uisce
cluiche ina mbuailtear liathróid bheag le clubanna thar réimsí fada talún isteach i bpoill ar phlásóga glasa
píosa talún agus fál thart air; páirc churaíochta; barr
léim, preab (ar nós liathróid de thalamh); buille
droim talún idir dhá chlais i gcuraíocht; droim ar bith atá caol fada (iomaire gainimh, iomaire sliogáin)
talamh, urlár (titim ar lár); leath slí idir an dá thaobh nó an dá cheann (lár líne; lár na páirce, lár an chiorcail); croí (trí lár mo chléibh, i mo lár); coim, básta (crios thart faoina lár)
cloch leata thanaí, fleaige; rud i bhfoirm leice (barr talún ag triomach, callas ar chraiceann etc.); claibín pota, soithigh etc.; pláta
ligean tí, siopa etc., ar cíos ar feadh roinnt blianta (talamh ar léas); téarma (tá a léas caite)
feabhsú, athrú chun feabhais (do bheatha a leasú); sailleadh, caomhnú le salann nó le triomú etc.; aoileach nó ábhar ar bith a théann chun leasa talún; é sin a chur ar thalamh
éirí ó thalamh de phreab (léim in airde ar chlaí); éirí, lingeadh, de dhroim ruda (léimfinn claí duit); tuirlingt de phreab (léim anuas de chapall); preabadh, bíogadh (léim sí as a codladh); eitilt (ag léim ó chrann go crann); sciorradh (ag léim ó scéal go scéal)
achar mór uisce agus talamh timpeall air; géag den mhuir, gaoth; at beag faireogach sa bhléin nó faoin ascaill
gan chlúdach, gan mhaisiú (ar an talamh lom); tanaí (duine, ainmhí, lom); dlúth (bearrtha go lom); (ag cur nirt le haidiacht eile) (lom díreach, lom láithreach, lom dáiríre)
ábhar mianrach a bhaintear as an talamh agus a shaothraítear ar bhonn eacnamaíoch
fionnadh fada ar mhuineál ainmhí; cúl fada gruaige; fás trom plandaí ar thalamh
an corp idir an ceann agus na guaillí; an chuid de bhall éadaigh a théann air sin; scrogall caol talún
an saol máguaird seachas mar atá déanta ag an duine (ar nós plandaí, ainmhithe, aibhneacha, cnoic etc.); buntréithe duine (an nádúr daonna) nó ruda (tá nádúr gainimh sa talamh sin); bá, cineáltas (lán de nádúr); an domhan saolta (dlíthe an nádúir; os cionn nádúir)