DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
(leis an gcopail) mian (mar is áil leat)
etc. mise liom féin, tusa leat féin, eisean leis féin etc., amháin; aonarach (rud, duine, aonair)
in áit nó i suíomh áirithe (ar neamh, ar scoil, ar do ghlúine, ar tosach nó ar deireadh); i staid áirithe (ar meisce, ar crith, ar sodar, ar do shuaimhneas, ar thoil Dé); faoi théarmaí áirithe (ar iasacht, ar cíos, ar phunt an ceann, ar mhaithe leat féin); i gcosúlacht (ar dhéanamh báid, ar dhath an óir); de réir (duine ar dhuine, céim ar chéim); agus ar mhórán slite eile (doras ar sheomra, faobhar ar scian, ceanúil ar pháistí, tá an t-ádh orainn, bhí fiacha troma air, ná bíodh eagla ort, etc.); ag tagairt d'aicsean i leith (seasamh, siúl, satailt, ar; ardú, doirteadh, aimsiú, ar; roinnt ar; ceilt, cosaint, ar; mhill siad an lá orainn; ná cuir as an solas orm); feidhmiú na gcéadfaí nó na hintinne (féachaint ar; smaoineamh ar; labhairt ar, glaoch ar; achainí ar)
= an2 san aimsir chaite agus sa choinníollach (ar bhris sí é? ar mhaith leat é?)
tógáil in airde (ardú ón talamh); cur suas nó chun cinn (ardú céime); dul suas (cnoc a ardú); tógáil (rud a ardú leat)
maireachtáil (an Té a bhí agus atá agus a bheas go brách); focal a úsáidtear chun cáilíocht, bail nó staid a lua le duine nó rud (bhí aimsir bhreá ann; tá sé go maith; dá mbeadh am agam; conas tá sé?; ní bhíodh sé ag obair; beidh sé ag súil leat; ní raibh sé ach bliain d'aois)
sástacht leat féin ar bheagán cúise
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
mar a bheadh cara leat, muinteartha
duine a bhfuil aithne agus cion agat air, duine muinteartha, duine atá mór leat agus tú mór leis
cén ceann nó duine díobh (cé acu is fearr leat? níl a fhios agam cé acu)
fána; sceabha (ar claon); luí nádúrtha le beart de chineál áirithe (lean sé dá chlaon); bá (tá claon ag an leanbh leat); antoil (claon chun oilc)
socrú chun bualadh le chéile (coinne a dhéanamh le duine); súil (ní raibh aon choinne agam leat)
duine ar aon chéim leat; compánach, comrádaí
bealach cúng siúil do choisithe, rian; slí, bealach (as mo chosán leat)
duine a sheasfadh leat nó a thacódh leat, cúl taca
géag crainn; brainse d'eagraíocht (craobh de Chonradh na Gaeilge); bua (an chraobh a bheith leat; craobh na hÉireann); dual gruaige; fraoch fada láidir
duine a chur chun báis ar chroch le rópa a chur timpeall a mhuiníl agus ligean dó titim; cur suas ar thairne, crúca etc. (pictiúr, pota, a chrochadh; seol a chrochadh); tógáil, ardú (ancaire a chrochadh; croch leat é); scaipeadh, imeacht as (chroch an ceo; croch leat!)
cúnamh, cabhrú; cabhair; tacú (cuidiú le rún); cúiteamh, aisíoc (cuideofar leat ag baile); scaipeadh, caitheamh (chuidigh sé leis an airgead)
díolaíocht as caill nó díobháil; sásamh, aisíoc (cúiteoidh mé do shaothar leat)
álainn; ábalta go maith (bheith deas ar rud a dhéanamh); maith (ba dheas liom labhairt leat); (go searbhasach) (tá sé go deas agat!)
ar leatsa é, a bhaineann leatsa (d'athair is do mhac is do mháthair)
le dhá láimh; amach is amach, ar theann do dhíchill; go hiomlán (chinn sé dólámhach orm); leat féin, gan pháirtí (ag imirt dólámhach)
teacht saor as guais éigin; imeacht gan fhios, teitheadh, sleamhnú leat
a dhéanamh éasca; brostú (éascaigh leat!)
ciorcal samhailteach a ghabhann tríd an Mol Thuaidh agus an Mol Theas agus trí aon bhall eile is maith leat ar dhroim an domhain (Gabhann an príomhcheann acu trí Ghreenwich Shasana)
tonn oilc faoi rud nach dtaitníonn leat; greadadh (mar a thagann i gcneá)
foighne a dhéanamh, bheith foighneach (is fada mé ag foighneamh leat)
a dhéanamh glan nó éirí glan; íoc go hiomlán (fiacha a ghlanadh); gealadh suas (ghlan an lá); imeacht ar fad (glan leat amach as seo); réiteach (urlár a ghlanadh); putóga a bhaint as (iasc a ghlanadh); scrios (ghlan sé sinn); gabháil thar (ghlan sé an coirnéal, an claí)
mír ghuítheach (go gcuidí Dia leat, go raibh maith agat)
rud nach leat féin a thabhairt leat gan fhios don té ar leis é, gadaíocht
aigne, suíomh na smaointe; meon, claonadh (intinn oilc); aird (d'intinn a leagan ar rud); sprid (tá tógáil intinne ann); aidhm, cuspóir (cad tá ar intinn agat a dhéanamh?); tuairim (nílim ar aon intinn leat)
bail an ruda atá iomlán (tabhair leat ina iomláine é)
breith nó tabhairt ó áit go háit eile (ualach a iompar; píopa ag iompar uisce); caitheamh, tabhairt leat (brat a iompar; ag iompar seoil, ag iompar clainne); coinneáil suas (ballaí ag iompar dín); fulaingt (crá croí a iompar); coinneáil (tá iompar ar dheoch aige); múineadh, béasa (tú féin a iompar i gcomhluadar)
rámhaíocht (iomair leat; bád iomartha)
claonadh, luí, fabhar (tá lé aige liom, bhí lé leat); luí, raon, radharc (faoi lé na gréine, na gaoithe)
ar son, le leas (ar mhaithe leat a bhí sé)
dúil, fonn; ábhar na dúile sin (is tú mian mo chroí); (leis an gcopail) toil (más é is mian leat)
mar a bheadh namhaid leat nó agat, nimhneach
duine atá naimhdeach leat nó a throideann tú; tír nó fórsa airm in aghaidh tíre eile; rud mar bhia, etc. nach réiteodh leat (níl aon namhaid agam ach é)
bheith oiriúnach (do), réiteach (le) (ní oireann an obair, an bia sin, dó); teastáil (d'oirfeadh dom labhairt leat); feisteas, fearas (oiriúintí oifige)
riar ina chodanna (rud a roinnt ar dhaoine; cártaí a roinnt); baint (tá trioblóid ag roinnt leis sin); cur isteach i (céad a roinnt ar dheich); méid áirithe, cuid (tá roinnt mhaith airgid aige); beagán (tá sé roinnt cosúil leat)
mír a chuirtear le focal chun béim a chur air (mo cheannsa, do leabharsa; ní liomsa ná leatsa é; bheifeása chomh maith leis)
glanadh le scuab; sciobadh, fuadach (scuab an ghaoth é; scuab sé leis é); ropadh (scuab leat!)
tarlú gan choinne nó de thaisme; caoi, deis, faill (seo do sheans anois); ádh, rath (bhí seans leat)
ag tagairt do rud nó do dhuine in aice láimhe, i radharc etc. (inis seo dom; seo do dheoch; ina dhiaidh seo; é seo, an rud seo); ag tagairt don am láithreach (idir seo agus Nollaig); anois, anseo (seo duit é; seo leat; seo chugainn é)
síorchaint, síoraithris; caint leat féin
duine sláintiúil folláin; sláinte; beannacht (slán leat); dúshlán