DEFINITIONS AND PHRASES
IN AN FOCLÓIR BEAG
mír a úsáidtear le huimhreacha (a haon, a dó, a trí, a ceathair déag, fiche a cúig, uimhir a sé)
réamhfhocal in ionad do, de (doras a dhúnadh, bainne a ól, chuaigh sé a chodladh); (a chois na tine; a seacht a chlog)
mír chéime (a ghéire atá sé, ar a dhéanaí)
aidiacht shealbhach sa tríú pearsa le hainmneacha briathartha (á chosaint, á cosaint, á gcosaint; bhí sé á gceannach; bhí siad á gceannach aige)
chun do bhaile féin (teacht abhaile); chun na háite a mbaineann sé leis (tairne a chur abhaile)
rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, etc.; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, etc.; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor)
(déan é ach ná caith an lá leis); taobh amuigh de (ní raibh ann ach an triúr againn; níl ann ach go n-aithním é; ach amháin mé féin); ar acht go (tá sé blasta ach salann a chur air); chomh luath is (ach mise greim a fháil air); murach (ach grásta Dé)
cáineadh ar dhuine as rud éigin a rinne sé nó a dúirt sé
san ionad nó ar an ócáid (ag an doras, ag an damhsa); foinse (chuala mé agat féin é); i dtuairim (tá sé ina fhear uasal acu); i seilbh (is agat is fearr é); i bpáirt le (tá comharsana maithe againn); ag freastal ar (bhí an dochtúir aici); ag tagairt do thréithe nó staid nó eolas nó scil nó mothú nó imeachtaí nó dualgas nó fiacha nó buntáiste nó am nó faill etc. (bíodh ciall agaibh; bhí saol breá againn, tá léann acu, dá mbeadh snámh aige, tá cion aici air, bhí cluiche maith againn, tá an obair le déanamh agam, bhí airgead agam air, tá tosach agat orm, dá mbeadh bliain eile againn); le haidiacht (tá sé trom agat, ba mhaith againn é); le hainm briathartha (ag ithe, ag ól, ag díol, ag caint)
chomh maith le, mar aon le (mise agus tusa, a dó agus a trí, shuigh sé agus lig a scíth, ná mol agus ná cáin)
brón gur tharla rud mar a tharla sé; náire, ceann faoi
leithscéal ag duine a bhfuil coir ina leith go raibh sé in áit éigin eile ag an am
focal a chiallaíonn 'go raibh sé mar sin' ag críochnú paidre
gan aird a thabhairt ar (dá ainneoin sin is uile); in aghaidh tola, gan buíochas do (rinne sé de m'ainneoin é); cé go (ainneoin gur iarr mé air stad)
ball ar bith den chruinne a bhfuil spás ann do dhuine nó do rud; achar atá curtha ar leith do ghnó áirithe (áit cathaoireach); comharsanacht (duine ón áit); sealúchas (teach agus áit); suíomh áirithe (m'áit sa rang; tá sé as áit)
in ionad (tháinig sé i m'áit)
céannacht duine nó ruda a bheith agat toisc gur bhuail tú leis cheana; aitheantas a thabhairt do (ní aithníonn sé a ghaolta feasta); idirdhealú (aithint idir an mhaith agus an t-olc); brath, mothú (d'aithin sé go raibh fearg orm)
breathnú (ag amharc uait); radharc (amharc na súl); féachaint (thug sé amharc géar orm)
mír cheisteach roimh bhriathar (an dtagann faitíos ort? an ólfaidh sé é? an suífeá síos?)
ar chéim ard (tá sé an-mhór); fíormhaith (bhí an-lá againn)
crúca trom iarainn ar shlabhra nó ar chábla i mbád (Nuair a scaoiltear amach é greamaíonn an crúca sa talamh agus coinníonn sé an bád ina háit)
ón aird thiar; ón taobh thiar (tar aniar ó mo chúl); ó bheith sínte siar (d'éirigh sé aniar sa leaba); chugat féin (tá teacht aniar ionat)
beo ar éigin (tá sé ann as)
beartú ruda san aer; comharthú nó fógairt do dhuine go mbainfear sásamh as má leanann sé dá chúrsaí; tiomáint beithíoch le bata
rath (bail ó Dhia ar an obair); cóir cheart (chuir sí bail ar a gruaig); an chaoi a bhfuil rud nó duine (cén bhail atá ort?); cóir, úsáid (an bhail a thug sé ar a leabhar)
rud a thochailt as an talamh nó a ghearradh nó a tharraingt den áit a bhfásann sé (clocha, féar, bláthanna a bhaint); rud a scaoileadh as a ionad nó as a ghreim (fuil, glas, a bhaint; duine a bhaint dá chosa); buachan
cur isteach ar, teagmháil do; ceangal nó gnó a bheith ag rud le rud eile (ní bhaineann sé liom)
naomhú; beannacht a chur ar dhuine nó ar rud; a dhéanamh naofa nó beannaithe (ag beannú na habhlainne); focal nó geáitse muintearais a chur le duine (ní bheannódh sé dom)
i do bheatha, i do shláinte (tá sé beo beathach)
maireachtáil (an Té a bhí agus atá agus a bheas go brách); focal a úsáidtear chun cáilíocht, bail nó staid a lua le duine nó rud (bhí aimsir bhreá ann; tá sé go maith; dá mbeadh am agam; conas tá sé?; ní bhíodh sé ag obair; beidh sé ag súil leat; ní raibh sé ach bliain d'aois)
an fad ama a bhaineann sé as an domhan dul timpeall na gréine; 365 lá nó 52 seachtain nó 12 mí
cineál d'fhungas a mbíonn an pór ann ar nós púdar a sceitheann nuair a bhíonn sé aibí
eorna nó grán eile a thumtar in uisce go bpéacann sé, agus a thriomaítear ansin go n-úsáidtear chun beorach é
craobh; cleas (tá sé lán de bhrainsí)
fios a fháil le teagmháil méar (cuisle a bhrath); fios ruda a fháil trí na céadfaí (bhraith sé ag teacht iad); féachaint (ag brath na tíre); spiaireacht a dhéanamh ar (duine a bhrath); cuimhneamh, smaoineamh (bhí mé ag brath imeacht); súil a bheith agat le rud (ag brath leis, ag brath ar a fháil); do sheasamh a bheith ar dhuine nó ar rud (ag brath ar an déirc; ná bí ag brath ormsa)
a rá le duine nach fíor a ndúirt sé; a chruthú nach fíor rud
tabhairt nó teacht ar an saol (rugadh leanbh di; lá breithe) tabhairt mar thoradh (ubh a bhreith); iompar chun siúil (beir leat é sin); greim a fháil ar, teacht suas le (beir greim air, ní bhéarfaidh sé anois orainn); buachan (rug sé an chraobh leis); dul (beir leat abhaile); druidim le (ag breith suas ar a trí)
bua a fháil, gnóthú (bhuaigh sé orm; is deacair buachan air)
báúil le duine as fabhar éigin a rinne sé duit
cén áit (cá bhfuil sé? cár chuir tú é?; cárb as duit?); cad, céard (cá air a bhfuil sé ag caint?); cé chomh (cá fhad, cá mhéad?)
cén rud, céard (cad é sin? cad deir sé? cad is ainm duit?)
faoiseamh ama (d'iarr sé cairde bliana orm); faoiseamh íocaíochta (rud a fháil ar cairde); moill, cur siar (ná cuir do leas ar cairde)
casta, lúbtha, cromtha, gan a bheith díreach (cosa cama, chomh cam le tuar ceatha); mícheart (chomh ceart is atá sé cam)
caint, urlabhra (chuir sé canúint orm); modh cainte a bhaineann le ceantar nó le haicme ar leith (canúint Chonamara); tuin, modh foghraíochta (canúint ghalánta ar a chaint)
éirí caol nó a dhéanamh caol; lagú, laghdú; sleamhnú (chaolaigh sé leis)
cúis (cás dlí, cúirte); drochdhóigh (sa chás ina bhfuil sé); scéal (is bocht an cás é); ábhar imní (ní hé sin is cás liom; i gcás idir dhá chomhairle)
stumpa nó bloc adhmaid, cloiche etc.; stoc (tá sé ina cheap magaidh acu); múnla gréasaí chun bróga a dhéanamh nó a dheisiú; mol rotha; bloc (ceap tithe, ceap oifigí); leaba (ceap plandaí)
cóir (ceart agus éigeart); teideal (ceart vótála); cothrom (tá seasamh a chirt ann); cion (fuair sé a cheart); fírinne, rud fíor nó cruinn (tá an ceart agat)
canadh; aon chóiriú fuaimeanna a bhfuil binneas ann; amhrán, dán; brí, fuinneamh (tá sé lán de cheol)
ar aon chéim nó staid (le)(chomh geal le sneachta, chomh maith agus a bhí sé riamh)