Baile Foclóir Nua Béarla–Gaeilge » FNBG »
Cuardaigh focal Gaeilge nó Béarla.
Focail chosúla: A · aga · agá · age · agh
Tosach A B C D E F G H I J K L M N O P Q R S T U V W X Y Z
CUARDACH DROIM AR AIS IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
ag buirbeáil le holc, He was seething with anger, bhí fiuchadh feirge air.
ABAIRTÍ IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He doesn't know A from B, níl spréach aige.
A woman is too interested in clothes, bíonn an iomarca spéise ag an mbean i gcúrsaí éadaí.
I know a Doctor Walsh, tá aithne agam ar dhochtúir (áirithe) de Bhreatnach.
To eat two at a time, péire a ithe le chéile, ag an am (céanna).
(Of pers., thg.) It is abhorrent to me, tá gráin agam air.
It is abhorrent to, from, the constitution, níl sé ag cur leis an mbunreacht.
There's something about a horse, that..., tá rud éigin ag baint le capall a...
There are about twenty of them, tá timpeall is scór acu ann.
It is about time, (i) tá sé ag tarraingt ar an am; (ii) Iron: is mithid é.
What were you about to say? céard a bhí tú ag brath a rá?
He knows what he is about, tá fios a ghnó aige.
What are you about? cad é atá ar siúl agat?
Hovering above the town, ag foluain os cionn an bhaile.
He can trace his descent above four hundred years, tá ginealach a chine aige siar tuilleadh is, breis is, ceithre chéad bliain.
There is a rumour abroad, tá ráfla ag imeacht, ar siúl; tá an scéala amuigh.
I am all abroad, níl bun ná barr le fáil agam air.
He knows it in the abstract, tá sé aige ó thaobh na teoirice.
He lived in abundance, bhí flúirse agus fairsingeacht aige; bhí saol na bhfuíoll aige.
The two fields abut, tá an dá pháirc ag síneadh le chéile, teorainn ar theorainn le chéile.
I have access to him, tá teacht agam air.
Knowledge accessible to everyone, eolas atá le fáil ag gach aon duine.
He accompanied his words with a cuff, bhí an buille chomh luath leis an bhfocal aige.
Statement in accordance with truth, caint ag cur leis an bhfírinne.
The Gospel according to St. Luke, an Soiscéal mar a léitear ag Lúcás.
He is accustomed to going there, tá sé de nós aige dul ansin.
It makes my heart ache, tá mo chroí dóite aige.
He has achieved the impossible, tá rud déanta aige a measadh a bheith dodhéanta.
When I consider his achievement, nuair a smaoiním ar an éacht atá déanta aige.
I am acquainted with, tá aithne agam ar (dhuine); tá eolas agam ar (áit, bhealach, etc.).
His acquaintance with Latin, an t-eolas atá aige ar an Laidin.
He has a wide circle of acquaintances, tá mórán lucht aitheantais aige.
He was only acting, ní raibh sé ach ag ligean air féin.
It is time for us to act, tá sé in am againn beart a dhéanamh.
He did not know how to act, ní raibh a fhios aige cad ba chóir dó a dhéanamh.
His daughter acts as his secretary, tá a iníon mar rúnaí aige.
Lieutenant acting captain, leifteanant ag gníomhú mar chaptaen.
To come into action, dul ag obair.
He was an active party to it, he took an active part in it, bhí lámh bheo san obair aige.
He actually swore, chuaigh sé go fiú ag mionnú.
F: I don't know from Adam . . ., níl a fhios agam ón spéir anuas, ach oiread le cúl mo chinn....
I didn't know him from Adam, ní raibh a fhios agam ó thalamh an domhain cé bhí agam ann.
Adapted to sth., ag cur le rud, oiriúnach do rud.
Keep on adding to it, bí ag cur ina cheann.
Form of address, an ghairm, an teideal (a bhéarfaí do dhuine ag labhairt leis).
Remuneration adequate to the work performed, luach saothair ag cur leis an obair a rinneadh.
I can find no one adequate to the task, níl aon duine agam a thiocfadh aníos leis an tasc.
They were adequately supplied, bhí riar a gcás acu.
I adhere to what I said, tá mé ag coinneáil, ag seasamh, leis an rud a dúirt mé.
s.To bid s.o. adieu, slán a fhágáil ag duine; scaradh le duine.
Adjacent countries, tíortha sa chrích ag, ar theorainn, a chéile, in aice a chéile.
Maidir leis an suíomh seo | Conas an suíomh seo a úsáid | Aiseolas | Inrochtaineacht | Breiseáin agus giuirléidí | Aip an tsuímh | An Draoi Gramadaí | Nuacht