ABAIRTÍ
IN ENGLISH—IRISH DICTIONARY
He acknowledged himself beaten, d'admhaigh sé go raibh sé buailte.
Golf: To address the ball, beartú chun buailte.
He struck his head against the wall, bhuail sé a chloigeann faoin mballa.
His speech was applauded, tógadh gáir mholta, buaileadh bosa, nuair a labhair sé.
As I live I saw him strike the blow, chomh cinnte agus atá mé beo chonaic mé ag bualadh an bhuille é.
He struck me, and I struck him back, bhuail sé mé, is thugas an t-athbhuille dó.
P: She took bad, was taken bad, bhuail taom í.
They were badly beaten, buaileadh go trom iad.
I banged his head on a stone, bhuail mé a chloigeann faoi chloch.
He barged in, bhuail sé isteach a ladar.
To beat at the door, bualadh ag an doras, an doras a rúscadh.
Nau: To beat to windward, against the wind, bualadh chuige, baint den ghaoth.
The beaten track, an bealach buailte, an cosán dearg.
Birch(-rod), slat f (bhuailte).
That takes the biscuit! bhuail sin amach troid choileach; is measa sin ná an tseamsóg!
He has been badly bitten, buaileadh bob air, imríodh cleas air.
To blunder against, into, s.o., bualadh in éadan duine.
The idea broke in on him, bhuail an smaoineamh é, tháinig an smaoineamh ina cheann.
To be brought up short by sth., bualadh in aghaidh ruda,
I bumped into, against, the wall, greadadh, buaileadh, in éadan an bhalla mé.
I must call at the shop, caithfidh mé bualadh isteach chuig, turas a thabhairt ar, an siopa.
To cannon into s.o., bualadh faoi dhuine.
A sound caught my ear, bhuail fuaim mo chluas.
F: To charge into sth., bualadh in aghaidh ruda de ruathar.
To come into collision with, teacht salach ar, bualadh faoi (thraein, etc.).
(Of idea) If it comes into his head to . . ., má bhuaileann an smaoineamh é . . .; má ritheann sé leis . . .
Artil: Concussion fuse, aidhnín m buailte.
Contiguous to s.o., gar do rud, taobh le rud, buailte le rud.
He went crash into the wall, buaileadh faoin mballa de thuairt é.
The car crashed into a tree, buaileadh an carr in aghaidh crainn.
F: To cross s.o.'s path, (i) bualadh le duine; (ii) teacht salach ar dhuine; cosc a chur ar dhuine.
F: We are at the cross-roads, tá uair na cinniúna buailte linn.
The car struck the curb, bhuail an carr faoin gcosán.
That's a cut above me, tá mise buailte aige sin.
Don't you dare touch him! ná buail barr méire air, adeirim!
Keep it dark, buail cos air, coimeád ina rún é.
He dashed his head against it, buaileadh a cheann ina choinne.
He dashed against me, bhuail sé i mo choinne.
He is bent double, tá a cheann is a chosa buailte ar a chéile.
He dropped into the shop on his way back, bhuail sé isteach, sheas sé, sa siopa ar a bhealach ar ais.
To drop upon, across, s.o., bualadh le duine.
To drum s.o. out, duine a bhriseadh as an arm (le bualadh an druma).
Nau: (Of ships) To meet end on, bualadh éadan le héadan.
It is exposed to the wind, tá bualadh na gaoithe air, tá sé rite le gaoth.
It was struck fair(ly) and square(ly) by a shell, bhuail pléascán é cruinn díreach ina cheartlár.
A sound fell (up)on my ear, bhuail fuaim mo chluasa.
To fall across s.o., bualadh le duine trí thaisme.
He fell sick, buaileadh tinn é.
To fall in with s.o., bualadh le duine.
Just as the fancy takes me, díreach mar a bhuaileann an tallann mé.